Turais Fhíorúla ar an gClós Feirme
Tá tionchar imeartha ag srianta na dianghlasála COVID orainn go léir i mbealaí éagsúla. Ceann de na dúshláin atá ag aon duine atá ag pleanáil chun bleánlann nua a thógáil ná gan a bheith in ann dul agus cuairt a thabhairt ar fheirmeacha eile.
Sraith de phictiúir 360 céim a ligeann don t-úsáideoir dul timpeall na feirme agus breathnú uirthi ó bheagnach uillinn ar bith
Is cabhair mhór i gcónaí í dul agus breathnú ar bhleánlanna eile sula gcuireann tú tús le tionscadal nua. Is cleachtas fiúntach é breathnú thart ar bhleánlanna eile agus labhairt le feirmeoirí faoi cad a oibríonn go maith agus is cuid thábhachtach den phróiseas dearaidh í.
Toisc nach féidir leat féin cuairt a thabhairt ar na feirmeacha, tá Teagasc anois ag cur leabharlainne de thurais fheirme le chéile ar a shuíomh gréasáin. Tugann na turais seans duit dul agus breathnú ar bhleánlanna eile ó chompord do bhaile. Ba mhaith le Teagasc buíochas a ghabháil leis na feirmeoirí a thug cead a gcuid feirmeacha a úsáid chun na turais a chur le chéile.
Áirítear sraith de phictiúir 360 céim sna turais fhíorúla a ligeann duit bogadh timpeall na feirme agus breathnú uirthi ó uillinn ar bith. Tá béim leagtha againn ar phríomhghnéithe speisialta atá roghnaithe againn ar gach feirm. Tá físeáin san áireamh leis na turais fhíorúla a mhíníonn go sonrach cuid de na gnéithe m.sh. bealaí srutha bó. Cabhraíonn siad seo tuiscint níos fearr a fháil ar an mbealach a oibríonn an bhleánlann. Áirítear príomhthoisí agus pleananna na bhfoirgneamh i ngach turas ionas go bhfuil sé níos fusa duit an mhéid atá dáilte do gach láthair a fheiceáil agus tuiscint a fháil ar an achar iomlán.
Tabhair cuairt ar https://www.teagasc.ie/rural-economy/farm-management/farm-buildings/virtual-farmyard-tours/
Dúirt Francis Quigley, Speisialtóir Innealra Feirme agus Bliteora de chuid Teagaisc: “Mholfainn d’fheirmeoirí a bhfuil tionscadal nua á phleanáil acu súil a chaitheamh ar gach turas. Má tá bleánlann thrasnánach á tógáil agat, ná amharc ar na turais thrasnánacha amháin; tá smaointe ar leith i ngach bleánlann a bheadh úsáideach in aon bhleánlann nua. Buntáiste mór eile a bhaineann leis an turas fíorúil ná gur féidir leat dul ar ais agus cuairt a thabhairt ar an bhfeirm chomh minic agus is mian leat chun breathnú ar na mionsonraí cosúil leis an dóigh atá an geata crochta nó conas a leagadh draein.”
Dúirt sé; “Tá gach feirm uathúil agus tá a bhealach oibre féin ag gach feirmeoir a oibríonn go maith don fheirmeoir sin, ach is annamh nach bhfaightear smaoineamh nua nó bealach difriúil le dul i ngleic le fadhb agus cuairt á tabhairt agat ar fheirm eile. Táimid muiníneach go bhfaighidh tú roinnt smaointe nua ar féidir leat iad a chur i bhfeidhm i do bhleánlann féin má thógann tú an t-am chun dul tríd na turais fhíorúla.”
Cuirfear níos mó turas leis nuair a bheidh siad críochnaithe