Ceapadh an Dr Karl Richards mar Cheann Láraonad Aeráide Teagasc
Cheap Teagasc Dr Karl Richards mar Cheann Láraonad Aeráide Teagasc. D’fhaomh Údarás Teagasc an ceapachán seo ag a chruinniú an tseachtain seo caite.
Feidhmíonn Dr Richards mar cheann Lárionad Aeráide Teagasc, ó mhí na Nollag 2022 i leith, nuair a lainseáladh Straitéis Gníomhaíochta ar son na hAeráide Teagasc. Tá an Láraonad Aeráide ar na príomhphiléir de Straitéis Gníomhaíochta ar son na hAeráide Teagasc.
Bhain Dr Richards céim ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath le Céim sna hEolaíochtaí Nádúrtha. Rinne Karl Dioplóma Iarchéime freisin i Staitisticí ag Coláiste na Tríonóide, sula ndearna sé PhD sa Gheolaíocht Timpeallachta.
Thosaigh Karl le Teagasc in 2002 mar Oifigeach Taighde Bithgheoiceimice, Caisleán Bhaile Sheáin, nuair a tugadh ardú céime dó mar Phríomhoifigeach Taighde. Bhí sé i gceannas ar fhoireann taighdeoirí i réimse timthrialla nítrigine lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag cleachtais bhainistíochta i dtaca le caillteanais Nítrigine a laghdú (ocsaíd nítriúil, láisteadh níotráití agus amóinia). D’fhoilsigh sé go fairsing ar chéimeanna chun ocsaíd nítriúil agus astaíochtaí níotráití a laghdú, lena n-áirítear an taighde ar úiré faoi chosaint a raibh sé i gceannas air a tosaíodh in 2012.
In 2012 ceapadh é mar Cheann Rannóg Taighde Timpeallachta, Ithreach agus Úsáid-talún in Teagasc. D’fhorbair sé an clár taighde timpeallachta, lena n-áirítear méadú mór i maoiniú taighde iomaíoch agus méadú i bhfoilsitheoireacht agus sa tionchar eolaíochta. Chuir sé tús leis an Ionad Náisiúnta Taighde agus Nuálaíochta um Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (NASRIC), lena bhfuil infheistíocht de €12.7 milliún chun saotharlanna nua a thógáil i gCaisleán Bhaile Sheáin. Threoraigh sé nua-aoisiú agus fairsingiú na n-acmhainní taighde lena n-áirítear bunú na Faireachlainne Náisiúnta Carbóin Ithreach Talmhaíochta (NASCO) agus na hacmhainne tástála Gáis Cheaptha Teasa Náisiúnta.
Thosaigh Dr Richards, agus é i gceannas ar Lárionad Aeráide Teagasc ó mhí na Nollag seo caite, ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht don Lárionad Aeráide a bhunú, lenar áiríodh eochairbhearnaí taighde a aithint, foireann iontach a earcú, an struchtúr rialachais a bhunú agus MACC Teagasc nua a fhoilsiú (Cuar Costais Laghdaithe Imeallaigh) i mí Iúil na bliana seo.
Thréaslaigh Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O Mara le Dr Richards as a cheapachán ag rá; “Tugann Karl maoin d’eispéireas taighde don ról agus tá dea-theist air i gcomhshaothar taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus i bhfoilsitheoireacht taighde i ndialanna piarmheasúnaithe. Treoróidh agus comhordóidh Lárionad Aeráide Teagasc taighde agus nuálaíocht aeráide laistigh de Theagasc agus go náisiúnta araon. Éascóidh sé earnáil talmhaíochta na hÉireann go mór maidir le gealltanais náisiúnta a shásamh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a íoslaghdú agus le bithéagsúlacht a fheabhsú.”
Dúirt an tOllamh Pat Dillon, an Stiúrthóir Taighde in Teagasc; “Tá dúshláin timpeallachta roimh an bhfeirmeoireacht maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cáilíocht an uisce a fheabhsú, bithéagsúlacht ar fheirmeacha a fheabhsú fad a fheabhsaítear caighdeáin mhaireachtála feirmeoirí a bhíonn ag cleachtadh ag an am céanna. Cuirfidh Lárionad Aeráide Teagasc a bhfuil Karl i gceannas air, in éineacht le breis acmhainní na teicneolaíochtaí atá de dhíth chun dul i ngleic leis na dúshláin aeráide agus bhithéagsúlachta.”