Ceapachán Nua ar Údarás Teagasc
Cheap an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD Donald Scully d'Údarás Teagasc le haghaidh téarma cúig bliana. Tá Donald Scully ina bhall de choiste feidhmiúcháin ICMSA agus is feirmeoir déiríochta é ó Theach Chnoc na Silíní, Baile Uí Aoláin, Port Laoise, Co. Laoise.
Ag cruinniú boird Teagasc inniu, Dé Céadaoin, 2 Feabhra, chuir Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy fáilte roimh Donald Scully chuig an Údarás agus thréaslaigh sé leis as an gceapachán. Dúirt sé: “Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair go dlúth le Donald ar údarás Teagaisc. Tugann sé leis taithí agus saineolas iontach ar fheirmeoireacht agus cúrsaí talmhaíochta chuig an údarás, ar bhonn pearsanta agus trí líonra an ICMSA.”
D'fhreastail Donald Scully ar Choláiste Talmhaíochta Charn Tobair. Bhí an fheirm theaghlaigh ag an teaghlach Scully thar trí ghlúnta agus ghlac Donald ceannas ar fhorbairt na feirme nuair a d’éirigh a athair as an obair i 1994. Tá tréad bó Freaslannach ardghinealaigh EBI a bhreitheann lao san earrach aige ar an bhfeirm sa bhaile agus ar thalamh atá ar cíos aige.
D'éirigh Tommy Cooke as a phost le hÚdarás Teagasc tar éis dhá théarma cúig bliana. Ghabh Cathaoirleach Teagasc, Liam Herlihy a bhuíochas le Tommy as an méid a rinne sé i gcruinnithe an Údaráis thar na deich mbliana. Dúirt sé: “Rinne Tommy éacht ollmhór le Teagasc leis an obair a rinne sé ar Údarás na heagraíochta. Ba mhaith liom mó bhuíochas a ghabháil leis as a bheith tiomanta le Teagasc le roinnt mhaith blianta.”