Athbhreithniú ar Mhargadh na Talún Talmhaíochta agus Tuarascáil Forbhreathnaithe SCSI/Teagasc 2023
Na príomhthorthaí:
- Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 8% ar an meán ar phraghsanna náisiúnta talamh feirme sa bhliain 2023
- Bhí meán-phraghsanna náisiúnta ar thalamh feirme neamhchónaitheach sa bhliain 2022 idir €5,564 in aghaidh an acra le haghaidh talamh ar dhroch-chaighdeán go €11,172 le haghaidh talamh ar ardchaighdeán
- Ar an iomlán, tá an talamh is costasaí i gcontae Chill Dara, áit a bhfuil díreach os cionn €15,000 ar an meán in aghaidh an acra á bhaint amach le haghaidh talamh ar ardchaighdeán
- Tá an talamh is saoire i gcontae Mhaigh Eo, áit a bhfuil talamh ar dhroch-chaighdeán á dhíol le haghaidh €2,866 ar an meán in aghaidh an acra
- Tá gníomhairí SCSI ag súil go dtiocfaidh méadú 14% ar phraghsanna náisiúnta cíosa i mbliana
- Anuraidh, tháinig méadú 13% agus 9% ar meán-phraghsanna náisiúnta cíosa i gCúige Mumhan agus Cúige Laighean faoi seach
- Dúirt gníomhairí go leanfar le méadú ar phraghsanna talún agus éileamh ar thalamh, mar gheall ar earnáil na déiríochta agus soláthar íseal talún atá le díol
- Cé go bhfuil corrlaigh níos airde tuartha d”fheirmeacha tógála eallaigh, beidh an bhliain 2023 dúshlánach d”fheirmeoirí caorach agus curaíochta
- Táthar ag súil go bhfanfaidh costais ionchuir, a bhfuil méadú suntasach tagtha orthu i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar leibhéil ardaithe sa ghearrthéarma
Tá ceantálaithe SCSI agus luachálaithe ag tuar go dtiocfaidh méadú 8% ar an meán ar phraghas na talún talmhaíochta go náisiúnta i mbliana, agus earnáil láidir na déiríochta mar bhonn faoi. I mórshuirbhé nua, deir ceantálaí, agus comhlachtaí luachálaí de chuid Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (SCSI), a fheidhmíonn sna margaí talmhaíochta agus cíosa, go bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh méadú ar ráta níos airde - ar an meán 14% - ar phraghsanna náisiúnta cíosa.
Deir siad go mbeidh na praghsanna spreagtha ag soláthar srianta na talún le ligean ar cíos agus éileamh níos airde, go háirithe ón earnáil déiríochta mar gheall ar na rialacháin timpeallachta nua. Tugann saineolaithe ó Theagasc faoi deara, áfach, gur tháinig laghdú ar phraghsanna bainne i mbliana. Bhí meán-phraghsanna náisiúnta ar thalamh feirme neamhchónaitheach sa bhliain 2022 idir €5,564 in aghaidh an acra le haghaidh talamh ar dhroch-chaighdeán — méadú 5% ó €5,308 sa bhliain 2021 — go €11,172 in aghaidh an acra le haghaidh talamh ar ardchaighdeán — méadú 2% ó €10,962 an bhliain roimhe sin.
Dar le Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann / Athbhreithniú ar Mhargadh na Talún Talmhaíochta agus Tuarascáil Forbhreathnaithe Teagasc 2023, léiríonn sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh nach bhfuil cuid den talamh talmhaíochta, a dhéanann díolachán go bliantúil, ach thart ar 0.5% agus is ionann é seo agus ceann de na príomhchúiseanna atá leis an margadh ligin talún talmhaíochta láidir atá anseo.
I gCúige Mumhan, áit ar tháinig méadú 13% ar an meán ar luachanna cíosa talún anuraidh, bhí praghsanna in aghaidh an acra idir €241 don fhéarach amháin go €383 do bharra prátaí. I gCúige Laighean, tháinig méadú 9% ar an meán ar luachanna cíosa agus bhí na praghsanna idir €248 don fhéarach amháin go €439 do bharra prátaí. I gCúigí Chonnacht / Uladh, tháinig méadú 5% ar an talamh don fhéarach, móinéir agus sadhlas go €176 in aghaidh an acra agus méadú 1% don fhéarach amháin go €162.
Dar leis an suirbhé de 134 ceantálaithe agus luachálaithe ar fud na tíre, bhí an méid talún a díoladh anuraidh mar an gcéanna leis an mbliain 2021, agus an phríomhfhoinse díolachán talún feirme á cur ar fáil ag díolacháin feidhmeannaigh / probháide.
