Blaiseadh ar a bhfuil Amach Romhainn!
Tá úllord taighde nua bunaithe ag Teagasc san ionad um thaighde ar bharra dá chuid i mBaile an Phaghanaigh, Ceatharlach. Leis an gclár taighde nua seo, léirítear céim thábhachtach maidir le hearnáil na n-úll a fhorbairt in Éirinn. Thug an tAire Stáit le freagracht as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett cuairt ar an úllord le déanaí mar bhí na hÚlla á mbailiú den chéad uair.
Táthar ag súil go bhféadfadh an taighde seo a bheith ina spreagadh maidir le forbairt earnáil na n-úll milis in Éirinn. Is fiú €135 milliún é margadh miondíola intíre d’úlla milse le breis agus 90% á iompórtáil faoi láthair, mar sin tá an acmhainneacht ann maidir le hionadú iompórtálacha le húlla a fhástar go háitiúil. Tá aeráid na hÉireann oiriúnach chun úlla a fhás, agus tá cineálacha agus teicneolaíochtaí nua ar fáil do mheastóireacht agus inghlacthacht in aeráid na hÉireann. Tá braistint dhearfach ag an tomhaltóir maidir le húlla Gaelacha, agus tá dea-iompar ag tomhaltóirí maidir le bia sláintiúil agus slabhraí gairide soláthair.
Má tá an earnáil le forbairt, mar sin, beidh an rogha ceart maidir le cineál, fréamhstoc agus córas oiliúna ríthábhachtach chun éifeachtúlacht ardtoraidh agus ardchaighdeán torthaí a bhaint amach agus dá bharr sin brabúsacht mhaith do shaothróirí torthaí reatha agus nua.
Leis an gclár taighde, táthar ag súil go soláthrófar réamhshonraí bunriachtanacha do mholtaí amach anseo maidir le géinitíopaí chrann úll a bhfuil acmhainneacht tháirgiúil agus caighdeán torthaí ard acu faoi choinníollacha na hÉireann, mar aon le moladh amach anseo maidir le samhail táirgthe nua-aimseartha agus ardéifeachtúlacht chun ardtorthaí, ardchaighdeán torthaí agus costais saothair laghdaithe a bhaint amach.
Leis seo, d’fhéadfadh forbairt earnáil na n-úll an méid seo a leanas a dhéanamh:
- A bheith méadaithe faoi thart ar €30 milliún in aghaidh na bliana ag geata na feirme
- Iompórtálacha suntasacha a ionadú le húlla milse Gaelacha
- Roghanna éagsúlaithe a sholáthar do tháirgeoirí gairneoireachta agus bairr eile
- Acmhainneacht a sholáthair maidir le astaíochtaí CO2 a chúiteamh.
Agus í ag labhairt nuair a bhí sí ar cuairt, chuir an tAire Stáit le freagracht as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht, Seanadóir Pippa Hackett fáilte roimh an taighde nua seo; dúirt sí “Beidh an tionscadal taighde úill nua seo i mBaile an Phaghanaigh ina bhonn taca maidir le forbairt fhéideartha sa todhchaí in earnáil ar fiú €135 milliún é, earnáil ina bhfuil formhór á ghlacadh ag iompórtálacha. Is cuid bheag d’earnáil mór na gairneoireachta é atá ina phríomhfhócas agamsa. Tá an-áthas orm pacáiste de €14.35 milliún san iomlán a fháil don earnáil don bhliain amach romhainn. Leanaimid orainn le cur chun cinn sholáthar na Straitéise Náisiúnta um Ghairneoireacht lena leagtar amach fís don earnáil don chéad chúig bliana atá le teacht.”
Dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Theagaisc; “Níl aon bhealach níos éasca maidir le hearnáil na n-úll a fhorbairt. Tosaímid ag an tús, áit a ndéantar an eolaíocht taobh thiar de chineálacha úill agus córais táirgthe a mheas i gcomhthéacs Éireannach ionas gur féidir linn ár gcuidse a dhéanamh i dtimpeallacht chumasúcháin a chruthú go ndéanfar an earnáil a leathnú. Tá oifigeach taighde nua earcaithe againn, Alberto Ramos Luz chun an clár a reáchtáil agus tá acmhainní infheistithe san úllord, áiseanna saotharlainne agus trealamh agus táim ag súil le torthaí an chláir taighde nua seo a fheiceáil.”
Maidir leis an gclár taighde úill nua seo, soláthrófar deiseanna don earnáil chun deiseanna breisluacha a fhorbairt i súnna, deochanna coipthe, bia tomhaltóirí ullmhaithe agus luachshocrú dramhaíola.
Dúirt Oifigeach Taighde Torthaí de chuid Teagaisc, Alberto Ramos Luz go bhfuil “staidéar le déine eolaíochta ard ag teastáil ina dhéanfar comparáid idir gach córas oiliúna féideartha, agus dlús plandála, saothróga agus fréamhstoic a chur san áireamh, ionas go n-aithneofar na roghanna is fearr do choinníollacha in Éirinn. Cé go bhfuilimid ag an tú i dtéarmaí an clár taighde a thógáil, tá sceitimíní orm maidir le leas a bhaint as cineálacha agus teicneolaíochtaí nua do chórais táirgthe úill na hÉireann”.
Críoch.
Teideal an Ghrianghraif:
Na daoine sa Phictiúr ó Chlé go Deas: Dermot Callaghan, Ceann Roinn Gairneoireachta Theagaisc; Alberto Ramos Luz, Oifigeach Taighde Torthaí, Teagasc agus Seanadóir Pippa Hackett, Aire Stáit le freagracht as Talamhúsáid agus Bithéagsúlacht agus í ar cuairt le déanaí ag an úllord taighde nua ag an Ionad um Thaighde ar Bharra de chuid Teagaisc i mBaile an Phaghanaigh, Ceatharlach.