Taighdeoirí Theagaisc san Áireamh ar Liosta Clarivate de Thaighdeoirí is mó a Luaitear 2023
Tá Teagasc thar a bheith sásta a fhógairt gur ainmníodh triúir thaighdeoirí de chuid Teagaisc ar an Liosta de Thaighdeoirí is mó a Luaitear ó Clarivate do 2023. Aithnítear taighdeoirí sa liosta a léirigh tionchar suntasach ina réimse taighde, trí fhoilseachán go leor páipéar eolaíochta a luaitear go minic. Ainmníodh sé mhíle, ocht gcéad daichead a naoi taighdeoir ó institiúidí i 67 tír agus réigiún mar Thaighdeoir is mó a Luaitear 2023.
Is iad seo a leanas an triúir taighdeoirí:
An tOllamh Brijesh Tiwari (Eolaíochtaí Talmhaíochta)
An tOllamh Brijesh Tiwari, Príomhoifigeach Taighde, Roinn Ceimic an Bhia agus Teicneolaíochta ag Teagasc, agus Ollamh (Taca) an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Éire. Príomhthaighdeoir ag BiOrbic- Ionad Taighde Bithgheilleagar FEÉ I measc a chuid taighde tá cur i bhfeidhm phróiseáil bia nuálach, teicneolaíochtaí eastósctha agus leasaithe, agus fócas láidir ar iniúchadh maidir le gnéithe bithcheimiceáin bhia agus tháirgí bia. Tá a chuid taighde reatha dírithe go háirithe ar iniúchadh maidir le réitigh ghlasa agus inbhuanaithe do dhúshláin thionscal an bhia.
An tOllamh Paul Cotter (Trasréimse)
An tOllamh Paul Cotter, Ceann Roinn Eolaíochtaí Bitheacha an Bhia ag Teagasc, Príomhthaighdeoir in APC Microbiome Ireland agus Ionaid Taighde FEÉ VistaMilk, ollamh taca i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus príomhoifigeach teicneolaíochta mac-chuideachta Theagaisc/ APC, SeqBiome. Tá taighde Paul bunaithe ar mhicribhitheolaíocht agus micribhithóim bhia (go háirithe bianna coipthe agus bianna déiríochta eile), próiseáil bia agus comhshaol táirgthe agus an chonair ghastraistéigeach d’fhonn flóra na stéige sláintiúil a chothabháil/ a bhunú trí idirghabháil dhiaiteach.
An tOllamh Catherine Stanton
(Micribhitheolaíocht)
An tOllamh Catherine Stanton, Príomhoifigeach Taighde ag Roinn Eolaíochtaí Bitheacha an Bhia ag Teagasc, an Roinn Síciatrachta, COC agus Príomhthaighdeoir in APC Microbiome Ireland agus Ionaid Taighde FEÉ VistaMilk. I measc a cuid taighde, tá gnéithe cothaitheacha dhéiríochta agus bhianna feidhmiúla, cultúir phróibhitheach, táirgeadh meitibilíte bithghníomhach, agus próitéin shláintiúil agus saillte sláintiúla (lena n-áirítear aigéad líonoiléach comhchuingeach, aigéid shailleacha gearrshlabhracha) a dhéanann baictéir na stéige a tháirgeadh. Tá suim mhór aici sa mhicribhithóm le linn toirchis agus sa naíonacht freisin.
Agus Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagaisc ag déanamh comhghairdeas le hOllúna Tiwari, Cotter agus Stanton, dúirt sé; “Is éacht iontach é seo do Brijesh, Paul agus Catherine a bheith ainmnithe mar dhuine de na Taighdeoirí is mó a Luaitear 2023 ar an liosta Clarivate. Léiríonn sé an tábhacht agus tionchar leathan a gcuid taighde agus na bhfoirne a threoraíonn siad.”
Is féidir liosta iomlán de na Taighdeoirí is mó a Luaitear 2023 a fheiceáil anseo https://clarivate.com/highly-cited-researchers/
Bíonn go leor Páipéar is mó a Luaitear (Highly Cited Papers™) ag gach taighdeoir atá rangaithe sa chéad 1% de réir lua dá réimse (réimsí) agus bliain foilseacháin sa Web of Science le deich mbliana anuas. Ní hé gníomhaíocht lua an t-aon táscaire roghnúcháin. Déantar réamhliosta bunaithe ar ghníomhaíocht lua a bheachtú ag baint úsáid as breithiúnas saineolaithe. Maidir le daonra an domhain d’eolaithe agus eolaithe sóisialta, is 1 as 1,000 iad Taighdeoirí is mó a Luaitear.