Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Comhoibriú straitéiseach idir Teagasc agus SETU chun an earnáil Saothraithe, Brachaidh, Grúdaireachta agus Driogtha in Éirinn a chur chun cinn.

Is é Oirdheisceart na hÉireann an phríomhcheantar le haghaidh táirgeadh ghráinne d’earnáil na ndeochanna in Éirinn, tá grúpa náisiúnta de ghrúdlanna, drioglanna agus tithe braiche le fáil ann freisin mar aon leis an t-aon chlár onóracha ab initio sa Ghrúdaireacht agus Driogadh in Éirinn. 

Chuir Teagasc agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), a séala le comhoibriú straitéiseach spreagúil nua an tseachtain seo chun mol nuálaíochta grúdaireachta agus driogtha náisiúnta a chruthú sa réigiún.  Agus iad ag cur le saineolas atá ann cheana, oibreoidh an dá eagraíocht i ndlúthchomhar le chéile, tríd an Ionad Náisiúnta do Ghrúdaireacht agus Driogadh nua (NCBD) lonnaithe i mBaile an Phaghanaigh i gCeatharlach, ar réimse tionscnaimh lena n-áirítear rannpháirtíocht tionscail feabhsaithe, taighde comhoibríoch, oideachas, oiliúint agus rannpháirtíocht sa phobal.  Táthar ag súil go gcruthófar iarrachtaí suntasacha agus comhordaithe leis an gcomhpháirtíocht seo chun tacú le fás inbhunaithe leanúnach an earnáil bhrachaidh, grúdaireachta agus driogtha in Éirinn le taighde ‘go pointe an tionchair’ spriocdhírithe agus tacaíochtaí tionscail agus forbrófar deiseanna oideachasúla agus gníomhaíocht taighde idirdhisciplíneach san earnáil seo.

Beidh an NCBD ina ionad intíre barr feabhais maidir le grúdaireacht agus driogadh beidh áiseanna agus foireann ann d’fhorbairt agus caomhnú na dtionscal seo.  Faoi láthair sa chéad chéim den fhorbairt, táthar ag díriú ar oibriúchán na n-áiseanna chun amhábhar a thástáil do bhrachadh agus táirgeadh baisceanna saincheaptha de bhraich speisialaithe d’earnáil na mbeorach ceirde nó baisceanna a thástáil do na cuideachtaí driogtha níos mó.  Tá tús curtha le pleananna don dara céim, i measc seo tá cistí a fháil don trealamh riachtanach chun tacú le sraith áiseanna a thacóidh le taighde grúdaireachta agus driogtha ar bhonn píolótach, de réir mar is gá don earnáil.  Cuideoidh sé seo leis an tionscal deiseanna a chruthú chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha, oiliúint agus scilbhisiú a dhéanamh ar an bhfoireann, agus deis a thabhairt d’oiriúnú teicneolaíochta chun éilimh tomhaltóirí, iomaíocht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Anuas ar thionscadail taighde spriocdhírithe, cistithe trí chistí poiblí/ tráchtála, is é mian an NCBD tacú le hoideachas, oiliúint, taighde agus nuálaíocht taobh istigh d’earnáil na ndeochanna lena gcuimsítear gach céim agus páirtí leasmhar ó oideachas, agranamaíocht, táirgeadh go dtí an táirge críochnaithe.   De réir Uas. Lisa Ryan, bainisteoir NCBD, ‘Tá an-chiall ag baint leis an gcomhoibriú seo ós rud é go bhfuil aidhm comhroinnte ag SETU agus an Ionad Náisiúnta do Ghrúdaireacht agus Driogadh (NCBD) chun an chéad ghlúin eile de Bhraicheadóirí, Grúdairí agus Driogairí a chur chun cinn agus a fhorbairt chun tacú leis na tionscail seo a bhfuil deiseanna gairme spreagúla cruthaithe acu in Éirinn. Cuideoidh an chomhpháirtíocht NCBD; SETU le hoiliúint teagmhálach tríd an NCBD ag tabhairt buntáiste shoiléir do chéimithe agus iad ag dul isteach in áit an mhargaidh’.

Bhunaigh SETU an chéad chlár onóracha i sa Ghrúdaireacht agus Driogadh ar Oileán na hÉireann sa bhliain 2016.   Is clár tionscaldhírithe é ag cónascadh eolaíocht, innealtóireacht, gnó agus margaíocht mar aon le taighde, nuálaíocht agus fiontraíocht.  Tá an clár ar cheann de cheithre chlár ar domhan a bhain aitheantas gairmiúil amach ón Institute of Brewing and Distilling (IBD), agus bíonn léachtóirí agus taighdeoirí ag obair i ndlúthchomhar leis an tionscal lena gcinntítear go mbaineann céimithe riachtanais a gcuid fostóirí sa todhchaí amach sna tionscail Ghrúdaireachta agus Driogtha, agus a chinntiú freisin go bhfuil siad in áit chun dul isteach go gairm taighde, tabhairt faoi a thuilleadh taighde nó a bhfiontar féin a thosú. Trí chomhpháirtíocht institiúide le Henan University sa tSín, tá breis agus 100 mic léinn cláraithe ar an gclár freisin, agus óstálann SETU líon taighdeoirí atá ag dul i méid ina saotharlanna Anailís ar Thoradh Alcóil.   Tá an clár ar cheann de shraith clár SETU sa Bhia-eolaíocht, Talmhaíocht, Bainistíocht Feirme, Turasóireacht, Gnó Talmhaíochta, Ealaíona Cócaireachta agus Gairneoireacht, agus é ag caint ag imeacht an tseachtain seo Dúirt Dr. David Ryan de chuid SETU ‘Is deis chinniúnach é an comhoibriú seo chun an Earnáil Bhrachaidh, Ghrúdaireacht agus Driogadh a leathnú in Éirinn.  Mar aon leis an gcaidreamh atá ann cheana idir Teagasc agus SETU a dhéanamh foirmeálta, nascann sé go straitéiseach láidreachtaí SETU maidir le tacú leis an earnáil talmhaíochta agus tionscail bhia dúchasacha’.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin NCBD, téigh i dteagmháil le Lisa Ryan ag an Ionad Náisiúnta do Ghrúdaireacht agus Driogadh  agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi chéim onóracha SETU sa Ghrúdaireacht agus Driogadh, téigh chuig leathanach gréasáin an chláir ar shuíomh gréasáin SETU