Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Lá Oscailte Náisiúnta na Mairteola Orgánaí ar éirigh go maith leis

D’fhreastail breis agus dhá chéad déag feirmeoir ar Lá Oscailte Náisiúnta na Mairteola Orgánaí ar fheirm John Purcell, Ros Mhic Thriúin, An Gabhailín, Caiseal, Co. Thiobraid Árann níos luaithe an tseachtain seo. D’eagraigh Teagasc, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Bord Bia an lá oscailte i gcomhar le chéile agus tugann deis ann do na feirmeoirí a bhí i láthair cleachtais feirme a fheiceáil ar an bhfeirm mairteola orgánaí rathúil sin.

Ag oscailt an fhóraim dó ag an lá oscailte na mairteola orgánaí, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD go bhfuil todhchaí an-spreagúil agus uathúil ag an earnáil orgánach in Éirinn. Dúirt sé; “Léiríodh leis an imeacht sin na buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht orgánach trí fhiontar inmharthana inoibrithe. Is é an sprioc lenár gclár rialtais go ndéanfar feirmeoireacht orgánach ar 7.5% den talamh talmhaíochta ar fad faoi 2030 agus is sprioc an-ghnóthaithe é sin agus sprioc atáimid tiomanta dá baint amach. Táimid chun €256 milliún a chur ar fáil mar mhaoiniú thar an gcéad tréimhse CBT eile, arb méadú faoi chúig é ar íocaíochtaí orgánacha ón méid a bheadh i gceist leis an CBT deiridh.”

Tá leabhrán cuimsitheach a ullmhaíodh don lá oscailte náisiúnta na mairteola orgánaí ar fáil ag an nasc seo:  https://www.teagasc.ie/publications/2022/national-organic-beef-open-day.php

Tá ailt agus físeáin ar ábhar cuid de na seastáin ar fáil ar Teagasc Daily https://www.teagasc.ie/news--events/daily/  agus trí aip Teagasc. Ina measc sin tá faisnéis maidir leis an tseamair dhearg, barraí chomhbhuainte, aistí bia orgánacha dheireadh an gheimhridh agus múiríniú aoiligh eallaigh.

Is féidir fístaifeadadh den fhóram ag lá oscailte na mairteola orgánaí a fheiceáil anseo::  https://www.youtube.com/watch?v=Bl4DIFgjhxg&t=2189s