Dioplóma Gairmiúil Teagasc i mBainistíocht Feirme Déiríochta
Bronnadh a chuid dioplómaí ar Chéimithe 2022 de Dhioplóma Gairmiúil Leibhéal 7 Teagasc/Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa chúrsa um Bainistíocht Feirme Déiríochta ag searmanas bronnta ag Teagasc sa Chloch Liath, inné, Dé Luain an 12 Nollaig.
Ba iad an Dr Anne-Marie Butler, Ceann an Oideachais ag Teagasc agus an tOllamh Karina Pierce, Táirgeadh Déiríochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) a bhronn na gradaim.
Rinne an Dr Anne Marie Butler comhghairdeas leis na 17 gcéimí agus a dteaghlaigh as an éacht iontach céim a bhaint amach le dioplóma bainistíochta feirme déiríochta. Mhol an Dr Butler na céimithe as an eolas agus scileanna a d’fhorbairt sia le dhá bhliain anuas agus ghuigh sé gach rath orthu ina gcuid iarrachtaí sa tionscal déiríochta amach anseo. Ghabh an Dr Butler buíochas freisin leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar an comhlacht dámhachtana don Dioplóma Gairmiúil Déiríochta, agus leag sé béim ar an dlúthchaidreamh leanúnach oibre idir Teagasc agus COBÁC i réimsí an oideachais, an aistrithe eolais agus an taighde.
Rinne an tOllamh Karina Pierce comhghairdeas leis na céimithe thar ceann COBÁC. Mhol an tOllamh Pierce na céimithe as a dteacht aniar agus as a n-inoiriúnaitheacht le blianta beaga anuas agus spreag sé gach céimí leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt a gcuid eolais agus scileanna uathúla, mar ghairmithe sa tionscal déiríochta. Thug an tOllamh Pierce aitheantas freisin do thiomantas na bhfeirmeoirí ósta a reáchtálann gnólachtaí feirme rathúla, in éineacht le meantóireacht fhíorluachmhar a sholáthar do mhic léinn agus a roinneann a gcuid ama agus a gcuid faisnéise feirme go fial le mic léinn.
Ba é Kieran Banville ó Mhuileann Fúca, Co. Loch Garman, a fuair Mac Léinn na Bliana ó chúrsa an Dioplóma Ghairmiúil i mBainistíocht Feirme Déiríochta. Le linn an dá bhliain a chríochnaigh cúrsa an Dioplóma Ghairmiúil i mBainistíocht Feirme Déiríochta, d’oibrigh sé le Jim Curran i bPort Láirge, agus le Bryan agus Gail Daniels i gCill Chainnigh. Tá gradam Mac Léinn na Bliana aitheanta ag an mBord Printíseachta Feirme, Cumann Bhainisteoirí Feirme na hÉireann agus na Feirmeoirí Máistir.
Is é Kevin Greaney as Ráthún, Co. na Gaillimhe a fuair gradam Mhac Léinn Féaraigh na Bliana. Bhí an dámhachtain sin bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach a chríochnaigh Kevin sa 2ú bliain, i gcás inar oibrigh sé le Seamus Quigley, i nGaillimh. Aithníonn Grúpa Plé na Dubhabhann gradam Mhac Léinn féaraigh na Bliana.