Praghsanna ar fud na Tíre
Cuireann suirbhé bliantúil na bliana seo, an deichiú ceann sa sraith, miondealú contae de réir contae ar fáil ar na praghsanna ar thalamh ar dhroch-chaighdeán agus ar ardchaighdeán. (Faoi iamh, gheobhaidh tú Léarscáil na hÉireann Contae de réir Contae agus Táblaí Cúige le haghaidh miondealú mionsonraithe ar fhigiúirí ar fud an chineáil talún agus an méid gabháltais) Fuair an suirbhé go raibh an talamh is costasaí sa tír i gcontae Chill Dara, le talamh ar ardchaighdeáin ar fud méideanna plota éagsúla agus meán-phraghas €15,056 in aghaidh an acra á bhaint amach. Is é an talamh leis an luach is ísle ná talamh ar dhroch-chaighdeáin i gcontae Mhaigh Eo, áit a bhfuil €2,866 in aghaidh an acra mar an meán-phraghas.
Dar le suirbhé na bliana seo, tá an talamh is costasaí i gcontae Chill Dara, contae na Mí agus contae Phort Láirge. B”ionann an meán-phraghas ar thalamh ar ardchaighdeáin ar ghabháltais níos lú na 50 acra i gcontae Chill Dara agus €15,333 in aghaidh an acra, i ndiaidh sin, tá contae na Mí ar €15,200 agus ansin Port Láirge ar €15,000. Tugann Tiobraid Árann ar €14,938, Loch Garman ar €14,857 agus Ceatharlach agus Corcaigh ar €14,250 na sé áit is fearr chun críche.
Ar bhealach spéisiúil, rinne Port Láirge taifead ar an bpraghas aonair is airde in aghaidh an acra i méid plota amháin, le talamh ar ardchaighdeáin ar phlotaí idir 50 go 100 acra agus praghas €17,400 in aghaidh an acra air.
I gcúige Laighean, tá na praghsanna ar thalamh ardchaighdeáin sa bhliain 2022 ar ghabháltais níos lú ná 50 acra idir €15,333 i gcontae Chill Dara — atá cosúil leis an mbliain seo caite - go €11,500 i gcontae Uíbh Fhailí, agus na praghsanna ar thalamh de dhroch-chaighdeáin idir €9,417 i gcontae Lú go €6,000 i gcontae Longfoirt. I gcúige Mumhan, tá na praghsanna ar thalamh ardchaighdeáin ar ghabháltais faoi bhun 50 acra idir €15,000 i gcontae Phort Láirge go €8,813 i gcontae an Chláir. Bhí na praghsanna ar thalamh de dhroch-chaighdeáin idir €7,750 ar an meán i gcontae Chorcaí go €4,125 i gcontae an Chláir. I gcúigí Chonnacht/Uladh, bhí na praghsanna ar thalamh ardchaighdeáin ar ghabháltais faoi bhun 50 acra idir €12,143 ar an meán i gcontae Dhún na nGall go €6,140 i gcontae Liatroma agus praghsanna ar thalamh de dhroch-chaighdeáin ó €5,375 i gcontae na Gaillimhe go €3,300 i gcontae Liatroma, an praghas is ísle sa tír ar ghabháltais faoi bhun 50 acra.
Tráchtaireacht ar Mhargadh Talún
Dúirt Peter Murtagh, Cathaoirleach an Choiste Gníomhaireachta Tuaithe SCSI go bhfuil éileamh láidir ar thalamh ardchaighdeáin ó fheirmeoirí déiríochta ag spreagadh an mhargaidh.
“Creideann 83% de ghníomhairí inár suirbhé go mbeidh méadú ar éileamh ó fheirmeoirí déiríochta talamh feirme a cheannach sa bhliain 2023 agus tá siad rangaithe go leanúnach tríd an suirbhé mar na ceannaitheoirí talún is dóichí ar fud na tíre. Mar atá leagtha amach sa tuarascáil seo, is dócha go mbeidh tionchar ag athruithe ar an Treoir Eorpach maidir le Níotráití, go háirithe beartais dírithe ar cháilíocht uisce a chosaint, ar phraghsanna talún, go háirithe praghsanna cíosa.”
“Chun leibhéil reatha táirgthe bainne a choinneáil — agus chun cloí leis an treoir - beidh gá ar go leor feirmeacha déiríochta a limistéar talún agus mhéadú nó táirgeadh bainne a laghdú. Bheadh muid ag súil go mbeadh an tionchar ar dhíolacháin agus praghsanna cíosa níos géire i réigiúin a bhfuil an déiríocht mar an fiontar feirme ceannasach agus a bhfuil rátaí stocála níos airde.”
