Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

D'fhógair McConalogue infheistíocht €3 milliún le haghaidh Coláiste Bhéal Átha hÉis Teagasc

Fógraíodh maoiniú €3 milliún chun lóistín nua a thógáil ag Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis Teagasc i gContae an Chabháin. Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD athbhreithniú ar phleananna don fhorbairt nua nuair a bhuail sé le cathaoirleach Teagasc Liam Herlihy chun tús a chur leis an bhforbairt nua.

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD maoiniú €3 milliún chun lóistín nua a thógáil ag Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis Teagasc i gContae an Chabháin. Sa ghrianghraf seo, ag tús na forbartha nuaí, feictear (clé go deis): An tOllamh Frank O Mara, Stiúrtóir Teagaisc, an Dr Anne-Marie Butler, Ceann Oideachais, Teagasc; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, John Kelly, Príomhoide Choláiste Bhéal Átha hÉis agus cathaoirleach Teagasc Liam Herlihy.

Is é Coláiste Talmhaíochta Béal Átha hÉis ceann amháin de cheithre choláiste. Suite i gCo. an Chabháin, tá dobarcheantar mór ann, ó Bhaile Átha Cliath san Oirthear go Sligeach san Iarthar agus suas go dtí Dún na nGall sa Thuaisceart. Tá lóistín do mhic léinn ar an láthair ríthábhachtach mar gheall ar shuíomh iargúlta an choláiste. Cinntíonn an lóistín ar láthar go mbeidh na mic léinn gar do ghnéithe teoiriciúla agus praiticiúla na foghlama ag an gcoláiste.

Ag labhairt i mBéal Átha hÉis ag an searmanas tionscnaimh, dúirt an tAire McConalogue; “Tá ról lárnach ag oideachas chun athnuachan idir na glúnta san earnáil talmhaíochta a chothú. Caithfimid a bheith cinnte go bhfaigheann na mic léinn is cliste agus is éirimiúla oiliúint iontach chun feabhas a chur ar chúrsaí sa todhchaí. Tá ról ríthábhachtach ag Coláiste Bhéal Átha hÉis le n-oideachas talmhaíochta a chur ar fáil do leath thuaidh na tíre agus táim sásta go bhfuil €3 milliún ar fáil ó mo Roinn chun lóistín nua-aimseartha a thógáil agus timpeallacht foghlama nua-aimsearta a chruthú don chéad ghlúin eile na mac léinn agus na bhfeirmeoirí. Níl ach tús an turais atá againn anois ach déanfaidh an lóistín nua cinnte go mbeidh glúnta na mac léinn in ann oideachais den chéad schoth a fháil a bhuí le Teagasc. Táim ag tnúth go mór le tús an thionscnaimh.”

Tá líon na bhfoghlaimeoirí atá ag freastal ar chúrsaí an choláiste níos mó ná 1,000 gach bliain ó 2015. Tá an t-éileamh ar chúrsaí páirtaimseartha a bhaineann le Clár Forbartha Tuaithe CBT (RDP) agus tabhairt isteach na Scéime’Fheirmeoirí Óga (YFS) tar éis ardú mór a bheith tagtha ar an líon daoine san am seo. Tá na cúrsaí lánaimseartha atá ar fáil ag an gcoláiste seasta le thart ar 400 mac léinn ag freastal gach bliain. Lena chois sin, is é Béal Átha hÉis an t-aon choláiste amháin a chuireann gairmoideachas foraoise ar fáil agus freastalaíonn foghlaimeoirí ó ngach taobh den tír gach bliain. Cuirtear cúrsaí éanlaithe agus táirgeadh muc ar fáil freisin.

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O Mara; “Cruthaíodh plean forbartha 10 mbliana don champas sa bhliain 2013, a stiúir infheistíocht choláiste. Rinneadh obair shuntasach ar champas an choláiste ó 2012 a bhfuil luach €2.9 milliún uirthi le tionscnaimh suntasacha, cosúil le díon an tí, athlonnú na hofige chomhairlí, córas teasa bithmhais timpeall an champais, teach cubhachail déiríochta nua, carrchlós, bothán innealra agus athchóiriú foirgnimh tréighte go seomraí ranga beaga agus seomra léitheoireachta.”

Dúirt John Kelly, Príomhoide ag Coláiste Béal Átha hÉis Teagasc; “Tógadh lóistín an choláiste atá ann anois i lár na 1970í agus tá a sheal tugtha anois. Mar sin, go dtí go bhfuil an foirgneamh nua réidh, beidh lóistín teoranta go 24 dalta, a gheobhaidh seomra i gcuid den seanfhoirgneamh atá fós ann."

Táthar ag iarraidh cead pleanála a fháil don fhoirgneamh nua.