Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Ceapachán Nua chuig Údarás Teagasc

D’fhógair Charlie McConalogue T.D., Aire na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ceapachán Louise Byrne chuig an Údarás Teagasc.

Is í Louise Byrne an Leas-Phríomhchigire sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tá sí freagrach as Sábháilteacht Bia agus Cothaithe, Beartas um Bharr agus Sláinte Plandaí agus is í Príomhoifigeach Sláinte Plandaí na hÉireann faoi láthair. Tá áit Eilís O Connell á thógáil aici mar ionadaí do Údarás Teagasc.

Tá Louise Byrne ag obair leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó 1998 i réimsí a bhaineann le pórú ainmhithe agus rialáil oifigiúil feadh an tslabhra bia agus cothaithe agri go príomha.  Roimhe seo, bhí sí mar Cheannasaí an Rannáin Trádála Bratimeachta agus Idirnáisiúnta bhí sí freagrach as cúrsaí a bhain le Trádáil Bratimeachta agus Idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhordú gnéithe ar fad d’fhreagairt na Roinne maidir le cinneadh an RA an AE a fhágáil.

Is as Contae Chabháin do Louise Byrne ó dhúchas agus tá sí ina cónaí i gContae na Mí anois, tá Céim san Eolaíocht Talmhaíochta aici, le speisialtóireacht in Eolaíocht Ainmhithe ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí cáilíocht Máistreachta amach in Eolaíocht Talmhaíochta ó COBÁC faoi stiúir an Dr Frank O’Mara, Stiúrthóir reatha Teagaisc. Rinneadh taighde ar a Máistreacht maidir le ‘Infhaighteacht próitéine agus fuinnimh ó fhéar agus ó bháinsí féir/seamair le linn an tséasúir fáis’ i dTeagasc, an Ghráinseach.  Tá Baitsiléir Ealaíon sa Dlí ag Lousie freisin.

Agus é ag labhairt ag cruinniú,ú de chuid Údaráis Teagaisc, i bPáirc na Darach inniu, Dé Céadaoin, 1 Márta, chuir Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagaisc, fáilte roimh Louise go dtí an tÚdarás, dúirt sé “tabharfaidh Louise neart taithí agus eolais go dtí an tÚdarás a bheidh ríthábhachtach chun eolas a dhéanamh d’ár gcinntí sna blianta atá amach romhainn. Táim ag súil le bheith ag obair i gcomhar le Louise sna blianta atá le teacht.”

Ghabh Liam Herlihy buíochas le hEilís O Connell, thar ceann an Údaráis, bainistíocht agus foireann as a hionchur i dTeagasc agus í ina ball den Údarás le cúig bliana anuas, agus ghuigh sé gach rath uirthi don todhchaí.