Lá Oscailte Déiríochta Sheanaigh
Bhí lá oscailte ar siúl ar fheirm déiríochta Sheanaigh, gar do Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí, inniu, Dé hAoine an 2 Meán Fómhair agus leagadh amach na bearta atá déanta ag feirmeoirí chun feirm dhéiríochta bhrabúsach a bheidh aeráidneodrach a bhaint amach. Is é fócas teicniúil fheirm dhéiríochta Sheanaigh an méid féir a fhástar agus a úsáidtear in aghaidh an heicteáir a uasmhéadú agus an cion de réim bia na mbó a thagann ó fhéar féarach a bharrfheabhsú.
Dúirt John J McNamara, an Bainisteoir Comhairleach Réigiúnach Gníomhach i réigiún comhairleach Teagasc in Iarthar Chorcaí; “Is éard a bheidh i gceist leis an bhfócas teicniúil ar an bhfeirm amach anseo ná laghdú a dhéanamh ar chaillteanais charbóin, nítrigine agus amóinia ón bhfeirm agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht saothair agus leas ainmhithe á bharrfheabhsú. Áireofar leo sin straitéisí chun lorg carbóin an bhainne a tháirgtear a laghdú, iomlán na n-astaíochtaí amóinia iomlána ón bhfeirm a laghdú agus éifeachtúlacht nítrigine agus luach bithéagsúlachta na feirme a mhéadú.”
Feirm Saor ó Charbón (FZC)
Tá an clár chun feirm Sheanaigh a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ). Úsáidfear an chuid is mó den mhaoiniú le haghaidh obair thrialach ar tháirgí agus ar mhodhanna lena bhféadfaí iomlán na n-astaíochtaí ó fheirm déiríochta a laghdú. Tá na teicneolaíochtaí a sainaithníodh i gCuar Imeallchostais Lacaithe Teagasc (MACC) lena laghdaítear an lorg carbóin á gcur chun feidhme ar an bhfeirm.
Seamra a thabhairt isteach i bhféarach
Próiseas is ea é sin atá fós ar siúl i Seanach Tá 5 chileagram in aghaidh an heicteáir de shíol seimre á chur i ngach banrach atá á hathshíolú. Cuirfear déanfar gach banrach eile a bharrshíolú le seamra ag ráta comhchosúil. Is féidir le seamair suas le 150kg de nítrigin a chur leis in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana trí na nóidíní ar fhréamhacha na seimre. Déanfaidh Seanach laghdú 150kg nítrigine in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar a leasachán saorga iomlán.
Ba níos éifeachtaí a phórú
Tá roghnú ba déiríochta níos éifeachtaí ríthábhachtach chomh maith. Ó thaobh pórú ainmhithe de, tá dhá phríomhsprioc feabhsúcháin ann: ar an gcéad dul síos, saolré gach ainmhí a mhéadú agus an gá le hathsholáthar bó ionaid; agus ar an dara dul síos, feidhmíocht ainmhithe aonair a mhéadú tuilleadh d’fhéarach innilte. Trí mhéadú €10 a dhéanamh ar Innéacs Pórúcháin Eacnamaíoch tréada (EBI) in aghaidh an bliana, déantar méadú €20 in aghaidh na bó in aghaidh na bliana ar bhrabúsacht bhliantúil na feirme, agus déantar laghdú 2% ar astaíochtaí GCT in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, trí roghnú bó déiríochta atá ábalta iontógálacha móra foráiste a bhaint amach i gcoibhneas lena méid, agus lena n-acmhainneacht ghéiniteach do tháirgeadh bainne méadaítear éifeachtúlacht na beatha, agus laghdaítear na caillteanais cothaitheach. Ba cheart go dtáirgfeadh féaránaigh éifeachtacha níos mó ná 90% dá meáchan coirp i dtáirgeadh solad bainne bliantúil chun éifeachtúlacht na húsáide Nítrigine a mhéadú. Beidh Seanach ag roghnú go dian ar EBI agus bainfidh sé úsáid as taifeadadh bainne chun fáil réidh le hainmhithe mí-éifeachtacha.
