2022 Fómhar measta ag 2.42 milliún tona - Toradh níos airde do go leor barr in Éirinn in 2022
Meastar i dTuarascáil an Fhómhair a d’fhoilsigh Teagasc gurb ionann agus 2.42 milliún tona an táirgeadh gránbhairr in 2022. Is ionann é sin agus méadú 93,200 tona (4%) ón bhfómhar in 2021. Bhí an toradh b’airde riamh in eorna earraigh, i ráib agus i gcoircí earraigh.
Tháinig méadú 4.3% ar limistéar iomlán na mbarrghrán i gcomparáid le 2021. Mar thoradh ar dhálaí maithe aimsire i bhfómhar 2021 tháinig méadú ar achar na ngránbharr geimhridh. Tháinig méadú 8%, 9% agus 8% faoi seach ar an limistéar cruithneachta geimhridh, eorna geimhridh agus coircí geimhridh. Tháinig méadú 45% ar an ráib gheimhridh agus bhí limistéar iomlán na bpónairí, barra geimhridh san áireamh, 11.5% níos airde ná 2021.
Bhí limistéar an eorna earraigh cosúil leis an mbliain roimhe sin. Ba thoisc mhór í an Scéim Dreasachta Curaíochta, a thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara isteach in Earrach 2022, maidir le cothabháil limistéar na heorna earraigh, toisc go mbeifí ag súil le laghdú i ndiaidh an limistéar mór de ghránbharra gheimhridh a cuireadh an fómhar roimhe sin.
Bhí na torthaí i ngach barr gráin os cionn an mheáin cúig bliana. Ba bhliain thar na bearta í maidir le heorna earraigh, ráib gheimhridh agus coircí earraigh agus na torthaí i ngach ceann de na trí bharr ní b’airde ná na taifid roimhe sin. B’ionann an meántoradh cruithneachta geimhridh agus 11.0 tona in aghaidh an heicteáir, arb ionann é sin agus an méid cruithneachta ba mhó riamh roimhe seo a socraíodh in 2015.
Bhí na dálaí aimsire ar fheabhas agus baineadh na barra go léir ag cion taise níos ísle ná an meán.
Mar gheall ar an aimsir mhaith e linn an fhómhair, bhíothas ábalta tuí a shábháil gan aon chostas breise, rud a d'fhág go raibh an toradh agus an cháilíocht os cionn an mheáin. D’éirigh go han-mhaith leis an mBeart Ionchorpraithe Tuí (SIM) le leibhéal an-ard glactha sa scéim.
Bhí aschur airgeadais ard ó ghránbharra in 2022 mar thoradh ar thorthaí a bhí os cionn an mheáin agus ar aimsir mhaith fómhair mar aon le margaí láidre grán agus tuí, ach bhí sé sin cúitithe beagán ag costais mhéadaithe, go háirithe leasacháin.
Dúirt Michael Hennessy, Ceann um Aistriú Eolais Barr ag Teagasc: “Bhí fómhar 2022 ar cheann de na fómhair ab fhearr le déanaí ina raibh meascán de thorthaí maithe agus aimsir mhaith fómhair agus mar thoradh orthu le chéile bhí sé ina shéasúr brabúsach d’fheirmeoirí curaíochta.” Ach thug sé foláireamh “go mbeidh 2023 níos dúshlánaí d’fheirmeoirí curaíochta. Tá méadú feicthe againn ar chostais síolta cheana féin agus tá na comharthaí ann go dtiocfaidh méadú ar chostais leasacháin, táirgí cosanta plandaí agus innealra in 2023.”
Plandálacha an Fhómhair 2022
Meastar go bhfuil laghdú os cionn 30,000 heicteár tagtha ar limistéar na ngránbharr geimhridh mar gheall ar aimsir fhliuch an fómhar seo.
Meastar gur tháinig méadú go 19,000 heicteár ar an limistéar ráibe geimhridh mar gheall ar chríochnú luath an fhómhair, deiseanna cuir go déanach i mí Lúnasa agus margadh láidir do shíolta ola a bheith ann.
Féach Tuarascáil an Fhómhair 2022 anseo https://teagasccropreport.ie/reports/harvest-report-2022