Fógraíonn an tAire Heydon infheistíocht mhór i sábháilteacht feirme
Maoiniú arna sholáthar chun 18 n-ionsamhlóir innealra feirme. D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht Feirme sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., inniu go bhfuil maoiniú á sholáthar do Theagasc chun ionsamhlóirí innealra feirme a sholáthar lena n-úsáid i gcoláistí talmhaíochta.
Agus an fógra faoin infheistíocht á thabhairt aige dúirt an tAire Stáit Heydon: “Tugaimse tús áite do shláinte, sábháilteacht agus folláine ár bhfeirmeoirí, agus is méadú suntasach chun cinn é an infheistíocht seo de os cionn €1.25 milliún in 18 n-ionsamhlóir innealra talmhaíochta ar iarrachtaí mo Roinne agus Teagasc an taifead sábháilteachta maidir le hinnealra agus tarracóirí feirme a fheabhsú. Beidh siad réidh agus in úsáid sna coláistí talmhaíochta ar fad sa bhliain acadúil amach romhainn.”
Tá droch-thaifead sábháilteachta ag baint leis an bhfeirmeoireacht, agus bhain thart ar 42% de na teagmhais mharfacha a tharla san ionad oibre sa tréimhse 2011 – 2020 léi, ach níl ach 6% den daonra oibre fostaithe san earnáil. Baineann níos mó ná leath de na teagmhais mharfacha feirme le tarracóirí, feithiclí feirme agus innealra. Léirítear i sonraí Suirbhé Náisiúnta Feirmeanna de chuid Teagasc go dtarlaíonn thart ar 700 teagmhas feithicle agus innealra feirme gach bliain.
Aithnítear oibriú tiománaithe go hidirnáisiúnta agus in Éirinn mar cheann de na príomhchúiseanna le teagmhais a bhaineann le tarracóirí agus le hinnealra. Mar sin, tá soláthar oiliúna feabhsaithe ar innealra talmhaíochta ina uirlis riachtanach chun feabhas a chur ar thaifead sábháilteachta na hearnála talmhaíochta in Éirinn.
Dúirt an tAire Heydon freisin: “Beidh na hionsamhlóirí sin ina n-acmhainn iontach chun na príomhghnéithe sábháilteachta a bhaineann le hinnealra feirme a oibriú a theagaisc do mhic léinn. Cuirfear ar chumas na mac léinn leis na hionsamhlóirí oiliúint a fháil ar oibriú réime cineálacha innealra. Áirítear orthu sin tarracóirí a mbaineann uirlisí éagsúla leo, amhail burróirí, lomairí agus suaiteoirí, agus freisin buainteoirí foráiste, comhbhuainteoirí agus ionramhálaithe teileascópacha, lena gclúdaíteaer na hoibríochtaí innealra coitianta go léir a dhéantar ar fheirmeacha. Tá muinín agam go n-éireoidh leis an infheistíocht seo sa tsábháilteacht maidir le hinnealra go ceann i bhfad”
Úsáidfear na hionsamhlóirí ag gach coláistí talmhaíochta agus gairneoireachta agus beidh siad ar fáil do mhic léinn a bheidh ag déanamh cúrsaí sna coláistí agus freisin do mhic léinn sna hollscoileanna agus sna hollscoileanna teicneolaíochta a úsáideann saoráidí an choláiste le haghaidh foghlaim phraiticiúil.
Ag fáiltiú á chur aige roimh an bhfógra, dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc: “Tá Teagasc an-sásta ar fad maoiniú a fháil ón an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le haghaidh ionsamhlóirí innealra den scoth chun feabhas ar chur ar chláir oiliúna sa tsláinte agus sa tsábháilteacht. Tagann an fhorbairt sin go mór lenár straitéis chun digitiú a leabú inár gcláir go léir. Admhaímid an spéis ar leith agus ceannaireacht an Aire Heydon sa tionscadal seo”.
Dúirt Ceann Oideachais Theagasc, an Dr Anne-Marie Butler “tá an oiliúint ar Ionsamhlóirí á glacadh níos mó ag níos mó ar bhonn idirnáisiúnta i réimse earnálacha oibre, lena n-áirítear talmhaíocht. Le húsáid ionsamhlóirí éascaítear oiliúint in úsáid innealra ard-riosca i dtimpeallacht shábháilte. Tá fianaise ann freisin go laghdaítear na leibhéil timpistí le hoiliúint ionsamhlóirí le hoibreoirí óga”.