Úiré chosanta
Beidh na leasacháin nítrigine uile a úsáidtear ar an bhfeirm i bhfoirm úiré cosanta. Léirítear le taighde go ndéantar laghdú 80% ar chaillteanas NH3 isteach sa chomhshaol faoi trí úiré a chosaint le coscaire úiréáise. Ina theannta sin, déantar laghdú 71% ar chaillteanais ocsaíde nítriúla (N₂O) le húiré chosanta i gcomparáid le níotráit amóiniam, gan an táirgiúlacht a chur i mbaol. Tugtar le fios le torthaí ó roinnt staidéar go sábhálfar 6 kg N/ha trí 50 kg/ha d'úiré-N a chosaint, rud a d'fhéadfadh luach an fháis féir a mhéadú suas le €40/ha in aghaidh na bliana. Is féidir le húiré chosanta cuidiú le caillteanais nítrigine(N) san uisce a laghdú trí N a choinneáil i bhfoirm amóiniam, foirm atá níos cobhsaí san ithir go háirithe le linn aimsir fhliuch.
Scaipeadh sciodair íseal-astaíochtaí (LESS)
Déanfar an scaipeadh sciodair ar fad ar an bhfeirm trí threalamh sciodair íseal-astaíochtaí. Bíonn éifeacht mhór ag úsáid as modhanna LESS, amhail píobáin sraoilleacha nó leatóirí bandaí, ar chaillteanais N agus déantar méadú 10% ar luach sciodair N, rud a mhéadaíonn an táirgiúlacht féaraigh agus a laghdaíonn ceanglais cheimiceacha N tuilleadh.
An phróitéin sa chion déiríochta a laghdú
Ar an meán, teastaíonn ó bha déiríochta Éireannacha aiste bia ina bhfuil cion Garbhphróitéine (CP) 15 go 17%. Déanfar aiste bia na bó ar a lacht a chothromú go 16% de phróitéin san aiste bia iomlán. Is gnách go mbíonn os cionn 20% próitéine san fhéar agus is é an chuid is mó d’aiste bia na mbó ar a lacht. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh 12% a bheith i cion próitéine an chion fhorlíontaigh, agus na ba ar fhéar. San earrach agus san fhómhar nuair a bhíonn na ba ar a lacht ar shadhlas, beidh próitéin an chion cothrom le 16%. Comhlíonann féar innilte go leordhóthanach na ceanglais ainmhithe maidir le garbhphróitéin. Trí bheathú tiúchana ina bhfuil ard-ábhar CP le linn an tséasúir féaraigh, cuirtear farasbarr CP ar fáil don bhó dhéiríochta, a chaithfidh fuinneamh a chaitheamh ansin chun an farasbarr N a eisfhearadh. Ó thaobh an chomhshaoil de, tríd chion na tiúchana CP a laghdú, laghdófar an barrachas agus caillteanas N isteach sa chomhshaol. Le laghdú 1% ar CP na tiúchana déiríochta laghdaítear eisfhearadh N faoi 1% agus bíonn laghdú 5% ar astaíochtaí GCT agus NH3 mar thoradh air freisin.
Bithéagsúlacht a fheabhsú agus a mhéadú
Tá an bhithéagsúlacht ina príomhtháscaire comhshaoil tábhachtach maidir le córais talmhaíochta inbhuanaithe. Tá suirbhé déanta ar fheirm Sheanaigh agus tá bithéagsúlacht ag baint le 7.2% den limistéar iomlán. Cuirfear plean i bhfeidhm do na bearta breise a ghlacfar chun é sin a mhéadú go 10%, agus ní bheidh acu an tionchar is lú ar an limistéar féaraigh táirgiúil ar an bhfeirm. I measc na samplaí tá cothabháil agus bainistiú a dhéanamh ar ghnáthóga atá ann cheana amhail fálta sceach agus ciumhaiseanna páirce, agus stiallacha maoláin sruthchúrsaí a chuimsiú.
Breiseáin bheatha chun táirgeadh meatáin cogansaí a laghdú
Is é meatán ó chóras díleáite na bó an phríomhfhoinse astaíochtaí GCT/C ó tháirgeadh bainne. Tugadh an iliomad breiseán do bha chun astaíochtaí meatáin a laghdú i dtrialacha taighde, ach níl an chuid is mó acu éifeachtach nó éiríonn a n-éifeacht lag i ndiaidh tréimhse ghairid, i.e. 8 seachtaine. Leanfar le trialacha leanúnacha ar tháirgí (úisc feamainne go príomha) chun iarracht a dhéanamh breiseán éifeachtach a aimsiú.
Éifeachtúlacht Fuinnimh & Uisce
Is iad príomhúsáidí fuinnimh na feirme fuarú bainne (31%), bleán (20%) agus téamh uisce (23%). Suiteáladh pláta fuaraithe agus tiomántán luais athraithigh ar na caidéil folúis agus caidéil bhainne, rud a laghdóidh an t-éileamh ar leictreachas. Tá suiteáil na bpainéal gréine á fhiosrú chun an ghiniúint cumhachta tuirbín gaoithe atá ann faoi láthair a chomhlánú.