“Ba bhliain mhaith a bhí sa bhliain seo caite d’fheirmeoirí curaíochta agus deir ceantálaithe agus luachálaithe bunaithe i gcúige Laighean inár suirbhé gur mheall éileamh ar thalamh curaíochta nó talamh gearr d’aon fheirm déiríochta suim láidir agus tairiscint iomaíoch. Léirítear an t-éileamh sin i bhfás láidir praghais i gcroílár déiríochta na Mumhan, áit, a deir gníomhairí, arb ionann ceann de phríomhspreagthóirí an mhargaidh agus suim ardaithe ó dhaoine aonair lena gcistiú féin atá ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh i dtalamh agus éifeachtaí an bhoilscithe ginearálta a chosaint. Cé go bhfuil praghsanna ar thalamh íseal i gcúige Chonnacht / Uladh, rinne an réigiún taifead ar an méadú céatadáin is mó i bpraghsanna ar thalamh ardchaighdeáin agus tá sé tuartha go dtarlóidh sé an bhliain seo chugainn chomh maith.”
“De réir cúige, táthar ag súil go dtiocfaidh an méadú is mó ar luachanna cíosa i gcúige Mumhan — 17%, ansin cúige Laighean ar 15% agus cúige Chonnacht/Uladh ar 10%. Tá thart ar 88% de ghníomhairí ag súil go bhfanfaidh méid na talún feirme atá ar fáil le haghaidh cíosa i mbliana mar an gcéanna nó go dtiocfaidh méadú air, suas ó 62% anuraidh agus is rud dearfach é seo don mhargadh, i bhfianaise an cháis srianta maidir le soláthar talún” a dúirt Uasal Murtagh.
Forléargas Talmhaíochta
Eacnamaí Teagasc, an Dr. Jason Loughrey, tá mórthionchar leanúnach ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar mhargaí talmhaíochta, ag leibhéal idirnáisiúnta agus baile.
“Mar a fheictear i roinnt tíortha eile, tháinig méadú ar phraghsanna fuinnimh agus leasaithe anseo in Éirinn, mar gheall ar an ionradh, agus d’fhan siad ag na leibhéil ardaithe sin, in ainneoin roinnt laghduithe beaga le cúpla mí anuas. Ba chúis imní a bhí sa chostas méadaithe ar roinnt príomhionchuir le linn na bliana 2022, ach rinneadh iad sin a fhrithchothromú ag praghsanna bainne is fearr agus ag praghsanna gráin agus feola níos airde.”
“Bhí cúrsaí maidir le haschuir i mbliana níos deacra. Mar shampla, tháinig laghdú ar phraghsanna bainne óna leibhéil is fearr agus cé go raibh siad fós ard ó thaobh caighdeáin stairiúla de, táthar ag súil go dtitfidh an meán-ghlanchorrlach in aghaidh an lítir faoi bhun 15 cent i mbliana. Cé go bhfuiltear ag súil le méadú foriomlán ar tháirgeadh bainne, cuirfidh athruithe le déanaí ar an Treoir maidir le Níotráití srian ar aon fhás.”
“Ar an lámh eile, táthar ag súil go mbeidh praghsanna mairteola agus muiceola níos airde i gcomparáid leis an mbliain seo caite agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach ar chorrlaigh agus ioncaim ar fheirmeacha a thógann eallaigh. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar chorrlaigh feirmeacha caorach i mbliana, agus breathnaíonn an forléargas maidir le feirmeacha curaíochta deacair, agus margaí amach anseo ag léiriú laghduithe suntasacha ar phraghsanna aschuir in aimsir an fhómhair. Bunaithe ar na réamh-mheastacháin sin, táthar ag súil go mbeidh glanchorrlaigh gránbharra diúltach ar thart ar 50% d’fheirmeacha curaíochta i mbliana.”
“Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna barr sa bhliain 2022 le méadú beagnach 50% ar an meán-ghlanchorrlach in aghaidh an heicteáir d’fheirmeoirí curaíochta. Tháinig méadú láidir ar phraghsanna cíosa i gcúige Mumhan agus Laighean maidir le talamh atá oiriúnach do bharra gránbharra. In ainneoin forléargais deacair don earnáil ar an ngearrthéarma, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna talún cíosa d’fheirmeoirí curaíochta sa bhliain 2023 mar gheall ar an gcomórtas le haghaidh talún ar cíos’.
“Léiríonn ár n-anailís go bhféadfadh tionchar an bheartais bandála ar an margadh cíosa talún talmhaíochta a bheith ag brath ar na struchtúir feirme i gceantar áirithe. Oibríonn thart ar aon chúigiú de gach feirm déiríochta sa chatagóir bandála is airde, agus is as an áit seo a bhfuil an chuid is mó den éileamh breise ar thalamh cíosa ag teacht. D’fhéadfadh go mbeadh na héifeachtaí ar phraghsanna cíosa talún sonrach i dtaobh áite. Is dócha go bhfeicfidh ceantair le go leor feirmeacha sa chatagóir bandála is airde méadú níos mó ar phraghsanna cíosa ná aon cheantar eile” a dúirt an Dr. Loughrey mar fhocal scoir.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag scsi.ie