Léiríonn staidéar tábhachtach nua go ndearnadh fíor-rómheastachán ar limistéar na n-ithreacha móna féaraigh draenáilte
San fhardal náisiúnta gáis cheaptha teasa, meastar an earnáil talamhúsáide in Éirinn a bheith ina príomhfhoinse astaíochtaí agus meastar go n-ardóidh siad go 11.1 Milliún Tonna CO2 eq in aghaidh na bliana faoi 2030*. Faoi láthair, glactar leis go gcuireann astaíochtaí ó ithreacha móna féaraigh suas le 9 Milliún Tona CO2 eq den líon iomlán sin, i ngeall ar an toimhde go ndéantar 335,000 heicteár a dhraenáil. Tá an meastachán sin an-neamhchinnte agus braitheann sé ar roinnt toimhdí maidir leis an stádas draenála, rangú talún, fairsinge achair, stádas cothaitheach agus fachtóirí astaíochtaí i gcás ithreacha móna talmhaíochta. Tá tástáil á déanamh ar na toimhdí sin ag taighde leanúnach san Fhaireachlann Náisiúnta um Charbón Ithreach Talmhaíochta agus taighde eile in Ionad Aeráide Teagasc chun feabhas a chur ar na meastacháin astaíochtaí agus chun a shainaithint cad is féidir le feirmeoirí a dhéanamh chun na hastaíochtaí sin a laghdú.
Le torthaí ó staidéar tábhachtach ó Teagasc, arna fhoilsiú sa Journal of Environmental Management, Déardaoin an 22 Meitheamh, tá fianaise iontaofa ar fáil den chéad uair maidir le stádas draenála na n-ithreacha móna féaraigh. Leis an staidéar, bunaítear raon cásanna maidir le stádas iarbhír draenála na n-ithreacha móna, a measann na n-astaíochtaí a bheith sa raon 3.6 – 4.7 M T CO2 eq, arb ionann é sin agus coigilteas suas le 60% ar mheastacháin reatha fardail. Tagraíonn na luachanna sin do limistéar draenáilte sa raon 90,000 go 120,000 heicteár. Díríonn an staidéar ar stádas draenála ithreacha móna talmhaíochta agus comhcheanglaíonn sé sonraí stairiúla agus na sonraí is déanaí chun léargais nua a thabhairt ar chleachtais draenála portaigh, ar iarrachtaí draenála stairiúla agus ar éifeachtúlacht dóchúil ar scála náisiúnta.
Mar a mhínigh an Dochtúir Pat Tuohy, Teagasc, ‘cé go bhfuil limistéir mhóra de thalamh portaigh athraithe óna staid nádúrtha go talmhaíocht féaraigh, níl aon fhianaise ann a thacódh gur tharla draenáil éifeachtach riamh ar an oiread talún agus a ceapadh roimhe seo. Teastaíonn tuilleadh imscrúdaithe ar stádas draenála gach ithreach móna féaraigh.’
Seo mar a labhair an tOllamh Owen Fenton, Teagasc, ‘‘Tá an coigilteas astaíochtaí féideartha seo molta ag an staidéar seo trí bhlianta d’fhianaise a bhaineann le stádas draenála ithreacha móna a thiomsú. Thángamar ar shonraí i litríocht agus i dtuarascálacha eolaíochta náisiúnta, rud a chuir ar ár gcumas figiúr náisiúnta níos cruinne a mholadh don stádas draenála.’
D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag cur i bhfeidhm na dtorthaí seo ar na hastaíochtaí measta ó ithreacha móna féaraigh agus ar bhonn níos leithne ar an earnáil úsáide talún, athraithe ar úsáid talún agus foraoiseachta (LULUCF), agus d’fhéadfadh an páipéar sin tacú le beartas a bhaineann leis na hithreacha seo agus lena mbainistiú. Trí thionchar an stádais draenála ar na hithreacha seo a chainníochtú go cruinn, is féidir le hÉirinn straitéisí spriocdhírithe a ghlacadh chun astaíochtaí CO2 a mhaolú agus cinntí eolasacha beartais a dhéanamh a chuideoidh le todhchaí níos glaise. Cé go dtugann an obair seo an fhéidearthacht athruithe dearfacha a dhéanamh i dtéarmaí astaíochtaí LULUCF, d’fhéadfadh go n-eascródh astaíochtaí méadaithe mar gheall ar mhionchoigeartú gnéithe eile, atá fós le cainníochtú.
Le haghaidh Tuilleadh Eolais, tabhair cuairt ar
https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0301479723011799?dgcid=author
Drainage status of grassland peat soils in Ireland: Extent, efficacy and implications for GHG emissions and rewetting efforts.
Údair: P Tuohy, L O’Sullivan, C.J. Bracken, O. Fenton