Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Leanann boilsciú praghsanna ionchuir gairneoireachta in 2023

Le blianta beaga anuas, tá boilsciú praghsanna ionchuir san earnáil gairneoireachta tagtha i réim.  Tá fréamhacha aige seo sa Bhreatimeacht, an phaindéim Covid agus le déanaí ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin. 

  • Tá roghbhlúire de phraghsanna ionchuir tógtha ag Teagasc i Mí an Mhárta 2023 i gcomparáid le Mí an Mhárta 2022. Tá boilsciú praghsanna ionchuir gairneoireachta á dtuairisciú ag fo-earnálacha trasna formhór na n-ionchur seachas fuinneamh. Tá fuinneamh fós ar a laghad 100% níos costasaí ná mar a bhí in 2021.
  • Cé go bhfuil príomhtháirgeoirí gairneoireachta, den chuid is mó, tar éis roinnt arduithe praghsanna aschuir a fháil in 2022, ciallaíonn an boilsciú praghsanna ionchuir leanúnach gur dúshlán leanúnach é costais thar chorrlach a bhaint amach do go leor fiontar gairneoireachta.
  • Le blianta beaga anuas, scoir go leor príomhtháirgeoirí san earnáil glasraí agus earnálacha eile den trádáil agus tá táscairí luath don séasúr 2023 ag léiriú go leanfaidh sé ar aghaidh mar seo, Measann Teagasc go mbeidh laghdú 7% i réimse táirgeadh glasraí goirt in 2023, bunaithe ar teagmháil díreach le saolthróirí. 
  • Ní raibh tábhacht buntaca a thabhairt do tháirgeadh gairneoireachta na hÉireann i bhfócas níos mó i ndiaidh ganntanas déanaí i línte táirge áirithe agus fadhbanna slabhraí soláthair.
  • Beidh freagairt mhargaidh riachtanach chun inmharthanacht a chinntiú in earnáil a chuireann táirgeadh áitiúil, cothaitheach, úr, ar an gcaighdeán is airde, ar an tseilf.

Le luach €477 milliúin ag geata na feirme, is é earnáil na gairneoireachta an ceathrú earnáil is mó i ndiaidh déiríocht, mairteoil, muca i dtéarmaí oll-aschur tráchtearraí talmhaíochta in Éirinn. Tá earnáil na gairneoireachta éagsúil agus clúdaíonn sé gairneoireacht plandaí agus bia.  Maidir le bia gairneoireachta, áirítear muisiriún, prátaí, glasraí goirt, torthaí boga, barr faoi chosaint agus torthaí lasmuigh.  Maidir le gairneoireacht taitneamhachta, áirítear stoc plandlainne,barr faoi chosaint, duilliúr gearrtha, agus bláthanna agus bleibíní lasmuigh. 

Le déanaí, rinne Roinn Forbartha Gairneoireachta de chuid Teagaisc boilsciú praghsanna ionchuir gairneoireachta thar go leor ionchuir a mheas.  Príomhaidhm na tuarascála seo,mar is ionann agus tuarascálacha eile, ná fíricí cothrom le dáta a thabhairt chun solais maidir le hardú ionchuir praghsanna ar leith anois i gcomparáid le Mí an Mhárta 2022.  Tá an faisnéis am íogair seo tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na harduithe i gcostais táirgthe don séasúr seo, mar beidh ar na praghsanna a ndéantar x orthu anois do tháirgeadh a sholáthrófar in 2023 na harduithe seo a léiriú. Thar gach fiontar, tá ardú suntasach tagtha ar praghsanna ionchuir, go háirithe saothar, ábhar pacála, leasachán agus réimse ionchuir eile atá ina ngné mhór de tháirgeadh.

Dúirt Dermot Callaghan, Ceannasaí na Roinne Forbartha Gairneoireachta de chuid Teagasc, “Cé go bhfuil Breatimeacht, Covid 19 agus an géarchéim Úcránach leanúnach tar éis praghsanna ionchuir a ardú i bhfad le cúpla bliain anuas, leanann boilsciú praghsanna ionchuir in 2023.  Nuair a leagamar amach an treocht praghsanna ionchuir seo a bhí ag dul in airde i gcoinne an treocht cúig bliana dhéag a bhí ag dul síos maidir le praghsanna miondíola Torthaí agus Glasraí mar a léiríodh sa tuarascáil, tá sé soiléir cén slí go bhféadfaí príomhtháirgeoirí a chur faoi bhrú.  Tá freagairt ón margadh riachtanach má tá inmharthanacht na hearnála le cothabháil, agus má tá táirgeadh áitiúil, cothaitheach, úr, ar an gcaighdeán is airde, ar sheilfeanna na n-ollmhargaí le coinneáil ag dul ar aghaidh.

Is féidir an tuarascáil iomlán seo a íoslódáil ag:

https://www.teagasc.ie/publications/2023/horticulture-crop-input-price-inflation-2023.php