Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

D’fhógair an tAire Harris gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar phrintíseachtaí nua san fheirmeoireacht

D'fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD inniu gur seoladh dhá phrintíseacht nua san fheirmeoireacht.  

Conair ghairme chuig gairm bhainistíochta in earnáil na talmhaíochta atá sa phrintíseacht sa Bhainistíocht Feirme lena dtugtar an t-eolas is déanaí maidir le torthaí taighde agus dea-chleachtas sa bhainistíocht don phrintíseach chun go mbeidh sé/sí in ann gnó talmhaíochta a bhainistiú i gceart.  

Cuirtear oiliúint i scileanna in oibríochtaí laethúla, i gcomhlíonadh caighdeán tionscail agus i mbearta rialála ar phrintísigh a dhéanann an cúrsa printíseachta Teicneora Feirme chun mbeidh siad in ann obair go rathúil laistigh de chórais feirmeoireachta na hÉireann.  

Beidh printísigh in ann fostaíocht a fháil i bhfiontair feirme tráchtála amhail fiontair feirme curaíochta, déiríochta, eallaigh, muc, éanlaithe clóis, caorach, agus laonna diúil.  

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris: "Is forbairt iontach spreagúil í seo don earnáil oideachais agus feirmeoireachta araon.  

Fáilteofar roimh na chéad phrintísigh ar na cláir phrintíseachta seo i mí Mheán Fómhair. Tá na cláir seo riachtanach d’earnáil na feirmeoireachta chun go mairfidh sí go ceann i bhfad.  

Cinnteofar leis an infheistíocht seo go mbeidh rochtain ag an gcéad ghlúin eile d'fheirmeoirí ar an oideachas atá siad ag iarraidh agus atá de dhíth orthu, agus iad ag obair ar an bhfeirm an t-am ar fad."  

Beidh céim Leibhéal 7 le baint amach acu siúd a dhéanann an phrintíseacht sa Bhainistíocht Feirme agus beidh an cúrsa ar fáil ar dtús trí Choláiste Teagasc i gCill an Dátúnaigh, Baile an Phoill, Contae Chill Chainnigh, agus beidh an cúrsa eile, Teicneoir Feirme Leibhéal 6 ar fáil trí Choláistí Teagasc i gCloich na Coillte, Contae Chorcaí agus i mBéal Átha hÉis, Contae an Chabháin.  

Beidh printíseacht sa Ghairneoireacht ar fáil freisin i gColáiste Teagasc um Ghairneoireacht Taitneamhachta i nGarraithe na Lus, Baile Átha Cliath. Cuimsíonn tionscal na gairneoireachta táirgeadh stoic plandlainne, cothabháil páirceanna agus gairdíní, táirgeadh torthaí, táirgeadh glasraí, tógáil tírdhreacha agus oibríochtaí ionad garraíodóireachta. Foghlaimeoidh na printísigh a dhéanfaidh an phrintíseacht sa Ghairneoireacht an t-eolas, na scileanna agus an inniúlacht chuí chun go mbeidh siad in ann fostaíocht a fháil ina rogha réimse gairneoireachta.  

Cúrsa dhá bhliain atá i ngach ceann de na printíseachtaí lenar féidir cáilíocht aitheanta ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a bhaint amach.  

Dúirt Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta Printíseachta, an Dr. Mary Liz Trant: "Agus na cláir nua seo seolta inniu, tá os cionn 70 clár náisiúnta printíseachta ar fáil in Éirinn anois.   

Is léir go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar an saol ó thaobh scileanna agus oideachais de, nuair a chuirtear san áireamh líon na roghanna atá ar fáil anois agus an éagsúlacht sna roghanna gairmeacha beatha amhail feirmeoireacht, gairneoireacht, seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus innealtóireacht."  

Dúirt Cathaoirleach choiste Náisiúnta FAÉ do Theaghlaigh Feirme agus Gnóthaí Sóisialta, Alice Doyle: " Fáiltíonn an FAÉ roimh na printíseachtaí talmhaíochta nua lena gcuirfear conair ghairme bhreá cheart ar fáil do lucht fágála scoile, dóibh siúd atá ag obair ar fheirmeacha cheana féin agus atá ag iarraidh scileanna breise a fhoghlaim, nó a ngairmeacha beatha a athrú agus filleadh ar fhostaíocht i réimsí nua a bhfuil borradh fúthu. 

Beidh na printíseachtaí seo ina gcabhair maidir le heolas agus scileanna a fhorbairt san earnáil talmhaíochta agus beidh siad ina gcabhair maidir le heaspa oibrithe san earnáil freisin." 

Dúirt an Dr. Anne Marie Butler, Ceannasaí Oideachais ag Teagasc: "Cuireann tabhairt isteach printíseachtaí sa talmhaíocht agus sa ghairneoireacht go mór leis an oideachas agus oiliúint a chuireann Teagasc ar fáil do mhic léinn.  

Beidh deiseanna fostaíochta agus gairmeacha beatha nua ar fáil do dhaoine óga mar gheall ar na printíseachtaí seo agus táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh na printísigh nua an fómhar seo.” 

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig: communications@solas.ie