Léirítear i dtorthaí ó thástáil ithreach comharthaí luatha de mheath ar thorthúlacht na hithreach
Léirítear in athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar shamplaí ithreach a thóg Teagasc in 2021 go bhfuil méadú tagtha in 2021 ar líon na samplaí ithreach a tógadh ar fud na bhfiontar feirmeoireachta go léir. Thar na tréimhse sin, tháinig 62% de na samplaí ithreach ó fheirmeacha déiríochta, 25% ó fheirmeacha stoic thirim agus 11% ó fheirmeacha curaíochta. Tá méadú 13% tagtha ar an líon iomlán samplaí ithreach i gcomparáid le 2020 leis an méadú is mó déanta ar fheirmeacha curaíochta.
Léirítear i dtorthaí torthúlachta ithreach 2021 gur tháinig laghdú idir 3 go 6 % ar ithreacha ina raibh pH, Fosfar (P) agus Potaisiam (K) barrmhaith i gcomparáid le 2020. Tháinig laghdú 10 go 13% ar leibhéil pH na hithreach sna fiontair trí fheirm go léir. Léirítear i dtorthaí in 2021 anois go raibh pH ithreach faoi bhun bharrmhaitheas pH 6.3 ag 47% de na feirmeacha déiríochta. Sna fiontair eile, bhí pH na hithreach faoi bhun an bharrmhaitheasa i 53% agus 39% de na samplaí ithreach a tógadh ar fheirmeacha stoic thirim agus curaíochta, faoi seach. Léirítear leis sin go bhfuil riachtanas mór aoil fós ar fheirmeacha na hÉireann in ainneoin na leibhéil aoil ba mhó riamh a cuireadh i in 2021.
Dúirt an Dr Karl Richards, Ceann onad Taighde Ithreach, Comhshaoil agus Talamhúsáide Teagasc, nuair a méadaítear an pH ithreach (más cuí) go ndéantar laghdú 50-70 kg Nítrigine in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar riachtanais leasacháin nítrigine, go bhfeabhsaítear bunú seamar agus go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht úsáide cothaitheach. Léiríodh freisin go laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó leasacháin go díreach le pH ithreach barrmhaith. Ní mór tús áite a thabhairt d’fheabhsú torthúlachta na hithreach agus muid ag dul isteach sa gheimhreadh seo, chun feabhas a chur ar bhunú seamar agus éileamh costasach leasacháin a laghdú in 2023.
Le 2 bhliain anuas, tá laghdú léirithe le líon na samplaí ithreach ó thalamh féaraigh ina bhfuil barrmhaitheas P (Níos mó ná Innéacs 3), agus tá na leibhéil ithreach K seasmhach i gcónaí thar an tréimhse chéanna. Ar fheirmeacha curaíochta, tá treocht chomhchosúil ag teacht chun cinn in 2021, le laghdú i leibhéil P san ithir agus feabhas ar leibhéil K ithreach. Ní mór aird a dhíriú go cúramach anois ar thorthúlacht na hithreach a bhainistiú agus cosc a chur ar aisiompú na bhfeabhsuithe torthúlachta a baineadh amach sna blianta roimhe seo.
Dúirt an Dr David Wall, Taighdeoir Torthúlachta Ithreach Teagasc ag Caisleán Bhaile Sheáin; “D'fhéadfadh sé go bhfuil comhartha luatha á léiriú leis na treochtaí sin go bhfuil leibhéil torthúlachta ithreach ag laghdú ar fud na tíre. Ar an drochuair, mar gheall ar na as na treochtaí anuas sin mar aon le húsáid leasacháin laghdaithe (P&K) in 2022, is dócha go dtiocfaidh laghdú breise ar chúltacaí chothaithigh na hithreach, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar éifeachtúlacht úsáide nítrigine agus ar tháirgeacht barr sna blianta amach romhainn. Ba cheart d’fheirmeoirí a bheith ar an airdeall faoin rabhadh luath sin chun pleananna a chur i bhfeidhm chun táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a ngnó feirmeoireachta a chosaint.”
Le linn na tréimhse 2015 go 2019, rinneadh dul chun cinn maith ar fud na bhfiontar feirmeoireachta go léir maidir le feabhsuithe ar thorthúlacht na hithreach. Tá feirmeacha déiríochta agus stoic thirim araon ag taispeáint laghdú 5% ar thorthúlacht na hithreach le 2 bhliain anuas. Ar fheirmeacha curaíochta, tá treocht den chineál céanna ag teacht chun cinn in 2021 agus laghdú 6% ar thorthúlacht na hithreach.
Dúirt Mark Plunkett, speisialtóir um Chothú Ithreach agus Plandaí le Teagasc; “Bunchloch na gcóras táirgthe feirme is ea cothú dea-thorthúlachta hithreach, tá sé ríthábhachtach chun ithir agus cothaithigh fheidhmeacha a úsáid chomh héifeachtach agus is féidir agus chun astaíochtaí a laghdú. Anois an t-am le beart a dhéanamh, an t-eolas sin ó na samplaí ithreach a úsáid agus plean a fhorbairt chun torthúlacht na hithreach a bhainistiú chun táirgeadh maith féir agus barr a chinntiú in 2023.”
Dúirt Pat Murphy, Ceann an Aistrithe Eolais Comhshaoil i dTeagasc; “Agus costas leasacháin shaorga beagnach trí huaire níos mó ná mar a bhí sé dhá bhliain ó shin, ní raibh sé níos tábhachtaí riamh plean bainistíochta cothaitheach a ullmhú agus a chur chun feidhme. Ba chóir go mbeadh pleananna bunaithe ar shamplaí ithreach cothrom le dáta, ar an gcéad dul síos, ba cheart díriú pH a cheartú, ar an dara dul síos ba cheart díriú ar an leas is fearr a bhaint as sciodar agus aoileach trí na háiteanna is mó a bhfuil gá leis a shainaithint, agus ar an tríú dul síos, cumasc leasacháin P agus K oiriúnach a roghnú chun torthúlacht ithreach feirme a choinneáil. ”.