Cuireann báinsí féaraigh il-speiceas le bitheolaíocht ithreach
Léiríonn taighde nua ó Ionad Taighde Timpeallachta Teagasc, Caisleán Bhaile Sheáin, go gcuireann éagsúlacht planda níos airde de bháinsí il-speiceas atá bainistithe go dian le bithéagsúlacht agus sláinte ithreach faoi thalamh. Léirítear sa staidéar, a foilsíodh san iris eolaíochta idirnáisiúnta ‘European Journal of Soil Biology’, mar a mhéadaigh féaraigh éagsúlacht plandaí suas go sé speiceas féar, seamair agus luibh, tháinig méadú éagsúlachta agus feidhmithe feabhsaithe chomh maith ar phobail néimeatóide ithreach ar fud réimse innéacsanna sláinte ithreach éiceolaíoch.
Úsáidtear néimeatóidí ithreach go minic mar tháscairí sláinte ithreach agus feidhmithe éiceachórais. I gcomparáid le monashaothrú plandaí foráiste, bhí fairsinge níos airde de néimeatóidí creiche ag féaraigh il-speiceas le sé speiceas. Is féidir leis seo a bheith tairbheach do rialú bitheolaíoch lotnaidí planda. Os a choinne sin, bhí fairsinge níos ísle de néimeatóidí luibhiteacha i bhféaraigh il-speiceas. Is féidir leo siúd tionchar diúltach a imirt ar fheidhmiú planda.
Is éard atá i gceist le néimeatóidí ná cruinnphéisteanna beaga bídeacha a scaiptear go forleathan agus atá fairsing sna hithreacha. Bíonn róil thábhachtacha acu i sláinte córas ithreach, go háirithe maidir le timthriall cothaitheach agus carbóin. Tá siad leochaileach ó thaobh athruithe sa timpeallacht de agus is féidir leo táscaire a thabhairt maidir le gnéithe iomadúla na mbia-eangaí ithreach agus sláinte an éiceachórais. Tá roinnt innéacsanna cáilíochta ithreach atá bunaithe ar néimeatóid ar fáil a bhaineann le feidhmiú ithreach, agus iad á ndéanamh tarraingteach mar tháscaire bithéagsúlachta ithreach.
Dúirt príomhúdair an staidéir, agus iar-thaighdeoir iardhochtúireachta le Teagasc, an Dr. Israel Ikoyi; “Léiríonn an staidéar seo, fiú maidir le féaraigh atá bainistithe go dian, is féidir le húsáid meascán foráiste il-speiceas, a chuimsíonn féara, léagúim agus luibheanna, tionchar dearfach a imirt ar phobal néimeatóide ithreach agus innéacsanna cáilíochta ithreach atá bunaithe ar néimeatóid. Is féidir le timthriall cothaitheach, lobhaidh agus fáis planda feabhsaithe a bheith mar thoradh air sin, a bhféadfadh impleachtaí tábhachtacha a bheith aige seo don tsláinte agus feidhm fhoriomlán an éiceachórais ithreach. Is toradh tábhachtach é seo a nascann éagsúlacht planda os cionn talaimh le héagsúlacht planda faoi thalamh.”
Dúirt an Dr. Fiona Brennan, Micribhitheolaí Ithreach le Teagasc; “Tá caidrimh idir planda agus ithir ríthábhachtach maidir le héagsúlacht ithreach faoi thalamh a choinneáil, agus tá príomhról acu maidir le feidhmiú agus athléimneacht córas ithreach. Nuair a dhéantar pobail phlandaí a éagsúlú, is féidir leis sin tuilleadh gnáthóg san ithir a chruthú, agus mar thoradh air sin, tacaíonn sé le pobail bitheolaíochta ithreach atá níos éagsúla. Tá na pobail sin ríthábhachtach maidir le sláinte ithreach agus planda, agus tá siad mar bhonn faoi tháirgeadh bia agus tá ról tábhachtach acu maidir leis an aeráid a rialú. Agus iarrachtaí idirnáisiúnta ár n-ithreacha a chosaint ag dul i ndéine, cuireann an páipéar seo leis an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil le bheith mar bhonn faoi beartas agus comhairle bainistíochta praiticiúil.”
Dúirt taighdeoir bithéagsúlachta agus éiceolaíochta talún feirme le Teagasc, an Dr. John Finn, “Tá tairbhí bithéagsúlachta plandaí feicthe againn cheana féin i mbáinsí il-speiceas maidir le gnéithe, ar nós táirgeadh foráiste le nítrigin níos ísle, fiailí a bhrú faoi chois, feidhmiú beostoic agus athléimneacht triomaigh. Léiríonn an taighde is déanaí tionchair dhearfacha breise maidir le báinsí il-speiceas ar bhithéagsúlacht ithreach faoi thalamh.”
Féach ar an bpáipéar eolaíoch foilsithe ag: https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S116455632300078X
Rinne an clár nuálaíochta agus taighde EU Horizon an obair seo a mhaoiniú faoin tionscadal MASTER (Uimh. comhaontaithe deontais 818368), agus Teagasc Walsh Scholarships Programme.