Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Sheol an tAire Heydon infheistíocht in Ionsamhlóirí Innealra Feirme

Beidh na hionsamhlóirí ar fáil do mhic léinn a bheidh ag déanamh cúrsaí sna coláistí talmhaíochta agus gairneoireachta agus do mhic léinn sna hollscoileanna agus sna hollscoileanna teicneolaíochta a úsáideann saoráidí an choláiste le haghaidh foghlaim phraiticiúil.

Tá samhail taispeána de na hionsamhlóirí nua ar taispeáint ag seastán Teagasc ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.

Ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráthín an Uisce inniu, sheol an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht Feirme ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D, infheistíocht €1.2m in 18 n-ionsamhlóir innealra feirme lena n-úsáid i gcoláistí talmhaíochta Teagasc. 

Aithnítear oibriú tiománaithe go hidirnáisiúnta agus in Éirinn mar phríomhchúis le teagmhais a bhaineann le tarracóirí agus le hinnealra. Tarlaíonn níos mó ná 40% de bhásanna san ionad oibre in Éirinn ar fheirmeacha, agus baineann os cionn leath de na teagmhais mharfacha sin le tarracóirí, feithiclí feirme agus innealra. Tarlaíonn go leor teagmhais neamh-mharfacha freisin a bhaineann le tarracóirí, feithiclí agus innealra feirme, agus tarlaíonn gortuithe a athraíonn saol daoine mar thoradh ar chuid acu.

Agus an fógra faoin infheistíocht á thabhairt aige dúirt an tAire Stáit Heydon: “Tugaim tús áite do shláinte, sábháilteacht agus folláine feirmeoirí a fheabhsú agus mar sin tá lúcháir orm go gcinnteofar leis an infheistíocht seo de €1.2m in 18 n-ionsamhlóir innealra talmhaíochta go bhfaighidh mic léinn an deis is fearr lena scileanna oibríochta innealra a fhorbairt go luath ina gcuid gairmeacha feirmeoireachta.”

Chuir Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara fáilte roimh an tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhair na n-ionsamhlóirí innealra.  Dúirt an tOllamh O'Mara: “Beidh mic léinn inár gcoláistí ábalta na hionsamhlóirí sin a úsáid chun foghlaim agus oiliúint a fháil chun réimsí meaisíní a úsáid go sábháilte. Cuirfidh sé go mór lenár gcumas oiliúint nuálach a sholáthar do líon ard mac léinn i dtascanna oibre a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. Gabhaim buíochas leis an Aire Martin Heydon T.D, as a thiomantas pearsanta do tsláinte agus don tsábháilteacht ar fheirmeacha na hÉireann a fheabhsú.”

Tá samhail taispeána de na hionsamhlóirí nua ar taispeáint ag seastán Teagasc ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Tá fáilte roimh chuairteoirí chuig na craobhchomórtais treabhdóireachta teacht chuig seastán Teagasc chun an teicneolaíocht nua sin a fheiceáil agus a scileanna tiomána tarracóra a thástáil ar an ionsamhlóir taispeána.