Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Cuireadh tús le Seachtain Inbhuanaitheachta Chlár Cuaillí Eolais Teagasc

Cuirfear tús le Seachtain Inbhuanaitheachta Chlár Cuaillí Eolais Teagasc inniu, Dé hAoine an 14 Deireadh Fómhair le craoladh seimineáir gréasáin ina leagtar amach na chéad chéimeanna atá le déanamh ag feirmeoirí chun astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ar fheirmeacha na hÉireann a laghdú. Tá feirmeoirí á spreagadh chun an tsraith reatha de theicneolaíochtaí cruthaithe atá ar fáil d’fheirmeoirí lena laghdófar astaíochtaí ar leibhéal na feirme a chur chun feidhme.

Ag labhairt dó ag an imeacht, míníonn Speisialtóir Oiliúna agus Forbartha Chlár Cuaillí Eolas Teagasc, Seamus Kearney gurb é an chéad chéim chun astaíochtaí a laghdú go ndéanfar an spleáchas ar nítrigin cheimiceach (N) a laghdú.  “Laghdaigh an méid ceimiceán N atá á úsáid ar an bhfeirm. Ba cheart aon cheimiceán N atá á úsáid a bheith ina úiré chosanta mar go bhfuil astaíochtaí níos ísle inti. Má chuirtear úiré chosanta in ionad CAN agus úiré dhíreach, beidh tionchar dearfach láithreach aige maidir le hastaíocht a laghdú.”

Labhair feirmeoir déiríochta sa chlár Cuaillí Eolais, Edwin Thompson, faoina thaithí ar astaíochtaí ó nítrigin cheimiceach a laghdú, ar a fheirm in aice leis an nGabhailín i gContae Thiobraid Árann.  Stop Edwin Thompson, atá ina rannpháirtí i gcomhchlár comharchumann Teagasc/Thiobraid Árann, ag úsáid CAN agus leasacháin úiré dírí agus ní úsáideann sé ach úiré chosanta ar a fheirm anois. Tá a eispéiris maidir le húiré chosanta a úsáid an-dearfach.  Téann sé chun tairbhe Edwin ar dhá dhóigh, tá sé maith don chomhshaol agus go maith dá phóca. Tá úiré chosanta 25 faoin gcéad ar a laghad níos saoire in aghaidh an kg nítrigine ná CAN. D’athraigh Edwin freisin go trealamh leata sciodair íseal-astaíochtaí (LESS) a úsáid, agus déantar anailís ar a sciodar i gcomhair ábhar N, P agus K agus cuireann sé sciodar san Earrach nuair is féidir leis an úsáid is fearr a bhaint as an nítrigin sa sciodar. Tá seamra bána ag Edwin ar thart ar 30% dá ardán féaraigh. Ní chuireann sé nítrigin leasacháin cheimicigh i bhfeidhm ar an limistéar sin ó mhí na Bealtaine ar aghaidh, ag baint leas as an nítrigin a fhostaítear leis na seamra. Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt Edwin gur laghdaigh sé a úsáid leasacháin cheimicigh N ó 180 go 110 kg Nítrigin in aghaidh an heicteáir ó 2021 go 2022, agus go bhfuil an meántáirgeadh bliantúil féir mar an gcéanna fós.  Dúirt sé; “Is coigilteas suntasach é sin gan cur isteach ar tháirgeadh.” 

Dúirt Deirdre Hennessy, Oifigeach Sinsearach Taighde ag Teagasc sa Chloch Liath; “Ní mór dúinn anois leasachán ceimiceach N a laghdú ar leibhéal na feirme. Tá sé tábhachtach d’fheirmeoirí straitéisí bainistíochta a chur chun feidhme lena chinntiú nach gcuirfear isteach ar tháirgeadh lusra a chinntiú go mbeidh dóthain soláthair féir acu lena mbeostoc a chothú. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na bunghnéithe a ceart, amhail tástáil ithreach agus an chomhairle a leanúint i dtéarmaí cur aoil, P agus K chun tacú le fás féir. Trí chumhdach feirme a thomhas agus trí úsáid a bhaint as eolas amhail na réamh-mheastachán ar fhás féir ón tSamhail Fáis Féir MoSt, beidh feirmeoirí ábalta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid leasacháin bunaithe ar sholáthar féir agus ar éileamh an tréada.  Is féidir le nítrigin a fhostaítear le seamra bána inár mbáinseacha féaraigh a chur in ionad tuairim is 100 kg de leasachán ceimiceach N in aghaidh an heicteáir gach bliain.”

 

Bíonn Seachtain Inbhuanaitheachta Chlár Cuaillí Eolais Teagasc ar siúl ón 14 – 21 Deireadh Fómhair agus cuimsítear inti sraith siúlóidí feirme aghaidh ar aghaidh, imeachtaí ar líne, ailt laethúla ar líne agus físeáin chun aird a tharraingt ar na gníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal na feirme chun inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú. Is é téama Sheachtain na hInbhuanaitheachta 2022 ná ‘Feirmeoireacht ar mhaithe le Todhchaí Níos Fearr’. Le linn na seachtaine, beidh roinnt siúlóidí feirme, imeachtaí fíorúla agus podchraoltaí ar siúl mar aon le hailt agus físeáin laethúla, arna bhfoilsiú ar Teagasc go laethúil agus ar Aip Teagasc.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach www.teagasc.ie/sustainabilityweek