Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

D'fhógair Teagasc agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh comhar nua céime BSc san Eolaíocht Talmhaíochta in Oirthear na hÉireann

Sa bhliain 2021, seoladh branda nua BSc san Eolaíocht Talmhaíochta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh, le béim shuntasach ar Thalmhaíocht Inbhuanaithe; ag tarraingt níos mó ná 500 iarratasóir sa chéad bhliain. Ag forbairt ar thaighde agus nascanna oideachais idir an dá institiúid, ach go háirithe le Campas Uí Mhaoilíosa Teagasc, d'fhógair Teagasc agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh comhar chun an t-éileamh ollmhór le haghaidh céim san Eolaíocht Talmhaíochta a shásamh in Oirthear na hÉireann.

Tabharfaidh Teagasc cuid shuntasach den chlár nua, ag tabhairt isteach a gcuid saineolais in Eolaíocht Ainmhithe, Córais Feirmeoireachta agus Bainistíocht Feirme. Bainfaidh an comhar tairbhe as an teacht atá ag na mic léinn ar shaineolas agus ar na háiseanna suite ag Campas Uí Mhaoilíosa Teagasc díreach taobh amuigh de chathair na Gaillimhe i mBaile Átha an Rí.

Dúirt Stiúrthóir Teagaisc, an tOllamh Frank O’Mara: Ar fud an domhain, tá dúshlán romhainn daonra, a táthar ag tuar go mbeidh sé níos mó ná 9 mbilliún faoi 2050, a chothú. Chun dul i ngleic leis an dúshlán seo, tá saineolas láidir agranamaíoch agus timpeallachta ag teastáil ón roinn agraibhia agus do na gairmaithe talmhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá acu chun táirgí bia sláintiúla agus cothaitheacha a thairiscint, fad is a laghdaítear na tionchair ar an gcomhshaol. Cuireann an chéim seo tuiscint chuimsitheach ar fáil d'eolaíocht talmhaíochta agus inbhuanaitheacht, chun feidhm nósanna bainistíochat talmhaíochta atá bunaithe ar thaighde a chur chun cinn agus a éascú tríd an roinn talmhaíochta, le scileanna láidre anailíseacha agus cumarsáide”.

Dúirt Ceannasaí Taighde faoi Eolaíocht Bhitheadh na nAinmhithe ag Teagasc, an tOllamh David Kenny: “Agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin go léir atá i ndán don roinn beostoic, gheobhaidh na mic léinn blaiseadh den eolas eolaíochta Teagasc agus idirnáisiúnta is déanaí faoi theicneolaíochtaí a chuireann sláinte agus leas ainmhithe chun cinn, a mhéadaíonn luach cothaitheach táirgí bia a thagann ó bheostoc, feabhas a chur ar leas cothaithigh agus éifeachtúlacht oibre agus ar deireadh thiar, inbhuanaitheacht eacnamaíoch, timpeallachta agus sóisialta feirmeoireachta beostoic, roinn atá ríthábhachtach do rath agus creatleach na bpobal tuaithe agus d'iarthar na hÉireann ach go háirithe”.

Chuir Comhstiúrthóir an Chláir an tOllamh Cathal O’Donoghue, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus Iarcheannasaí Chlár Geilleagar agus Forbairt Tuaithe Teagaisc, fáilte leis an gcomhar: “Tugann an comhar idir Teagasc agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh saineolas OÉ Gaillimh in Inbhuanaitheacht Talmhaíochta, sa Bitheacnamaíocht agus i bhForbairt Tuaithe agus le saineolas Teagasc san Eolaíocht Ainmhithe, i mBainistíocht Feirme agus Aistriú Eolais le chéile, chun clár ar leith a chruthú a ullmhaíonn ceannairí agraibhia na todhchaí chun cabhrú leo cur le deiseanna na roinne i ndomhan atá ag éirí níos casta."

Tá áthas ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ceapachán a fhógairt don Chomhollamh David Styles chun na hOllscoile agus foireann an chláir céime, ag tabhairt leis ceannasaíocht sa roinn Talmhaíochta Inbhuanaithe, ach go háirithe maidir le cuntasaíocht carbóin agus nuálaíochtaí bitheacnamaíochta agus ag déanamh maoirseachta ar fhorbairt na scileanna, na n-uirlisí agus na smaointeoireachta criticiúla atá riachtanach do chéimithe na céime iontach seo chun an t-athrú dúshlánach chun feirmeoireachta neodracha ó thaobh aeráide de a stiúradh.

Luaigh an tOllamh Charlie Spillane, Comhstiúrthóir an Chláir agus Stiúrthóir Institiúid Uí Riain ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh; “Tá an clár nua céime seo an-ábhartha maidir le Stráitéis nua na hOllscoile i dtaca le cúrsaí inbhuanaitheachta. San oideachas fochéime, is cuid thábhachtach den chomhaontas taighde agus oideachais idir OÉ Gaillimh agus Teagasc ar Thalmhaíocht neodrach ó thaobh carbóin de é, a bunaíodh idir na hinstitiúidí i 2016 agus cuirfidh sé le téama na Talmhaíochta agus na Bitheacnamaíochta taobh istigh misean inbhuanaithe Institiúid Uí Riain ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh.”

Agus an CAO ag druidim linn go luath, moltar do mhúinteoirí, do mhic léinn agus do theaghlaigh feirme an chéim nuálach agus thráthúil seo a sheiceáil ar shuíomh gréasáin OÉ Gaillimh.

GY322 BSc Eolaíocht Talmhaíochta: https://www.nuigalway.ie/courses/undergraduate-courses/agricultural-science.html#course_outline