Gradaim le haghaidh na bhFeirmeoirí Féarthalún is Fearr
Is é Buaiteoir Iomlán de ghradam Fheirmeoir Féarthalún na Bliana 2021 ná Colin Doherty, Áth Dara, Co. Luimnigh. Sa ghrianghraf seo in Teagasc Páirc an Mhúraigh, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí ag Gradaim Feirmeoir Féathalún na Bliana 2021, feictear an buaiteoir iomlán Colin Doherty, Áth Dara, Co. Luimnigh, a thuismitheoirí Brian agus Ruth; Urraitheoirí: Eamon O'Reilly, AIB, Liam Woulfe,
Agro; Martin Heydon T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Padraig Walshe, Árachais FBD agus Cathaoirleach Choiste Grass 10 Teagasc; Aidan Brennan, Iris Feirmeoirí na hÉireann; Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc agus an tOllamh Frank O'Mara, Stiúrthóir Teagasc,
Gradaim le haghaidh na bhFeirmeoirí Féarthalún is Fearr
Sa chúigiú bliain anois, tugann na gradaim aitheantas agus cúiteamh do na feirmeoirí féarthalún is fearr sa tír atá ag fás agus ag úsáid níos mó féir ar a bhfeirmeacha ar bhealach inbhuanaithe. Tugann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tacaíocht do na gradaim agus tá duaischiste €20,000 ar an iomlán ag baint leo. Fógraíodh na buaiteoirí inniu, Déardaoin, 14th Aibreán, ag an Ionad Ainmhithe agus Féarthalún Taighde agus Nuálaíochta, An Chloch Liath, Co. Chorcaí
Ag labhairt ag an searmanas bronnta, thréaslaigh an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D. na 10 n-iomaitheoir a bhí sa bhabhta ceannais ar a ngaiscí i mbainistíocht féarthalún. Dúirt sé; “Mar iomaitheoirí sa bhabhta ceannais, tá sibh mar chuid de ghrúpa feirmeoirí féarthalún den chéad scoth. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Caroline Walsh go háirithe as Gradam foriomlán Fheirmeoir Féarthalún na Bliana a bhaint. Is féidir leat a bheith iontach bródúil as mar éacht. Is léir go bhfuil na tionscnaimh cosúil le Grass10 agus Feirmeoir Féarthalamh na Bliana chun tosaigh mar chabhraíonn siad le na feirmeoirí gach aon tairbhe a bhaint as an acmhainn nádúrtha atá acu ar a bhfeirm, an féar.”
Cuid d'fheachtas Theagasc Grass10 atá sna gradaim Feirmeoir Féarthalún na Bliana, feachtas a fhaigheann tacaíocht ó Theagasc, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ó AIB, Árachas FBD, Grassland Agro agus Iris Feirmeoirí na hÉireann. Críochnaíodh an 1st bhliain den chlár dhá chéim leis an mbéim leanúnach ar fheabhsú bainistíochta cotaithigh agus éifeachtúlachta ar ionchorprú feirme agus seamra.
Na daoine sa dara háit
Fiontar Déiríochta (sa dara háit) - Peter Brophy, Baile Phóil, Co. Chill Chainnigh
Fiontar Déiríochta (sa dara háit) - Daniel Rundle, Baile Atha Fhirdhia, Co. Lú
Fiontar Déiríochta (sa dara háit) - Jim Conway, An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Fiontar Stoic Thirim (sa dara háit) - Shane Moore, Áth Liag, Co. Ros Comáin
Buaiteoirí sna catagóirí:
Catagóir na bhFeirmeoirí Óga – Philip Tyndall, Inis Córthaigh, Co. Loch Garman
Catagóir na hIthreach Measctha – Sean O’Donnell, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
Catagóir Feirmeoireachta Inbhunaithe/Seamar – Brendan Walsh, An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Nuálaíocht san Fhéarthalún – Brigid Carroll, Guaire, Co. Loch Garman
Buaiteoirí sna Catagóirí Fiontraíochta:
Catagóir Stoic Thirim – Aidan Maguire, An Uaimh, Co. na Mí
Catagóir Déiríochta– Colin Doherty, Áth Dara, Co. Luimnigh
Buaiteoir Foriomlán Fheirmeoir Féarthalún na Bliana, 2021 -
Colin Doherty, Áth Dara, Co. Luimnigh
Ag labhairt ar son moltóirí an chomórtais, dúirt Aidan Brennan Iris Feirmeoirí na hÉireann: "Rud amháin a dhíríomar ar an bhliain seo ná bunú agus bainistíocht na seamróg. Anuas air sin, dhíríomar ar inbhuanaitheacht, go háirithe ar an lorg ar an timpeallacht, ach ar shláinte agus sábhailteacht freisin. Glacadh go mór leis an leathadh sciodair ar astaíochtaí ísle agus leis an úiré chosanta i measc na n-iomaitheoirí. Is é an fhírinne ná gurbh é 13.4 tona d’ábhar tirim in aghaidh an heicteáir an fás féir ar an meán i measc na n-iomaitheoirí, a léiríonn gur féidir leat a bheith an-éifeachtúil agus an-inbhuanaithe ag an am céanna.”
Dúirt Padraig Walshe, feirmeoir déiríochta agus cathaoirleach ar choiste pháirtithe leasmhara Teagasc Grass10: “Tionscadal iontach tábhachtach atá in Grass10 chun an dea-chleachtas is fearr sa bhainistiú féarthalún a chur chun cinn. Baineann sé le haistriú an taighde agus nuálaíochta amuigh go dtí na feirmeacha. Is ceiliúradh ar seo iad na gradaim. Tá sé an-tábhachtach aitheantas a thabhairt do na héachtaí a baineadh amach agus táimid ag tnúth le siúlóidí feirme a bheith againn níos déanaí sa bhliain, ionas go mbeimid in ann na teachtaireachtaí a scaipeadh do níos mó feirmeoirí.”
Ag labhairt ag an searmanas bronnta, dúirt Cathaoirleach Teagasc Liam Herlihy: “Comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhí ina iomaitheoir sa bhabhta ceannais inniu. Is feirmeoirí den scoth sibh ar fad agus tá obair ar dóigh ar bun agaibh. Caithfimid aitheantas a thabhairt ina leith sin inniu. Tugtar aitheantas do bhur bhfócas ar fhás an fhéir, tomhas an fhéir, agus scileanna bainistíochta féir leis na gradaim seo. Maidir leis an gclár Grass10, is é an fócas atá ann i gCéim II, ná ceithre phríomhréimse a cheistiú. Is iad na réimsí sin ná, go sonrach; Eolas ar an bhféarthalamh a scaipeadh i measc an tionscail; Úsáid Pasture base Ireland a mhéadú go leanúnach; Éifeachtúlacht Úsáid Cothaitheach a fheabhsú ar fheirmeacha féarthalún i 2022 agus an bhéim ar Sheamair Bháin agus an úsáid a bhaintear aisti i mbáinsí féarthalún a mhéadú."
Dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagaisc; “Is é féar bunchloch na bhfiontar mairteola, déiríochta agus caorach. Tugann sé buntáiste iomaíoch dúinn ó thaobh eacnamaíochta agus timpeallachta de.”
Ba iad seo a leanas na daoine a bhí ar an bpainéal moltóireachta do chomórtas Feirmeoir Féaraigh na Bliana: John Maher, Teagasc Grass10; Bryan Doocey, AIB; John O’Loughlin, Grassland Agro; Aidan Brennan, Iris Feirmeoirí na hÉireann; Bridget Lynch, Teagasc; Colin Heaney, FBD agus Liz Hyland DAFM.