An sprioc atá ag tionscnamh nua €1 milliún ná Plean Ísealcharbóin a fhorbairt do bhitheacnamaíocht na hÉireann
Stiúrfaidh Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) le Teagasc, OÉ Gaillimh agus Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann comhthionscnamh nua a bheidh dírithe ar phlean ísealcharbóin a fhorbairt do bhitheacnamaíocht na hÉireann.
Baill an chláir INFORMBIO ag a gcruinniú ag Teagasc Baile na Fuinseoige. (clé go deis) Carmen Giron Dominguez (OTM), Dr. Jesko Zimmermann (Teagasc), an tOll. Maeve Henchion (Teagasc), Dr. David Styles (OÉ Gaillimh), an Dr. Réamonn Fealy (Teagasc), James Gaffey (OTM). -Gerry Brady (An Phríomh-Oifig Staidrimh) ar iarraidh ón ngrianghraf.
Forbróidh INFORMBIO, atá maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an chéad Anailís Fadcheann do bhitheacnamaíocht na hÉireann, atá dírithe ag tuiscint na mbithachmhainní atá ar fáil agus na slabhraí luacha gur féidir cur le cuspóir neodrach ó thaobh carbóin de na hÉireann 2050. Is é INFORMBIO ceann amháin de 24 tionscnaimh rathúla ó 131 iarratas a fuair maoiniú €20.1 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i 2021.
Dar le Comhordaitheoir an Tionscnaimh James Gaffey, Comhstiúrthóir ar an nGrúpa Taighde Ciorclach Bitheacnamaíochta ag Shannon ABC in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan: “Le hacmhainneacht ollmhór achmainní bitheolaíochta talún agus mara na hÉireann, tháinig an bhitheacnamaíocht chiorclach chun cinn mar cheann de na réimsí deiseanna tábhachtacha chun na hearnálachta príomhúla, agus an eacnamaíocht ar an iomlán, a dhícharbónú ar bhealach iomaíoch ó thaobh costais de. Le comhtháthú múnlaithe bitheacmhainne agus iarmhair, anailís slabhra luacha, measúnú teiceacnamaíochta, measúnú saolré, agus múnlú cáis aeráide, déanann INFORMBIO iarracht, dén chéad uair, amhainneacht na bitheacnamaíochta ciorclaí a mheas agus a mhúnlú chun cur le cuspóirí aeráide agus inbhuanaithe na hÉireann”.
Beidh David Styles, OÉ Gaillimh, i gceannas ar mheasúnú saolré slabhracha luacha tosaíochtaí bhith-bhunaithe a bheidh comh-fhorbartha le sain-pháirtithe leasmhara: “Cuireann an tionscnamh tráthúil seo ardán thar cionn do mheasúnú críochnúil, ildisciplíneach ar réimse slabhracha luacha bithbhunaithe atá cuma maith orthu, ionas go mbeidh siad in ann cá agus conas gur féidir le forbairt bitheacnamaíochta dul i bhfeidhm go héifeachtach ar neodracht aeráide agus spriocanna eacnamaíochta ciorclacha a aithint”.
Chomh maith leis sin, cuirfidh an tionscnamh INFORMBIO Éire ar cheann de na ballstáit AE, le forbairt córais fréamhshamhail monatóireachta náisiúnta, a chuirfidh ar chumas na hÉireann forbairt agus dul chun cinn na bitheacnamaíochta a rianú i gcoinne comharthaí bitheacnamaíochta tábhachtacha.
Beidh Réamonn Fealy, ag obair le comhoibrithe Teagasc Maeve Henchion agus Jesko Zimmermann in AFBSA, i gceannas ar dhearadh cláir monatóireachta fréamhshamhail chun bitheacnamaíocht na hÉireann a thagarmharcáil. Agus é ag labhairt faoin tionscnamh, dúirt Réamonn Fealy: “Is é tiomantas láidir Teagasc ná stiúrthóireacht eolaíochta a chur ar fáil i bhforbairt na bitheacnamaíochta ciorclaí ar agraibhia inbhuanaithe agus cuirtear béim ar seo lena chuimsiú mar ghníomh téamach sainiúil i Ráiteas na Straitéise Teagasc 2021-2024. Chomh maith le feidhmiú anailíse ar bhearnaí tábhachtaigh ar sholáthar sonraí atá ann faoi láthair, lenár dtaithí fhairsing i measúnú achmainne agrai-chomhshaol, cuirfimid uirlisí nua, gréasánbhunaithe, atá tógtha ar fhráma teicneoláiochta geospásúil, i bhfeidhm chun cineál, fairsinge, agus suíomhanna (má tá siad ar fáil), na n-acmhainní atá bainteach le monatóireacht bitheacnamaíochta éifeachtacha a léiriú.”
Dar le Carmen Girón Domínguez, Bainisteoir Tionscnaimh INFORMBIO agus Taighdeoir ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan: “tacóidh an taighde atá forbartha ag INFORMBIO le hullmhúcháin do réadlann bhitheacnamaíochta in Éirinn, ag cur plean ar fáil d'Éire i dtreo cur i bhfeidhm an bhitheacnamaíochta inbhuanaithe, chomh maith leis na huirlisí chun dul chun cinn chuig an gcuspóir a mheas go docht”.
Tá an tionscnamh seo maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, is é an buiséad atá acu ná €996,429.91 agus beidh sé ar siúl ar feadh ceithre bliana, ón 1 Márta 2022 go 28 Feabhra 2026.