Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Feirmeoireacht le haghaidh Todhchaí Níos Fearr - Teicneolaíochtaí don Lá atá Inniu Ann agus don Todhchaí

Tá Lá Oscailte mór de chuid Teagasc beartaithe don Mháirt 30 Lúnasa ag Ionad Taighde Comhshaoil Theagasc, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ag an Lá Oscailte sin taispeánfar na teicneolaíochtaí agus na cleachtais is féidir a ghlacadh ar fheirmeacha chun cuidiú le táirgiúlacht agus brabúsacht feirme a choinneáil ar bun, agus inbhuanaitheacht comhshaoil ar an iomlán a mhéadú.

Le linn an Lae Oscailte déanfar bainistíocht phraiticiúil ar an tréad bainne leachtaigh agus ar an tréad lao go mairteoil san Ionad Taighde a achoimriú agus a chur ar taispeáint.

Cuirfear na daoine a bheidh i láthair ar an eolas faoi na cleachtais agus na huirlisí is déanaí a ndearnadh taighde agus tástáil orthu chun cuidiú le feirmeoirí feabhas a chur ar a ngnó feirmeoireachta agus chun tacú leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá os comhair na hearnála. Le linn an Lae Oscailte déanfar bainistíocht phraiticiúil ar an tréad bainne leachtaigh agus ar an tréad lao go mairteoil san Ionad Taighde a achoimriú agus a chur ar taispeáint.

Ag sonraí an Lae Oscailte á bhfógairt aige, dúirt an Dr Karl Richards, Ceann na Roinne Comhshaoil, Ithreacha agus Úsáide Talún ag Teagasc; “Tá dúshláin roimh an bhfeirmeoireacht maidir lena hinbhuanaitheacht a choinneáil ar bun agus a fheabhsú i gcomhthéacs astaíochtaí a laghdú, feabhas a chur ar an gcáilíocht uisce, sláinte na hithreach a choinneáil ar bun agus feabhas a chur ar bhithéagsúlacht. Tabharfar aird ar thaighde reatha Theagasc chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ag an lá oscailte mór sin.”

Dúirt an Dr David Wall, Ceannaire Fiontair ag Teagasc i gCaisleán Bhaile Sheáin; “Tá sraith iontach teicneolaíochtaí atá réidh agus ar fáil lena cur chun feidhme inniu ag feirmeoirí, agus tá taighde á dhéanamh ar na teicneolaíochtaí don todhchaí. Mholfainn do gach feirmeoir freastal ar an lá oscailte atá le teacht le féachaint cad iad na beart is féidir leo a dhéanamh anois chun feabhas a chur ar a ngnóthaí agus eolas a chur orthu féin faoi na teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn don todhchaí.”

I measc na dtaispeántas ag an Lá Oscailte beidh;

Seamair Fhéir agus báinseacha Ilspeicis

Beidh eolas nua ar fáil maidir le bainistiú rathúil ar sheamair fhéir agus ar bháinseacha ilspeicis faoi chórais déiríochta breitheanna agus déiríochta lao go mairteoil don gheimhreadh agus don earrach.

Teicneolaíochtaí Leasacháin agus Sciodair

Faigh an t-eolas is déanaí faoi theicneolaíochtaí leasacháin agus sciodair chun éifeachtúlacht cothaitheach agus fás féir a mhéadú, astaíochtaí gásacha a laghdú, ceapadh carbóin agus sláinte na hithreach a threisiú.

Bithéagsúlacht agus Cáilíocht Uisce

Taispeánfar cleachtais chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht ar an bhfeirm, lena n-áirítear bainistíocht fálta sceach. Faigh amach cad atá á dhéanamh ag do chuid fálta don athrú aeráide trí charbón a stóráil.  Taispeánfar céimeanna praiticiúla chun caillteanais cothaitheach luachmhar ón ithir a laghdú agus beidh comhairleoirí ón gClár Tacaíochta agus Comhairleach um Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP) ar fáil chun plé a dhéanamh ar mhodhanna praiticiúla chun an cháilíocht uisce ar d’fheirm a chosaint.

Córais déiríochta agus mairteola déiríochta

Pléifear cothú bó déiríochta le haghaidh táirgeadh bainne geimhridh, chomh maith le ceachtanna a foghlaimíodh ó na cláir Green Acres agus DairyBeef500. Taispeánfar tagarmharcanna chun éifeachtúlacht agus feidhmíocht eacnamaíoch agus comhshaoil na gcóras táirgthe déiríochta agus mairteola déiríochta a thomhas.

An Clár Cuaillí Eolais

Foghlaim faoin gclár Cuaillí Eolais, feachtas ilbhliantúil chun gníomhaíocht aeráide ag feirmeoirí uile na hÉireann a threorú. Tá sé mar aidhm leis an gclár dul chun cinn luath a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gásacha ó thalmhaíocht na hÉireann a laghdú, chomh maith le feabhas a chur ar an gcáilíocht uisce, bithéagsúlacht a choinneáil agus a fheabhsú, costais a laghdú agus fiontair feirmeoireachta níos brabúsaí agus níos inbhuanaithe a chruthú.  Is clár comhoibríoch é faoi stiúir Teagasc agus cuimsítear ann breis agus 100 feirmeoir sa chlár Cuaillí Eolais gach comhpháirtí tionscail ábhartha, agus comhlachtaí stáit. Glac an deis chun comhairle phraiticiúil a fháil ó na comhairleoirí agus ó na feirmeoirí sa chlár Cuaillí Eolais.”

 

Seirbhísí Comhairleacha agus Oideachais Teagasc

Beidh seirbhísí comhairleacha Teagasc ar fáil chun plé a dhéanamh ar conas a d’fhéadfadh an scéim agra-chomhshaoil, an scéim feirmeoireachta orgánaí, nó an scéim foraoiseachta a bheith oiriúnú chun tacú do ghnó feirme. Is féidir leis an gcéad ghlúin eile feirmeoirí a fháil amach freisin cad iad na deiseanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil.

Taispeántas Innealra

Féach ar an innealra ábhartha is déanaí a chuidíonn le feirmeoirí a spleáchas ar leasachán nítrigine saorga a laghdú. Stiúrfaidh Teagasc, i gcomhpháirtíocht le Irish Farmers Journal, taispeántas ar an trealamh leata sciodair íseal-astaíochtaí is déanaí, ar na modhanna agus innealra le haghaidh ró-shíolú seimre isteach sna báinseacha féir atá ann cheana féin agus ar na bearta chun leatóirí leasacháin a chalabrú ionas go gcuirfear úiré atá faoi chosaint táirgí eile go cruinn.

Tabhair cuairt ar Ionad Taighde Comhshaoil Teagasc, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Máirt an 30 Lúnasa chun na Teicneolaíochtaí a chuideoidh leat ‘Feirmeoireacht a Dhéanamh le haghaidh Todhchaí Níos Fearr’ a fheiceáil.

Tuilleadh eolais ag
www.teagasc.ie/futurefarming .