Seoladh Straitéis Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Teagasc
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, Straitéis Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Teagasc 2022-2030 – ‘Tacú le Feirmeoirí don Ghníomhaíocht ar son na hAeráide’ inniu, Déardaoin an 1 Nollaig.
Ag labhairt dó ag imeacht ar champas Teagasc i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath, dúirt an tAire Charlie McConalogue; “Is é an taighde nuálach eolaíochtbhunaithe an rud is tábhachtaí don earnáil talmhaíochta lena huaillmhianta aeráide a bhaint amach. Is é sin an t-eolas rúnda atá againn agus tá a fhios agam go mbeidh an Straitéis Gníomhaíochta nua ar son na hAeráide ag Teagasc ina príomhchuid den mhéid a bheidh le déanamh sna deich mbliana atá romhainn.”
“Tá teaghlaigh feirme ar aistear i dtreo córais carbóin níos ísle le tamall maith anuas. Táimid na huaillmhianta sin á dtabhairt chun cinn againn anois agus seasaimid leo go hiomlán ar an aistear sin amach anseo.”
Dúirt Cathaoirleach Údarás Teagasc, Liam Herlihy; “Tá trí cinn de thionscnaimh shuntasacha á ndéanamh ag Teagasc, le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus comhpháirtithe eile, chun tacú le feirmeoirí agus leis an earnáil talmhaíochta agus bia aghaidh a thabhairt ar an dúshlán aeráide atá le sárú againn go léir.”
Philip Carroll, Cathaoirleach Meat Industry Ireland; Tim Cullinan, Uachtarán, IFA; an tAire Charlie McConalogue TD, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Marie Donnelly, Cathaoirleach na Comhairle Comhairleach um Athrú Aeráide; Pat Murphy, Dairy Industry Ireland agus an Dr Anne-Marie Butler, Ceann Oideachais, Teagasc ag seoladh na Straitéise Gníomhaíochta ar son na hAeráide i dTeagasc i mBaile an Ásaigh
Bunaítear an méid seo a leaas leis na trí cholún de Straitéis Gníomhaíochta Teagasc ar son na hAeráide;
lClár Comhairleach Cuaillí Eolais Teagasc
Ardán Digiteach Inbhuanaitheachta
Lárionad Náisiúnta Fíorúil le haghaidh Taighde agus Nuálaíocht Aeráide Agraibhia
Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O Mara; “Is í ár n-uaillmhian Seirbhís Chomhairleach Aeráide den scoth a sholáthar d’fheirmeoirí mar aon le clár taighde luathaithe chun aghaidh a thabhairt ar laghdú astaíochtaí agus fritháireamh carbóin. Táimid ag baint leas as acmhainní comhchoiteanna Teagasc, ICBF agus Bord Bia chun Ardán Digiteach Inbhuanaitheachta uathúil a chruthú. Tá sé sin a dhéanamh againn ó bhunús láidir ag tógáil ar ardáin láidre atá ann cheana féin: an Clár Cuaillí Eolais, saoráidí úrscothacha, foireann thiomanta agus chumasach.”
Clár Comhairleach Cuaillí Eolais
Bunaíodh clár Feirm Taispeána Cuaillí Eolais in 2021, i gcomhar le 120 feirmeoir taispeána sa chlár cuaillí eolais agus os cionn 60 eagraíocht chomhpháirtíochta, leathstáit, tionscal agus eagraíocht feirme.
Díreoidh an Clár Comhairleach Cuaillí Eolais nua ar 50,000 feirmeoir a chlárú sa tseirbhís saor in aisce sin chun plean gníomhaíochta a bhunú do gach feirm aonair agus chun an t-athrú a theastaíonn ar fheirmeacha na hÉireann a dhéanamh.
Ardán Digiteach Inbhuanaitheachta
Tá Teagasc, ICBF agus Bord Bia ag comhoibriú chun Ardán Digiteach Inbhuanaitheachta a fhorbairt. Leis an ardán digiteach sin cuirfear ar chumas feirmeoirí agus comhairleoirí astaíochtaí reatha ar fheirm aonair a thagarmharcáil agus plean a dhéanamh chun beart a dhéanamh chun iad sin a laghdú. Is é ‘Bíodh m’Uimhir ar Eolas Agat - Déan mo Phlean’ an buafhocal don tionscnamh sin. Forbrófar an uirlis sin thar am chun carbón arna cheapadh ar an bhfeirm chomh maith le hastaíocht a chur san áireamh.
Lárionad Náisiúnta Fíorúil le haghaidh Taighde agus Nuálaíocht Aeráide Agraibhia
Tá “ionad fíorúil” nua á bhunú ag Teagasc chun cláir taighde aeráide agus nuálaíochta a chomhordú agus dlús a chur le hiarrachtaí chun teicneolaíochtaí atá “beagnach réidh” agus atá “luath” a theastaíonn lena nglacadh ar leibhéal na feirme a thabhairt chun críche.
Soláthrófar leis sin lárphointe fócasach neamhspleách in Éirinn do chomhordú agus scaipeadh taighde agus nuálaíochta ar an athrú aeráide talmhaíochta ar na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear an tsochaí i gcoitinne. Sa lárionad nua comhordófar na gníomhaíochtaí reatha, agus tá réimsí gníomhaíochta nua pleanáilte ar fud na Réimsí Práinneacha Oibre atá leagtha amach sa straitéis Ghníomhaíochta. Soláthróidh sé ceannaireacht infheicthe freisin, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta i réimse an taighde aeráide agraibhia.
Mar fhocal scoir dúirt an tOllamh Frank O Mara; “Ba mhaith linn tionscal agraibhia atá ag comhlíonadh a chuid gealltanas aeráide agus atá inbhuanaithe i ngach ceann dá ghné, ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sóisialta de.”
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an Straitéis Gníomhaíochta ar son na hAeráide arna doiciméadú a léamh tabhair cuairt ar www.teagasc.ie/climateaction