Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Sheol an tAire Hackett Treoir Teagasc d'Fhómhar agus do Dhíolachán Adhmad

Sheol an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara “Treoir Chéim-ar-Chéim do Fhómhar agus Dhíolachán Adhmad ó bhForaois Bhuaircíneach”, ar a cuairt go Teagasc Páirc Daraigh, Ceatharlach le déanaí.

Sa ghrianghraf seo ag seoladh an fhoilseacháin Teagasc “Treoir Chéim-ar-Chéim do Fhómhar agus Dhíolachán Adhmad ó bhForaois Bhuaircíneach”, feictear Francis McHugh, Teagasc; Barry Delany, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM); an tAire Pippa Hackett agus an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc.

Beidh an chuid is mó den mhéadú atá á thuar i soláthar admad don mhargadh Éireannach sa todhchaí ag teacht ó fhoraoise atá faoi úinéireacht phríobháideach amháin. Braitheann slógadh an tsoláthair tábachtaigh seo ar bhainistíocht thráthúil agus ghníomhach d'acmhainn a dhéantar tagairt do go traidisiúnta mar an ‘fheirm fhoraoise’. Tosaíonn bainistíocht ghníomhach nuair a fhorbraíonn úinéirí foraoise ar leith tuiscint ar a gcuid fhoraoise féin. Ceadaíonn sé sin pleanáil thráthúil na ngníomhaíochtaí, mar shampla ag déanamh iarratais do cheadúnas leagtha agus ag cur bealaigh isteach oiriúnaigh ar fáil dá bhforaois.

Dúirt an tAire Hackett; “Is fiontar sáchnua é bainistíocht foraoise do roinnt mhaith úinéirí foraoise. Is féidir leis na céimeanna a bhaineann le heagrú an fhómhair foraoise agus díolacháin adhmaid, mar shampla an t-eolas maidir le conas é a thosú agus cé gur féidir dul ag caint leis, a bheith dúshlánach, ach go háirithe más fhiontar nua é do dhuine.

San fhoilseachán 28-leathanach seo, faightear treoir céim-ar-chéim d'úinéirí foraoise chun adhmad a thógail óna bhforaois bhuaircíneach go dtí áit an mhargaidh.

Mhínigh Frances McHugh, Oifigeach Forbairt Foraoiseachta Teagasc; “caithfear pleanáil an fhómhair adhmaid a thosú gan mhoill, go hídéalach roinnt bliana amach as an bhfómhar féin." Chomh maith leis sin, dúirt sí; “beidh am suntasach ag teastáil sula dtosódh an fiontar chun eolas a fháil ar rogha agus táirgeadh admhaid, an páipéarachas a bhaineann leis, na hábhair ceannaitheora, chomh maith leis na hullmhúcháin atá ag teastáil san fhoraois”.

Tá na teachtaireachtaí lárnacha le haghaidh úinéirí atá ag smaoineamh ar bhainistíocht foraoise agus díolacháin adhmaid leagtha amach sa leabhrán seo; tosaigh an próiseas ar do dheis, faigh comhairle mhaith, téigh i dteagmháil le daoine a oibreoidh ar mhaithe leis an bhforaois agus bí cinnte go bhfuil conradh maith curtha i bhfeidhm chun toradh rathúil a chinntiú. Cabhróidh an cur chuige seo go mór le barrfheabhsú na foraoise mar acmhainn luachmhar.

Tá an leabhrán iontach seo atá lán le comhairle luachmhar, phraiticiúil ar fáil ó Theagasc ar https://www.teagasc.ie/publications/2022/harvesting-and-selling-timber-from-conifer-forests.php

Tá cóipeanna crua ar fáil freisin ón Roinn Forbartha Foraoise Teagasc