Óstálann Teagasc an 51ú Comhdháil Bhliantúil Eolaíocht agus Teicneolaíocht an Bhia
Bhailigh breis agus 120 eolaithe le chéile ag Ionad Taighde Bia Teagaisc, Baile an Ásaigh, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite don 51ú Comhdháil Bhliantúil Eolaíocht agus Teicneolaíocht an Bhia. Rinne Institiúid um Eolaíocht agus Teicneolaíocht Bia na hÉireann, IFSTI agus Teagasc an comhdháil a chomhóstáil le chéile, bunaithe ar an téama “Córais Bhia i nDomhan atá ag Athrú- an Eolaíocht, na Dúshláin agus na Deiseanna”.
Rinneadh an chomhdháil a roinnt sa sé théama seo a leanas: dul i ngleic le dúshláin aeráide maidir le táirgeadh agraibhia, réitigh bithbhunaithe do tháirgeadh agus próiseáil bia, dul chun cinn sonraí agus digitiú i gcórais bhia, teagmháil a dhéanamh leis an tomhaltóir agus an tsochaí, nuálaíocht bhia slán, sláintiúil agus inbhuanaithe agus cur chuige saor ó dhramhaíl chun dul i ngleic le caillteanas bia agus dramhaíl.
D’oscail Declan Troy, Stiúrthóir Cúnta Taighde ag Teagasc agus Uachtarán IFSTI an chomhdháil agus dúirt sé: “Maidir le córais bhia, cuimsítear gach gné de tháirgeadh bia, próiseáil, dáileadh, caitheamh agus bainistiú dramhaíola. Is féidir le heolaíocht agus teicneolaíocht, mar aon le idirghabhálacha beartais agus feasacht phoiblí ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an tionchar chun feabhais a bheidh ar chórais bhia amach anseo. Trí thaighde a dhéanamh agus leas a bhaint as nuálaíocht agus cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite a ghlacadh maidir le bia, ó gheata na feirme agus ar aghaidh, is féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a thapú chun córais bhia inbhuanaithe, athléimneach agus ionchuimsitheach a thógáil, agus an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
Bhí blaiseadh náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an gclár, lena n-áirítear eochair chur i láthair ón Dr Ian Noble (VP R&D – Taighde agus Eolaíochtaí Anailíseacha, Mondelēz International) an tUasal Nicholas Reynolds (Bainisteoir Inbhuanaitheachta, O’Brien Fine Foods), Dr Ultan McCarthy (Léachtóir, Roinn Bainistíochta Talún in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt), Dr Kari Tromso (Uachtarán ar EIT Food Protein Diversification Think Tank agus ceannaire nuálaíochta oscailte ag Danone) agus an tOllamh Maeve Henchion (Ceann Roinn Gnó Agraibhia agus Spásanailíse ag Teagasc)
Leis an gcomhdháil bhliantúil seo, soláthraítear deiseanna do chur i láthair agus líonrú le mic léinn iarchéime agus taighdeoirí luathchéime san bhia-eolaíocht agus disciplíní gaolmhara ar fud institiúidí taighde na hÉireann. Bhuaigh Ms Victoria Caballero an cur i láthair ó bhéal is fearr, mic léinn PhD is ea í in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, bhuaigh sí mar gheall ar an gcur i láthair a rinne sí ar “Shamhaltú matamaiticiúil maidir le haigéad sauerkraut agus táirgeadh aigéad lachtach trí choipeadh”. Bronnadh sparánacht taistil ar Ms Caballero chun freastail ar an 22úComhdháil Domhanda Bia-eolaíochta agus Teicneolaíochta in Rimini, an Iodáil, i mí Mheán Fómhair 2024. Déanfaidh sí cur i láthair ann freisin.
Is féidir an leabhar achoimrithe ón gcomhdháil a íoslódáil anseo: https://www.teagasc.ie/media/website/food/IFSTI-Conference-2023_Book-of-Abstracts.pdf
Ba iad seo a leanas na gradaim do chur i láthair ó bhéal agus póstaeir, urraithe ag IFSTI, biaslán agus an Cumann Thionscal Ceimiceach:
Cur i láthair ó Bhéal:
1ú Duais: Victoria Caballero, mac léinn PhD in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: “Samhaltú matamaiticiúil maidir le haigéad sauerkraut agus táirgeadh aigéad lachtach trí choipeadh.”
2ú Duais: Mariana Macas, mac léinn PhD ag Teagasc, Ionad Taighde Bia Teagaisc, Baile an Ásaigh agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: “Cur i bhfeidhm bia nua do phiseanna a fhástar in Éirinn: Muilleoireacht, sreabheolaíocht taois, próifíliú aráin agus speictreascópacht neas-infridhearg.”
3ú Duais: Talia Huffe, mac léinn PhD i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus Teagasc Caisleán Bhaile Sheáin “Iniúchadh a dhéanamh ar oiriúnacht féideartha in Éirinn maidir le saothrú reatha barraí táirgeachta ardphróitéine agus réamhaisnéisithe ag baint úsáid as trí Bhealach Shocheacnamaíoch Roinnte (SSPs) 245, 370 agus 585.”
Cur i láthair Póstaeir:
1ú Duais: Mahmoud Rashed, mac léinn PhD ag Teagasc, Ionad Taighde Bia Teagaisc, Baile an Ásaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: “An difear a dhéantar d’airíonna sreabheolaíocht taois nuair a chuirtear taosiarmhar plúir deoch-choirce leis: cur chuige anailís ilathráideach.”
2ú Duais: Bradley Afanda, mac léinn PhD ag Teagasc, Ionad Taighde Bia Teagaisc, Baile an Ásaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: “Forbairt agus deimhniú modh crómatagrafaíochta ian déthoiseach d’ainilís clóiríde, nítríte agus nítrít i dtáirgí feoil próiseáilte.”
3ú Duais: Sarah Kearney, mac léinn PhD ag Teagasc, Ionad Taighde Bia Teagaisc, Baile an Ásaigh: “Astarraingt agus Próifíliú Bithchomharthaí Sóirt Do-ghalaithe Diaiteach i bhForáiste agus i gCothú ag nascadh blasanna i bhFeoil.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig https://www.teagasc.ie/food/ifsti-conference-2023/