Ceapadh Bainisteoir Nua ar Chlár ConnectEd Teagasc
Ceapadh Sheila Quinn mar bhainisteoir nua an chláir ConnectEd Teagasc. Beidh sí i gceannas ar fhorbairt agus soláthar an Chláir a chuireann traenáil agus cláir aistrithe eolais ar fáil don tionscal agraibhia i gcoitinne.
Dearadh Teagasc ConnectEd chun rochtain struchtúrtha ar thaighde Teagasc, oideachas, acmhainní eolais agus uirlisí ar líne a chur ar fáil do ghnóthaí agus do dhaoine gairmiúla a oibríonn i dtionscal an agraibhia. Is clár núísach é a chuireann traenáil, imeachtaí agus uirlisí ar líne don tionscal agraibhia i gcoitinne. Mar bhainisteoir, beidh freagracht ag Sheila Quinn as comhdhearadh cláir traenála Teagasc agus imeachtaí líonrú.
Treoróidh sí forbairt na gclár ríomhfhoghlama laistigh de Roinn Aistrithe Eolais For-rochtana agus Nuálaíochta Teagasc. Chomh maith leis sin, beidh rannpháirtíocht shuntasach na bpáirtithe leasmhara ann thar an éiceachóras agraibhia.
Tá níos mó ná 20 bliain taithí ag Sheila Quinn ag bainistiú soláthar na gclár traenála náisiúnta. Roimhe seo, d'oibrigh sí san fhorbairt tuaithe agus bhí sí í gceannas ar chlár traenála foirne Teagasc.
Ag fógairt an cheapacháin, dúirt Mark Gibson, Ceann na Roinne For-rochtana agus Nuálaíochta Teagasc KT; “Is ceapachán tábhachtach é seo do Theagasc agus muid ag leanúint le fás agus forbairt ár seirbhísí oideachais agus ar líne don earnáil talmhaíochta i gcoitinne. Tugann Sheila taithí fhairsing léi agus í ag tosú an róil seo, mar stiúir sí an clár traénála-foirne Teagasc agus thug sí cláir forbartha tuaithe roimhe seo”.
Luaigh Stiúrthóir Aistrithe Eolais Teagasc, Stan Lalor, an tábhacht a bhaineann leis an ardán ConnectEd Teagasc i bhforbairt leanúnach na seirbhísí traenála agus tacíochta a chuireann Teagasc ar fáil do dhaoine gairmiúla talmhaíochta agus páirtithe leasmhara eile. Is ardán ríthábhachtach é ina chuireann Teagasc an Clár Eolais Talmhaíochta agus Nuálaíochta (AKIS) ar fáil in Éirinn. Anuas air sin, chuir sé béim ar agus fáilte roimh an taithí agus na scileanna a dtabharfaidh Sheila léi ina ról nua.
Ag labhairt tar éis a ceapacháin, dúirt Sheila Quinn; “Tá lúchair orm an deis sin a bheith agam agus táim ag tnúth le caidrimh a fhorbairt agus réitigh a chur ar fáil dár ngeallsealbhóirí agraibhia”.
Chun níos mó eolais a fháil faoin gclár ConnectEd Teagasc, téigh go dtí: https://www.teagasc.ie/about/our-organisation/connected/