Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Seoladh Dámhachtain nua Fulbright-Teagasc do Scoláirí agus do Ghairmithe

Spreagtar mic léinn iarchéime ar fud na hÉireann chun iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Fulbright na hÉireann atá urraithe ag Teagasc i ndiaidh glao ar iarratais an 31 Lúnasa 2022.

Chomh maith le Dámhachtain Fulbright-Teagasc atá ann cheana féin, is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh anois ar Dhámhachtain nua Fulbright-Teagasc do Scoláire agus do Gairmithe lena dtugtar deis do scoláire, nó gairmí taighde a dhéanamh, nó bheith ag léachtóireacht in institiúid Ardoideachais, nó in eagraíocht i réimsí na talmhaíochta, an bhia, na foraoiseachta, nó an chomhshaoil, sna Stáit Aontaithe.

Gheobhaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa dá dhámhachtain stipinn airgid, costais taistil, árachas i gcomhair timpistí agus éigeandála, tacaíocht riaracháin víosaí, cláir chultúrtha agus ghairmiúla, agus réamheolas faoi líonra mór gairmiúil agus acadúil idirnáisiúnta.

Maidir le Dámhachtain Fulbright-Teagasc:

Tá an deis uathúil sin á tairiscint ag Coimisiún Fulbright agus Teagasc do mhac léinn iarchéime Éireannach taisteal go dtí na Stáit Aontaithe chun staidéar nó taighde a dhéanamh i réimsí na talmhaíochta, an bhia, na foraoiseachta agus an chomhshaoil. Cuirtear fáilte faoi leith roimh iarratais a bhaineann leis na téamaí thuas maidir le córais bia inbhuanaithe a fhorbairt, dul i ngleic leis an athrú aeráide nó le leas a bhaint as acmhainneacht ollsonraí.

Maidir le gach deontas, tá Coimisiún Fulbright ag lorg iarratasóirí den scoth ag a bhfuil acmhainneacht láidir ceannaireachta agus tiomantas don éiteas a bhaineann le bheith mar fhaightear de chuid dhámhachtain Fulbright. Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh cliceáil anseo.

Agus a tuairim a thabhairt maidir le Dámhachtainí Fulbright-Teagasc, dúirt Jane Kavanagh, Ceann Forbartha Taighde agus Scoláireachtaí Walsh, Teagasc:

“Tá ríméad ar Theagasc an dámhachtain is déanaí seo a thabhairt chun críche agus deis a thabhairt do dhá iarratasóir rathúla taighde ardleibhéil a dhéanamh in institiúidí sna Stáit Aontaithe. Cuirfear ar chumas mac léinn agus gairmithe leis na deiseanna sin cur lena réimsí taighde faoi seach, chomh maith le tras-chomhoibrithe atá ann cheana féin idir an dá thír a fhorbairt,” a dúirt sí.

Thug Teagasc, i gcomhar le Coimisiún Fulbright, tacaíocht do mhic léinn iarchéime chun deiseanna staidéir a ghlacadh in Ollscoileanna ar fud Mheiriceá ó 2003 i leith.

Is é Conor Hammersley, ar iománaí é as Tiobraid Árann, faighteoir reatha Dhámhachtain Fulbright-Teagasc. Tá sé lonnaithe i Scoil Leighis Columbia-Bassett i Nua-Eabhrac áit a ndéanfaidh sé taighde ar na dúshláin shoch-chultúrtha agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn agus atá le sárú ag feirmeoirí SAM maidir lena sláinte, i gcomparáid leis na cinn atá le sárú ag feirmeoirí in Éirinn.

I measc na n-iarfhaighteoirí eile a bhuaigh Dámhachtain Fulbright-Teagasc tá an t-iománaí sa Clár, Shane O’Donnell a chríochnaigh a scoláireacht ag Harvard agus Rachel White as Corcaigh a rinne staidéar in Ollscoil Florida.

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ar dhá ghradam urraithe ag Fulbright-Teagasc 2023-2024 4pm Déardaoin an 27 Deireadh Fómhair 2022. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.fulbright.ie.