Cheap Teagasc Ceann nua ar an gClár Ainmhithe agus Féarthalún
Cheap Teagasc an Dr Laurence Shalloo mar Cheann an Chláir Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe agus Féarthalún. Cheadaigh Údarás Teagasc an ceapachán ag an gcruinniú inniu, Dé Céadaoin 2 Márta 2022.
Is é an clár Taighde agus Nuálaíochta Ainmhithe agus Féarthalún ceann amháin de cheithre chlár taighde i dTeagasc, agus clúdaíonn sé déiríocht, mairteoil, caora agus muca na heagraíochta, bitheolaíocht ainmhithe agus taighde féarthalún in aon chlár amháin. Déantar an obair taighde seo i roinnt suíomhanna, Baile Átha an Rí, An Ghráinseach agus An Chloch Liath san áireamh, chomh maith le pórú féir i bPáirc Daraigh. Tá ról ag na speisialtóirí aistrithe eolais Teagasc sna réimsí fiontair faoi seach sa chlár freisin, ag cinntiú gluaiseachta saoráidí an aschuir taighde don tseirbhís chomhairleach agus amach chun na feirmeora.
Thréaslaigh Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O Mara le Laurence ar a cheapachán. Dúirt sé; “Tá eolaíocht Teagasc ag cabhrú le feirmeoirí agus tioncal an agraibhia position é féin dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu, fad is a dtéann an tionscal in oiriúint do chúrsaí nua. Tá Laurence breá ábalta an clár tábhachtach Teagasc seo a threorú mar gheall ar an taithí atá aige agus a chuntas teiste i gcórais feirmeoireacht atá bunaithe ar ainmhithe, chomh maith leis an obair a dhéanann sé ar mhaolú an athraithe aeráide agus a ról mar Leas Stiúrthóir VistaMilk. Bhí ról lárnach ag Laurence i bhforbairt an chórais A+B-C faoi íocaíocht bainne go hÉirinn, agus tá cáil air mar gheall ar a chuid oibre i bhforbairt an EBI, Pasture Profit Index, PastureBase Ireland, agus an córas náisiúnta iniúchóireachta carbóin a bhaintear leas as ar fheirmeacha déiríochta na hÉireann.
Bhain an Dr Laurence Shalloo céim chéadonóracha san Eolaíocht Talmhaíochta amach ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath i 1999, agus i 2004, bhain sé PhD amach ar fhorbairt agus úsáid an Mhúnla Córais Déiríochta na Cloiche Liatha chun anailís a dhéanamh ar athruithe institiúide agus teicniúla san fheirmeoireacht déiríochta. Chuaigh sé isteach san fhoireann taighde sa Chloch Liath i 2004, agus is Oifigeach Taighde Ardphríomhoide é faoi láthair. Chomh maith leis sin, is Leas-stiúrthóir é Laurence ar an Ionad Taighde VistaMilk atá maoinithe ag SFI/DAFM agus is Ollamh Taca é ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Beidh Laurence Shalloo freagrach don Ollamh Pat Dillon, Stiúrthóir Taighde i dTeagasc, cuirfidh sé ceannasaíocht, bainistíocht straitéiseacha agus stiúrthóireacht ar fáil d'ardáin taighde na heagraíochta chun tacaíocht a thabhairt do chórais táirgthe ainmhithe Éireannacha. Is iad na heochairthosaíochtaí le haghaidh na cúig bliana atá romhainn ná inbhuanaitheacht na gcóras táirgthe beostoic Éireannacha a mhéadú. Tá dúshláin ann maidir le laghdú na astaíochtaí gás ceaptha teasa, cur chun cinn an chaighdeáin uisce, feabhsú an bhithéagsúlachta ar fheirmeacha agus ag an am céanna, feabhsú na gcaighdeán maireachtála d'feirmeoirí atá ag cleachtadh a ngairme. Is é an bhealach níos fearr chun dul i ngleic leis na dúshláin seo ná le barrfheabhsú buntáiste na hÉireann i dtáirgeadh ainmhithe sna córais atá bunaithe ar fhéar.