Ceardlann Síolraithe Fuinseoige ag Teagasc
Bhí lúchair ar Theagasc, i gcomhar le Skogforsk, an tSualainn, ceardlann dhá lá a óstáil le déanaí ar mhodhanna síolraithe fuinseoige d'athbhunú sa todhchaí ag Ionad Taigdhe Bhaile na Fuinseoige ón 13ú – 14ú Meitheamh, 2022. Díríodh ar shíolrú fuinseoige atá fulangach don ghalair críonadh siar.
Grianghraf den ghrúpa ar fad i mbanc géine na fuinseoige ag Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath
D'fhreastai idir ionadaithe acadúlachta agus tionscail ó seacht tír Eorpach air agus ghlac siad páirt sa cheardlann thábhachtach. Dhírigh sé ar tháirgeadh gearrthóga fuinseoige chun éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí póraithe a mhéadú. Samhlaítear go gcabhróidh an obair seo le caomhnú réimse iomlán na seirbhísí éiceachórais a chuireann an príomhspeiceas seo ar fáil. Bhí taispeántais praiticiúla ann mar chuid den cheardlann ina raibh modhanna éagsúla beangaithe, bachlóige agus gearrthacha crann bhoga do shíolrú na fuinseoige atá fulangach don ghalair críonadh siar, agus bhí an-tóir orthu. Cuireadh dhá chuairt san áireamh go dtí dhá bhanc géine fuinseoige a bunaíodh ag Ionad Taighde Pháirc na Fuinseoige Teagasc i gCeatharlach, agus Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath i dturas taobh amuigh.
Oliver Sheridan, taighdeoir foraoiseachta Teagasc, ag léiriú teicníochtaí beadaithe agus óga don lucht freastail le linn na ceardlainne ag Ionad Taighde Teagasc i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath
Roinn cainteoirí ag an gceardlann léargais ar idir an acmhainneacht agus na dúshláin a bhaineann le galar cíonadh siar fuinseoige in Éirinn agus san Eoraip. Le linn na himeachta, bhí an plé dírithe ar bhagairtí a bheidh ag teacht sa todhchaí mar gheall ar an athrú aeráide gur féidir leo a úsáid mar chuid an taighde leanúnaigh, fad is atá siad ag pórú le haghaidh fulaingt galair chun a bheith cinnte go bhfuil "ár gcrainn réidh don todhchaí."
Ag labhairt ag oscailt na ceardlainne, dúirt John Spink, Ceann an Chláir Barr, Comhshaoil agus Úsáid Talún Teagasc: “Tá lúchair ar Teagasc a bheith i gceannas ar thaighde a feabhsóidh lámháltas géiniteach fuinseoige go críonadh siar i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Coillte, ollscoileanna na hÉireann agus comhpháirtithe Eorpacha eile. Is é an cuspóir atá i gceist againn leis an gceardlann seo ná ár gcuid eolais a fhorbairt, na comhfhiontair atá ann a threisiú, líonraí nua a chruthú agus ár gcumas taighde a leathnú
Dúirt Mateusz Liziniewicz, taighdeoir fhoraoise ó Skogforsk, an tSualainn: “Baineann scóip na ceardlainne leis an réimse fócais Taighde Foraoise Nordach a thugann caomhnú agus úsáid mhéadaithe na seirbhísí éiceachórais. Cabhróidh na teicnící póraithe nua a léiríodh ag an gceardlann le caomhnú fuinseoige mar chuid thábhachtach na foraoise Nordach agus mar sin, ag caomhnú bhithéagsúlacht chriticiúil le nascanna arda nó éigeanta le fuinseog.”
Dúirt Dheeraj Rathore, Taighdeoir um Feabhsú Crainn Teagasc: “Mar gheall ar an traenáil phraiticiúil agus na léirithe a tugadh ag an gceardlann seo, beidh sé ar chumas na daoine a d'fhreastail uirthi géinitíopaí fuinseoige fulangacha a phórú go rathúil chun iad a chuimsiú i gcnuasaigh don tsaotharlann agus measúnuithe páirce. Tá sé ríthábhachtach go leanaimid ar aghaidh ag roinnt ár gcuid eolais taighde, ár dtaithí agus ár n-iarratais lena chéile chun an taighde ar phorú fuinseoige d'fhulaingt galar a bhrostú agus tabhairt faoi bhagairtí eile sa todhchaí
Tá taighde ar siúl faoi láthair ag ionaid taighde Teagasc Páirc na Darach agus Baile na Fuinseoige ar bhunú trialacha allamuigh, síolghort laistigh agus tástáil sleachta d'fhulaingt galar críonadh siar. Bhí an cheardlann seo maoinithe ag SNS Taighde Foraoise Nordach i gcomhar le Teagasc.