Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Lá Oscailte na Muc de chuid Teagasc

Thionóil Roinn Forbartha Muc Teagasc Lá Oscailte na Muc an tseachtain seo in dhá ionad, Ionad Taighde agus Nuálaíochta an Chlocháin Liath, Mainistir Fhear Maí, agus Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis. Ba é seo an chéad mhórimeacht taighde muc ar an láthair ó bhí 2019 ann. Chuir Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara, fáilte roimh na toscairí chuig an imeacht i gCabhán, agus chuir Ceann an Chláir um Thaighde agus Nuálaíocht Ainmhithe agus Tailte Féaraigh, an tOllamh Laurence Shalloo, fáilte rompu i gCorcaigh. Áiríodh ar an seisiún tosaigh freisin forléargas ar an gclár taighde a thug Ceann na Roinne Forbartha Muc, an Dr Edgar Garcia Manzanilla.

D’fhreastail os cionn 170 táirgeoir muc agus páirtí leasmhar tionscail muc ar an imeacht bliantúil dhá lá. Ba é a bhí i gceist le formáid an lae struchtúr nua, inár treoraíodh an lucht freastail trí stáisiúin idirghníomhacha. Tugadh deis iontach leis sin don lucht freastail chun torthaí an chláir taighde chuimsithigh a rinne Teagasc a fheiceáil go pearsanta, agus chun bualadh leis na taighdeoirí, comhairleoirí agus mic léinn iarchéime a dhéanann an obair agus chun plé a dhéanamh leo.

Sna stáisiúin idirghníomhacha clúdaíodh réimse leathan ábhar lenar clúdaíodh go leor saincheisteanna a raibh sé mar aidhm leo inbhuanaitheacht thionscal muc na hÉireann a fheabhsú; timpeallacht na muc a bhainistiú, feabhas a chur ar bhainistiú agus ar chothú réamhscoite agus iarscoite, galair a bhainistiú, beathú muc fáis agus muc méathaithe, agus an acmhainneacht chun táirgí muc breisluacha a fhorbairt do na margaí miondíola agus onnmhairiúcháin. Féachadh ar an lá freisin ar an mbreis is nuaí le Saoráid Taighde Muc Teagasc, is é sin foirgneamh den scoth do mhuca méathlaithe a saincheapadh chun trialacha taighde astaíochtaí ísle agus ardleasa a dhéanamh.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an Dr Keelin O’Driscoll, Taighdeoir Teagasc; “Tá cáil shuntasach ar Roinn Muc Teagasc ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn idirnáisiúnta i dtaighde ceannródaíoch muc. Chomh maith lenár gcuid oibre a chur ar taispeáint, áfach, bhí sé ina príomhaidhm leis na laethanta oscailte bheith rannpháirteach lenár bpáirtithe leasmhara ionas gur féidir linn ár gclár a dhíriú go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas amach anseo. Bhí an-ríméad orainn leis an bhfreastal ard agus leis an bplé cuiditheach ag na stáisiúin idirghníomhacha ar fad.”

Teideal:

An Dr Laura Boyle, Oifigeach Sinsearach Taighde Teagasc ag Lá Oscailte na Muc de chuid Teagasc sa Chlochán Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. Grianghraf: O'Gorman Photography.