Tugann an Coimisinéir Mairead McGuinness cuairt ar Fheirm Signpost
Thug an Coimisinéir AE Mairead McGuinness, cuairt ar fheirmeoir Signpost, Alan Clarke ag Cillín Chéir, Contae an Chabháin le déanaí. Bhí an deis ag Coimisinéir McGuinness an obair a dhéanann na feirmeoirí chun astaíochtaí gás a laghdú agus chun a bheith níos inbhuanaithe leis an timpeallacht a fheiceáil go pearsanta.
Thug an Coimisinéir AE Mairead McGuinness, cuairt ar fheirm Alan Clarke ó Kilinkere, Contae an Chabháin le déanaí, rannpháirtí sa chlár Signpost Teagasc - Feirmeoirí Gníomhaithe ar son na hAeráide. Sa ghrianghraf seo, feictear (clé go deis): Tom O Dwyer, Ceannasaí an Chláir Signpost; Mairead McGuinness, Coimisinéir AE; Michael Hanley, CEO ag Lakeland Dairies; An tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc; Alan Clarke, feirmeoir Signpost agus Niamh Lynch Comhairleoir Teagasc.
Tá trí ghlúin de theaghlach Clarke ar an bhfeirm, bíonn Alan ag feirmeoireacht lena bhean chéile Rachel, tuismitheoirí, Tommy agus Carol atá ról gníomhach acu i reáchtáil na feirme go fóill. Tá triúr páiste ag Alan agus Rachel, Sam, Max agus Jane.
Tá siad ag crú 144 bó ard-EBI i gcóras breith lao san earrach atá bunaithe ar fhéar. Tá an fheirm suite in aice leis an Abhainn Dubh i gCillín Chéir, Contae an Chabháin.
Ag labhairt ag an gcuairt do dtí an fheirm teaghlaigh Clarke, chuir an Coimisinéir McGuinness béim ar riachtanas inbhunaitheachta agus nirt na gcóras feirmeoireachta os comhair turraingí seachtracha. Mar fhreagairt ar seo, cuireann feirmeoirí cosúil le Tommy agus Alan an-bhéim ar theicneolaíochtaí nua maolaithe na haeráide le cúpla bliain anuas, leathadh sciodair agus úiré chosanta san áireamh. Bhí sé mar aidhm acu ba ard-EBI níos éifeachtúla a phórú ar an bhfeirm Clarke le roinnt blianta anuas. Cuiread úsáid an tseamhain mhacnasaigh i bhfeidhm an bhliain seo caite den chéad uair riamh. Tá áit lárnach ag torthúlacht ithreach agus bainistíocht féarthlún ar an bhfeirm anois. In 2020, cuireadh fál sceach 200 méadar, in 2021, cuireadh fál sceach 500 méadar tá siad ag cur fáil sceach 400 méadar i láthair na huaire.
Tá an fheirm teaghlaigh Clarke mar chuid den chlár Signpost, comhchlár atá treoraithe ag Teagasc, le níos mó ná 100 feirmeoir taispeána, níos mó ná 50 comhpháirtí trasna an tionscal, comhlachtaí stáit, agus eagraíochtaí feirme, agus iad ar fad ag obair le chéile chun feabhas a chur ar inbhuaineacht timpeallachta ar fheirmeacha Éireannacha. Is é an fócas atá acu ná astaíochtaí gás a laghdú agus anuas air sin, feabhas a chur ar an gcaighdeán uisce agus ar an mbithéagsúlact ar fheirmeacha na hÉireann.
Thug an Coimisinéir Mairead McGuinness moladh do ghnéithe comhoibrithe an chláir, leis an bpróiseálaí bainne áitiúil, Lakeland Dairies, Teagasc agus feirmeoirí ag obair le chéile.
Ag labhairt ag an gcuairt, tharraing an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc, aird ar an tábhacht a bhaineann leis an gClár Signpost ar bhaint amach na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Caithfidh na feirmeirí teicneolaíochtaí tábhachtacha a cabhróidh leis an athrú aeráide a mhaolú a chur i ngníomh agus tá tacaíocht ón earnáil ag teastáil uatha chun é sin a dhéanamh. Is clár uathúil é an clár Signpost toisc go dtugann siad páirtithe leasmhara na hearnála ar fad le chéile.