Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Bronnadh céime Dioplóma Gairmiúil Teagasc sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta

Bronnadh dioplómaí ar Chéimithe 2021 an chúrsa Dioplóma Gairmiúil Leibhéal 7 de chuid Teagasc/UCD i mBainistíocht Feirme Déiríochta ag searmanas bronnta ag Teagasc sa Chloch Liath le déanaí.

Feictear céimithe an Dioplóma Ghairmiúil sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta anseo sa Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí le Frank Murphy, Bainisteoir Forbartha Curaclaim & Caighdeán; Dr Stan Lalor, Stiúrthóir Aistrithe Eolais i dTeagasc; Comhollamh Karina Pierce, Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath; Dr Emma-Louise Coffey, Comhordaitheoir an Chúrsa; Dr Anne-Marie Butler, Ceann Oideachais Teagac; Tim Ashmore, Príomhoide an Choláiste Talmhaíochta Cill an Dátúnaigh; agus Marcella Phelan, Oifigeach Oideachais Teagasc. Grianghraf le O'Gorman Photography.

Bhronn an Dr. Stan Lalor, Stiúrthóir Aistrithe Eolais ag Teagasc na gradaim leis an Dr. Karina Pierce, Comhollach sa Tháirgeadh Déiríochta ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Thréaslaigh Stan Lalor leis na 17 céimí agus a dteaghlaigh as an éacht suntasach, dioplóma sa bhainistíocht feirme déiríochta a bhaint amach. Chuir an Dr Lalor béim ar an ról tábhachtach a bheidh ag gach céimí i rath earnála déiríochta na hÉireann sa todhchaí, ó na scileanna praiticiúla suntasacha a d'fhoghlaim siad agus an t-eolas teicniúil a fuair siad ar feadh dhá bhliain ar an gclár. Thug sé aitheantas don mhéid a rinne na baill foirne Teagasc a reachtálann an clár, chomh maith leis tiomantas leanúnach na bhfeirmeoirí óstacha a thugann meantóireacht thar a bheith luachmhar do na mic léinn agus roinneann siad a gcuid ama agus an t-eolas feirme atá acu chun tacaíocht a thabhairt d'fhoghlaim na mac léinn.

Rinne Karina Pierce comhghairdeas leis na céimithe ar son COBÁC. Mhol an Dr Pierce na céimithe as an neart a léirigh siad le linn na paindéime Cóivid-19, ag dul i dtaithí le suíomh foghlama ar líne. Mhol sí do na céimithe ar fad leanúint ar aghaidh ag baint leasa as na deiseanna foghlama a thagann chun cinn agus na deiseanna chun iad féin a fhorbairt, ionas go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis na fadhbanna ar fad atá i ndán don earnáil.

Feictear Ross Borton, An Droichead Nua, Co. Chill Dara anseo ag fáil gradaim Mac Léinn na Bliana ó na hurraitheoirí Paul Hennessy, Boird Printíseacha Feirme agus Jerry Twomey, Eagraíocht Banisteoirí Feirme Éireannach agus an Dr Anne-Marie Butler, Ceann Oideachais, Teagasc ag bronnadh Dioplóma Gairmiúil Teagasc sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta in Teagasc An Chloch Liath. Grianghraf le O'Gorman Photography.

Bronnadh an gradam iomlán Mac Léinn na Bliana ón gcúrsa Dioplóma Ghairmiúil sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta ar Ross Borton ón Droichead Nua, Contae Chill Dara. Sular bhain sé an dioplóma Leibhéal 7 amach, rinne Ross Baitsiléir Talmhaíochta ag Institiúid Talmhaíochta Phort Láirge i gcomhar le Coláiste Talmhaíochta Teagasc, Cill an Dátúnaigh. Le linn na mblianta a bhí an Dioplóma Gairmiúil sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta á dhéanamh aige, d'oibrigh sé le Ger agus Margaret Pardy i gContae Uibh Fháilí agus Pat Hennessy i gContae Chill Dara. Fuair Mac Léinn na Bliana aitheantas ó Boird Printíseachta Feirme, Eagraíocht Bainisteoirí Feirme Éireannach agus na Máistir Feirmeoirí.

Sa ghrianghraf seo ag bronnadh an Dioplóma Ghairmiúil sa Bhainistíocht Feirme Déiríochta sa Chloch Liath, feictear an Dr Stan Lalor, Stiúrthóir Aistruthe Eolais, Teagasc; Mac Léinn Féarthalún na Bliana, Máire Keohane, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí; agus Comhollamh Karina Pierce, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Grianghraf le O'Gorman Photography

Bronnadh gradam do Mhac Léinn Féarthalún na Bliana ar Mháire Keohane ó Chloich na Coillte, Co. Chorcaí. Bhí an gradam seo bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach a rinne Máire sa dara Bliain agus í ag obair le John Macnamara, Contae Luimnigh. Aithníonn an Grúpa Plé Blackwater an gradam do Mhac Léinn Féarthalún na Bliana.