Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Tarlaíonn breis agus 4,500 Timpiste Feirme gach bliain – suirbhé Teagasc

Tá sé tugtha le fios le sonraí nua ó Shuirbhé Náisiúnta Feirme Teagasc (NFS) gur tharla 4,523 timpiste ar fheirmeacha na hÉireann. Rinneadh an suirbhé in 2021 agus baineann sé leis an mbliain 2020. Bhain níos mó ná 88% de na timpistí feirme sin le hoibreoir feirme, agus bhain 11% eile le baill teaghlaigh. Oibrithe feirme a bhí i gceist leis an 1% eile de thimpistí ar an ionad oibre feirme.

Maidir le beagnach leath (46%) de na gortuithe ar an ionad oibre feirme b’éigean don duine nó na daoine dul chuig an ospidéal, bhí cóireáil leighis ag teastáil ó 18% eile agus fuair 16% garchabhair.  Ní raibh cóireáil leighis nó cóireáil gharchabhrach ag teastáil ón gcúigiú cuid díobh siúd a gortaíodh.

I mbeagnach leath na gcásanna (47%) bhí neamhláithreacht níos mó ná 3 lá ó obair feirme ag teastáil ó na daoine a gortaíodh, an tairseach maidir le tuairisciú dlíthiúil timpistí.  Bhí níos mó ná fiche faoin gcéad de na daoine a gortaíodh as obair ar feadh idir 4 agus 10 lá, agus ní raibh 6% acu ábalta oibriú ar feadh 11 go 60 lá.   Chaill beagnach aon chúigiú (19%) díobh siúd a raibh baint acu le timpistí feirme 61 lá oibre nó níos mó.  Dá réir sin, níor chaill 19% am oibre. 

Bhí feirmeacha caorach i gceist le 37% de na timpistí ionaid oibre a tuairiscíodh, agus ina dhiaidh sin feirmeacha déiríochta (25%), feirmeacha eallaí balláin (14%) agus feirmeacha eallaí neamhbhalláin agus curaíochta (12%).     Teastaíonn tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh maidir le haois na n-íospartach agus leibhéal tromchúise na dtimpistí i ndáil le leibhéal ard na dtimpistí i measc feirmeoirí caorach.

Bhain os cionn leath de na timpistí feirme le beostoc (52%), agus bhain trian eile le tuislí agus titim (32%).  As an gcuid eile, bhain 13% le feithiclí feirme agus innealra agus bhain 3% eile de thimpistí a bhain go sonrach le foirgnimh feirme.

Tharla formhór na dtimpistí feirme i gclóis feirme (58%), 29% i bhfoirgnimh feirme, 12% i gcuibhrinn agus 1% ar bhóithre feirme.

Dúirt Sainchomhairleoir Sinsearach Sláinte agus Sábháilteachta Teagasc, an Dr John McNamara, go raibh difear beag idir an mhodheolaíocht do shuirbhé 2021 agus suirbhéanna roimhe seo inar cuireadh ceist ar fheirmeoirí ar tharla timpiste feirme dóibh an bhliain roimhe sin.   Cuireann ceist i suirbhéanna roimhe sin ar tharla timpiste le linn na tréimhse 5 bliana roimhe sin.

Tá baint ag an Oifigeach Sinsearach Taighde i dTeagasc, an Dr Emma Dillon le táscairí inbhuanaitheachta sóisialta a fhorbairt tríd an Suirbhé Náisiúnta Feirme, a mbaineann gné amháin de le monatóireacht rialta a dhéanamh ar shláinte agus ar shábháilteacht ar fheirmeacha na hÉireann.  Tá sé beartaithe ag Teagasc tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an tacar sonraí sin maidir le timpistí feirme i gcomhar le croí-thacar sonraí an tSuirbhé Náisiúnta Feirme, ina bhfuil réimse leathan faisnéise a bhaineann leis an bhfeirm agus leis an teaghlach feirme.  Foilseofar an tuarascáil sin níos déanaí in 2022.