Clár Nua Comhairleach Cuaille Eolais i bhfeidhm
Bunaíodh seirbhís Chomhairleach Cuaille Eolais chun cuidiú le feirmeoirí a gcuid feirmeacha a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá foireann d’fhiche comhairleoirí Cuaille Eolais i bhfeidhm ar fud réigiúin chomhairleacha Teagasc agus oibreoidh siad le feirmeoirí chun pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí gás ceaptha teasa óna bhfeirmeacha a laghdú.
Tá an clár nua seo, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí aeráide agus inbhuanaitheachta ar fheirmeacha, ar fáil do gach feirmeoir agus tá sé saor in aisce. Leis an gclár, cuirfear tacaíocht thiomanta chomhairleach agus oiliúna ar fáil d’fheirmeoirí chun plean a fhorbairt a oireann dá bhfeirm.
Mar a labhair an Bainisteoir Forbartha Clár Comhairleach le bheith i gceannas ar Chlár Comhairleach Cuaille Eolais, an Dochtúir George Ramsbottom; “Tiocfaidh laghdú ar chostais leis an gcuid is mó de na gníomhartha a iarrtar ar fheirmeoirí a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí a laghdú, feabhsóidh siad feidhmíocht ainmhithe agus méadóidh siad brabúsacht feirme. Trí theicneolaíochtaí agus córais táirgthe nua agus atá ann cheana a ghlacadh, cuirfear ar chumas feirmeoirí astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú agus brabúsacht feirme a choinneáil ag an am céanna. Beidh trí bliana de rannpháirtíocht i gceist leis an gclár.”
Táthar ag impí ar fheirmeoirí dul i dteagmháil le Teagasc agus clárú don tseirbhís nua. Bunófar measúnú bonnlíne ar na gníomhartha reatha atá á gcur i bhfeidhm ar an bhfeirm.
D’fhorbair Teagasc, i gcomhar le ICBF agus Bord Bia, Ardán Digiteach Inbhuanaitheachta nua ar a dtugtar AgNav a úsáidfidh comhairleoirí chun líon a n-astaíochtaí a thaispeáint do gach feirmeoir, chomh maith leis an tionchar a bheidh ag gníomhartha sonracha ar laghdú an fhigiúir sin.
Féadfaidh tú clárú don chlár ag www.teagasc.ie/signpostsignup
Liostaítear Comhairleoirí Cuaille Eolais de chuid Teagasc thíos:
Réigiún | Comhairleoir |
Corcaigh Thoir | Brendan Smiddy |
Corcaigh Thoir | Liz Duffy |
Corcaigh Thiar | Anthony Dineen |
Corcaigh Thiar | John Crowley |
An Clár/Gaillimh | Colm Kelly |
Ciarraí / Luimneach | Rob Prendiville |
Ciarraí / Luimneach | Tom O'Connor |
Áth Cliath/Cill Dara/Laois/An Lú/An Mhí | Méabh O'Hagan |
Áth Cliath/Cill Dara/Laois/An Lú/An Mhí | Margaret Farrell |
Maigh Eo | Enda Geoghegan |
Longfort/Ros Comáin | James Mimnagh |
Dún na nGall/Liatroim/Sligeach | Garry Fisher |
Dún na nGall/Liatroim/Sligeach | Cian Devaney |
Tiobraid Árainn | Pádraig Fogarty |
Tiobraid Árainn | Leonard Betts |
Port Láirge | Séamus Kearney |
An Cabhán/Muineachán/Uíbh Fhailí/An Iarmhí | Catherine Kilmartin |
An Cabhán/Muineachán/Uíbh Fhailí/An Iarmhí | Eoghan Callaghan |
Ceatharlach/Loch Garman/Cill Mhantáin | Eoin Woulfe |
Ceatharlach/Loch Garman/Cill Mhantáin | Colm Doran |