Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Lainseáil an tAire Heydon Físeán Sábháilteachta Feithiclí Feirme agus Caochspotaí

Lainseáil an tAire Stáit, an tUasal Martin Heydon TD, ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le freagracht speisialta as Sábháilteacht Fheirme, físeán ‘Sábháilteachta Feithiclí Feirme agus Caochspotaí’ in Teagasc, Baile Átha an Rí inniu, Déardaoin, 14 Meán Fómhair.

Tá an físeán mar chuid de Bhainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta Feirme a rinne Teagasc i gcomhar le FBD Insurance agus an Coiste Comhairleach um Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Feirme don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Ag labhairt ag an léiriú, dúirt an tAire Heydon; “Aibhsíonn an físeán seo agus na léirithe praiticiúla, a sholáthrófar ag cúrsaí oiliúna agus imeachtaí, na rioscaí bainteach le gluaiseacht fheithiclí feirme go soiléir, go háirithe i gclóis fheirme chúnga.”

Dúirt an tAire freisin: “Tá sábháilteacht feirme bunaithe ar na rioscaí a thuiscint agus ag glacadh leis na céimeanna praiticiúla chun an baol gortaithe a íoslaghdú. Molaim do gach feirmeoir féachaint ar a gclóis, chun caochspotaí a aithint, agus sula dtosaítear le haon tasc a dhéanamh le hinnealra trom má thógtar na réamhchúraimí cuí. Féadtar linn an líon do-ghlactha de ghortaithe agus básanna ar fheirmeacha na hÉireann a laghdú trí chontúirtí a aithint agus a mheas agus trí chéimeanna a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leo.”

Díríonn an físeán ar fheasacht a mhéadú agus ar chéimeanna a thógáil chun an fhéidearthacht go mbuailfeadh tarracóir nó feithicil fheirme duine a sheachaint, go háirithe i gclóis fheirme, a mbíonn thart ar 80% de bhásanna feithiclí feirme ann. Déileálann an físeán seo le dearadh clóis fheirme lena n-áirítear leithscaradh coisithe agus an úsáid shábháilte de tharracóirí comhaimseartha móra. 

Díríonn an físeán seo ar ‘Chaochspotaí’ in áiteanna mbíonn srianta curtha ar radharc tiománaí tarracóra, rud a chiallaíonn nach bhféadtar leis an tiománaí daoine atá gar don fheithicil a fheiceáil. Bíonn sé níos deacra fiú daoine níos ísle in airde agus páistí a fheiceáil sna caochspotaí. Léiríonn an físeán an chaoi a méadaíonn luas tarracóirí an baol go mbuailfí duine.  Fiú amháin ag 10 kph, taistealaíonn tarracóir 2.8 méadar in aghaidh an tsoicind, rud nach dtugann mórán ama d’fhianaiseach bogadh chun timpiste a sheachaint.

Rinneadh an físeán Sábháilteachta Feithiclí Feirme agus Caochspotaí i ndiaidh taighde PhD a rinne Iníon Aswathi Surendran, ag Scoil na Síceolaíochta, Ollscoil na Gaillimhe i gcomhar le Teagasc in ionaid Bhaile Átha an Rí agus Chill an Dátúnaigh.

Dhírigh taighde Iníon Surendran ar ‘Idirghabhálacha Iompair a Fhorbairt agus thástáil go Píolótach le haghaidh Sábháilteacht Innealra Feirme’ agus mhaoinigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) é trí Thionscadal Taighde BeSafe Theagasc. Thaispeáin Iníon Surendran cé “go dtuigeann feirmeoirí go bhfuil caochspotaí ann agus go dtógann sé am do tharracóirí stopadh, ní thuigeann siad go minic an méid nach féidir leo a fheiceáil agus an t-achar a fhéadtar le tarracóir bogadh i ndiaidh na coscáin a bhrú’.

Theastaigh ón bhfoireann tionscadail cinntiú go mbeadh tionchar dearfach ag tionchar na gceardlann ar leibhéal na feirme. D’oibrigh siad le feirmeoirí chun cabhrú leo oiliúint a chur ar a muintireacha agus bhfostaithe faoi chaochspotaí agus luas tarracóirí trína gceardlanna féin a reáchtáil ar a bhfeirmeacha féin. 

Luaigh Iníon Surendran go ndúirt feirmeoirí a ghlac páirt ann gurbh eispéireas foghlama luachmhar agus taitneamhach é an clár. Bhain siad taitneamh as páirt a ghlacadh sa léiriú faoi na caochspotaí agus roinn siad a sásamh i dtaca leis an deis chun páirt a ghlacadh le hoiliúint fheirme baile ina dhiaidh sin.

Féadtar an físeán ‘Sábháilteachta Feithiclí Feirme agus Caochspotaí’ a fheiceáil ag https://www.teagasc.ie/rural-economy/farm-management/farm-health--safety/videos/

Ba cheart go dtabharfaí faoi deara go bhfuil sé de dhíth ó Chód Cleachtais Sábháilteachta Feirme Leanaí agus Óige go gcaitear leanaí ina n-aonar a choimeád amach ó áit oibre feirme nuair a bhíonn obair chontúirteach ar bun ann.

Ghabh an fhoireann taighde buíochas le gach feirmeoir a ghlac páirt ann as a n-ionchur. Gabhtar buíochas leis an Uasal John Fitzgerald, Port Lách, Co. Phort Láirge agus an tUasal Thomas Moloney, Agra-Chonraitheoir, An Chloichín, Co. Thiobraid Árann as a n-ionchur.