Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Gradaim Mhac Léinn na Bliana Teagasc/FBD 2021

Is é Dave Moloney ó Chontae Chorcaí Mac Léinn na Bliana Teagasc/FBD 2021. Bhronn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD na gradaim seo i mBaile Átha Cliath inniu, Déardaoin, 21 Aibreán 2022.

Is é Dave Moloney ó Chontae Chorcaí Mac Léinn na Bliana Teagasc/FBD 2021. Feictear Dave ag fáil an ghradaim le Derek Hall, Príomhfheidhmeannach Riosca, Árachais FBD ; an Dr AnneMarie Butler, Ceann Oideachais, Teagasc; Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; Dave Moloney, 2021 Mac Léinn na Bliana Teagasc/FBD agus Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc.

Bhain Dave Moloney Teastas Leibhéal 6 Feidhm Sainiúil san Fheirmeoireacht amach in ionad oideachais Teagasc i Maigh Chromtha. Tá ról lárnach aige sa ghnó agus i reáchtáil na feirme sa bhaile, ina bhfuil córas mairteola ann agus tá sé ag forbairt tithíochta ainmhithe agus gnéithe innealra na feirme faoi láthair. Bronnadh Gradam Stoic Tirim i gCatagóir na Mac Léinn ar Dave Moloney, sular ainmníodh é mar Buaiteoir Iomlán Teagasc/FBD Mac Léinn na Bliana.

Bronnadh Gradam Mac Léinn Déiríochta ar Maria Keane, ó Chontae Uibh Fháilí a bhain teastas Feidhm Sainiúil amach san Fheirmeoireacht ag Coláiste Talmhaíochta sa Ghoirtín. Feictear Maria ag fáil a gradaim le Derek Hall, Príomhfheidhmeannach Riosca, Árachais FBD ; Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus Liam Herlihy,Cathaoirleach Teagasc.

Bhí Dominic White, ó Chontae Luimnigh, ag gabháil do Shainteastas leibhéal 6 i bPórú Eachaí - Bainistíocht Folaíochta Chill an Dátúnaigh, agus fuair sé gradam i gCatagóir na bhFiontar bunaithe ar thalún. Feictear Dominic ag fáil a ghradaim le Derek Hall, Príomhfheidhmeannach Riosca, FBD Insurance; Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc.

Thréaslaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, leis na 18 duine a bhí sa bhabhta ceannais; “Tá sé an-tábhachtach do Thalmhaíocht na hÉireann go bhfuil feirmeoirí óga, dinimiciúla, bíogtha agus an rud is tábhachtaí, feirmeoirí oilte againn ionas go mbeidh sé in ann a bheith ag fás agus a bheith faoi bhláth i gcónaí. Tá an-áthas orm a bheith ag labhairt leat ar maidin don ócáid thar a bheith tábhachtach seo san fhéilire oideachais, bronnadh Ghradaim Mac Léinn na Bliana Teagasc 2021 atá urraithe ag FBD. “Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh libh go léir a bhí sa bhabhta ceannais as bhur n-éacht iontach. Is lá bródúil é dóibh agus dá dteaghlaigh a bheith aitheanta as bhur ngaiscí oideachais. Is tionscal dinimiciúil agus iontach é seo agus is cuid lárnach dár n-eacnamaíocht chothrom é agus treoróidh na feirmeoirí a bronnadh céim orthu inniu muid tríd an gcéad ghlúin eile maidir le forás inbhuanaithe.”

Is iad seo a leanas na daoine eile a bhí sa bhabhta ceannais:

  • Sean Og McCormack, Dún Samhnaí, Co. na Mí
  • Brennus Voarino, Cléire, An Sciobairín, Co. Chorcaí
  • Jack Hickey, Achadh Úr, Co. Chill Chainnigh
  • Cliona Beirne, Carraig na Siúire, Co. Ros Comáin
  • Tommy Dillane, Ardach, Co. Luimnigh
  • Liam Higgins, Cnocán na Biolraí, Co. Chorcaí
  • Donal O'Sullivan, Cill Airne, Co. Chiarraí
  • Ronan McKenna, Baile Átha Troim, Co. na Mí.
  • John Hughes, Sruthair, Co. Mhaigh Eo
  • Rachel Irwin, Calraí, Sligeach
  • Rachelle Kennedy, Durlas, Co. Thiobraid Árann
  • April Fitzpatrick, Dún Luáin, Co. Chill Mhantáin
  • Francis Hewitson, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
  • Peter Kelleher, Cill Choirle, Dún Dealgan, Co. Lú
  • Philip Shortall, Baile Oscail, Áth Tanaí, Co. Laoise

Tá na gradaim, atá urraithe ag FBD, á mbronnadh ar na céimithe is fearr ó chláir oiliúna talmhaíochta Leibhéal 6 Teagasc in 2021.

DúirtTomás O Midheach, Príomhfheidhmeannach Árachais FBD ; "Tá Árachais FBD plc tiomanta do thacaíocht a thabhairt do gach glúin na bhfeirmeoirí Éireannacha agus tá lúchair orainn a bheith mar urraitheoirí na ngradam 2022 Teagasc / FBD Mac Léinn na Bliana. Is ionadaithe iontacha iad do thalmhaíocht Éireannach agus mar sin, is féidir linn a bheith cinnte go gcoinneoidh siadsan todhchaí na Feirmeoireachta Éireannaí sábháilte. Ar son na foirne ar fad ag FBD, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine a bhí sa bhabhta ceannais ar a n-éachtanna agus guím gach rath dóibh ina ngairmeacha beatha san fheirmeoireacht sa todhchaí.”

Dúirt Cathaoirleach Teagasc Liam Herlihy: “I 2021 d'éirigh le níos mó ná 3,500 mac léinn traenáil a chríochnú le Teagasc agus fuair siad teastas QQI ónár gcoláistí agus ár n-ionaid oideachais réigiúnacha. Beidh na 18 mac léinn a bhí aitheanta leis na gradaim seo i gceannas ar thalmhaíocht na hÉireann sa todhchaí. Guím gach rath orthu ina ngairmeacha beatha. Is mian liom buíochas a ghabháil le FBD Insurance chomh maith as an tacaíocht leanúnach urraíochta atá tugtha acu do Ghradaim Mhac Léinn na Bliana ó bunaíodh iad breis agus tríocha bliain ó shin.”

Chun tuilleadh a fháil amach faoin mbuaiteoir agus faoi na daoine eile a bhí sa bhabhta ceannais, féach: https://www.teagasc.ie/education/going-to-college/student-of-the-year/