Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Freastalaíonn beagnach 300 duine ar ‘Talking Timber’ – imeacht margaíochta adhmaid bhuaircíneach de chuid Teagasc

Cuireadh spéis as cuimse in ‘Talking Timber 2022’ a reáchtáladh ar an 25 Deireadh Fómhair i Ros Cré, Contae Thiobraid Árann agus a dhírigh ar Tháirgí Adhmaid Inbhuanaithe a Sholáthar.

Agus 25 seastán trádála ann a rinne ionadaíochta ar son earnálacha éagsúla den tionscal foraoiseachta, tugadh deis iontach san imeacht seo a d’eagraigh Teagasc i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le cloisteáil faoi mhargaí adhmaid reatha, lomáin bainte agus táirgí adhmaid a fheiceáil, agus freisin líonrú a dhéanamh le go leor ceannaitheoirí agus conraitheoirí adhmaid.

Dúirt eagraí an imeachta Liam Kelly, Rannóg Forbartha Foraoiseachta Teagasc; “Tá ríméad orm go bhfuil ‘Talking Timber’ ar ais i ndiaidh dhá bhliain mar ‘imeacht pearsanta’. Ag éisteacht leis na seisiúin ghnóthacha líonraithe ar fud an tseomra, léiríodh go bhfuil fíor-ghá le húinéirí foraoisí bualadh le ceannaitheoirí chun muinín a chothú as adhmad a dhíol ó fhoraoisí faoi úinéireacht phríobháideach”.

Le linn an phlé ag an taispeántas táirgí lomáin adhmaid lasmuigh, tharraing Gerry Dolan ó Glennon’s Sawmills agus ionadaí de chuid Forest Industries Ireland (FII) aird ar an ngá atá le barraí a thanú. Dúirt sé; “Beidh crainn agus lomáin níos dírí mar thoradh ar an tanú, rud a chuirfear i bhfad níos mó roghanna úsáide adhmaid ar fáil, go háirithe ag an gcéim thanaithe níos déanaí, nó ag an mbarr deiridh”.

I measc na gcainteoirí ag an gcomhdháil laistigh bhí Michael Somers, Oifigeach Forbartha Foraoiseachta Teagasc a leag béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfeadh úinéirí eolas orthu féin faoina bhforaois agus ar an tábhacht a bhaineann le baint a phleanáil in am. Dúirt sé; “Is treoir shimplí, mhionsonraithe é foilseachán Teagasc le déanaí, is é sin ‘‘Harvesting and Selling Timber from Conifer Forests, a Step-by-Step Guide for Forest Owners’ chun d’acmhainn luachmhar adhmaid a bharrfheabhsú agus tá sé ar fáil lena íoslódáil ar shuíomh gréasáin Teagasc”.

Chuir an Dr Niall Farrelly, Taighdeoir Foraoiseachta Teagasc béim ar an teachtaireacht maidir le tanú tráthúil trína thorthaí taighde a chur i láthair maidir le measúnú a dhéanamh ar straitéisí um thanú lena bhfeabhsófar eacnamaíocht agus cáilíocht adhmaid na bplandálacha bogadhmaid. Léirítear lena thaighde go soláthraítear leis an tanú sruth luachmhar ioncaim, agus déine tanaithe mhéadaithe chuí gur féidir an fad rothlaithe a laghdú chun ábhar indíolta a fháil.

Rinne úinéir áitiúil foraoise, Pat Hennessy cur síos ar a eispéireas maidir lena fhoraois a chur, a thanú, a bhaint agus a athchur, i gcás inar chuir sé i dtábhacht gur féidir le talamh cuir feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus ar bhrabúsacht na feirme.

Agus ionadaíochta á déanamh aige do Forest Industries Ireland (FII), rinne Des O Toole cur síos ar go leor spreagthaí ar cheart go mbeadh an t-aistriú go dtí úsáid níos mó a bhaint as adhmad sa tógáil; laghdú ar gháis cheaptha teasa, an méadú réamh-mheasta ar tháirgeadh snáithíní, an mhian tógáil lasmuigh den láthair agus an gá le dícharbónú méadaithe a bheith mar thoradh orthu. Dúirt sé; “Ní mór dúinn nuálaíocht a spreagadh chun táirgí agus córais tógála adhmaid a bheidh inbhuanaithe ó thaobh carbóin de a fhorbairt trí oiliúint agus oideachas”.

Bhí an t-aiseolas ón imeacht an-dearfach, agus ba mhór ag go leor den lucht freastail an deis bualadh le ceannaitheoirí adhmaid, Teagasc agus foireann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.