Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Bearnaí a Líonadh sa Slabhra Breisluacha Próitéin Phlandabhunaithe Eorpach Foilsíonn Teagasc Mapa Scéala Idirghníomhach

Tá go leor dúshlán roimh an aistear i dtreo chóras bia Eorpach claochlaithe trí fhorbairt bhreisluacha plandabhunaithe nua, mar a léirigh taighdeoirí agus saineolaithe tionscail ó Éire, an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeirbia. Chuir an fhoireann tionscadail VALPRO path taighde deascbhunaithe, agallaimh agus ceardlanna i gcrích le saineolaithe idirnáisiúnta chun castachtaí na ndúshlán seo a phlé. Ina dhiaidh sin, agus an fhaisnéis a bailíodh a úsáid, tá foireann Theagaisc tar éis mapa scéala ar líne a fhorbairt darbh ainm “An Chuisle a Bhraith: Bearnaí a Líonadh i Slabhra Breisluacha Próitéin Phlandabhunaithe an AE.”

Is treoir chuimsitheach é an mapa scéala dinimiciúil, atá ar fáil ag an nasc seo, déantar bearnaí thar gach céim den slabhra breisluacha próitéin phlandabhunaithe a aithint agus a chur i láthair go físiúil ann. Trí dhíriú ar barraí próitéine ardluacha a fhástar san AE amhail piseanna, lúipíní, sicphiseánaigh, pónairí leathana, planda pónairí soighe, agus lintilí, tá sé mar aidhm ag na léargais páirtithe leasmhara atá mar chuid den phleanáil straitéiseach a chumasú, forbairt chás gnó, agus tionscnaimh chlaochlaithe taobh istigh den chóras bia Eorpach.

Ó phríomhthorthaí an mapa scéala, léirítear bearnaí criticiúla thar na céimeanna slabhra breisluacha:

Céim Ionchuir:

  1. Cuirtear bac ar acmhainneacht léagúim i gcórais feirmeoireachta Eorpacha de bharr ganntanas i gcineálacha léagúm gráinneach cláraithe atá inoiriúnaithe d’aeráidí éagsúla.
  2. Léirítear ó shonraí ón mBunachar Cineálacha Plandaí difríocht shuntasach i gcineálacha cláraithe idir léagúim gráinneacha agus cruithneacht.
  3. Mar thoradh ar tháirgí cosaint phlandaí cláraithe neamhleor, bíonn ganntanas ionchuir maidir le bainistiú lotnaidí, galair agus fiailí i léagúim atá próitéinsaibhir, rud a bhíonn tionchar aige ar sheasmhacht toradh bharra.

Céim Saothraithe agus Táirgthe:

  1. Cuirtear bac ar ardtoraidh le heaspa miontacaíocht chomhairleach feirme, easpa oideachais agus oiliúna agus cuirtear srian ar deiseanna nuálaíochta feadh an tslabhra breisluacha.
  2. Tá torthaí léagúim ghráinneacha faoina gcumas san Eoraip faoi láthair, léirithe ag an bearna toraidh ábhartha a cuireadh i láthair sa mhapa scéala.

Céim Próiseála agus Pacáistíochta:

  1. Is féidir le teicneolaíochta atá ann cheana uigeachtaí comhábhair phlandabhunaithe a athrú, tá teicnící breise ag teastáil áfach, lena ndéantar airíonna céadfacha agus feidhmiúlacht a chinntiú.

Céim Margaíochta agus Dáilte

  1. Tugtar bearnaí cumarsáide bainteach le lipéadú, caighdeáin mhargaíochta, agus brandaí faoi deara.
  2. Cuireann bearnaí faisnéise tomhaltóirí le mearbhall agus imní, rud a chruthaíonn bearna ag an gcéim díolacháin agus miondíola.
  3. San earnáil bhia, cuireann bearnaí faisnéise agus promóisin mhiondíola neamhréireacha bac ar aitheantas thréithe leithleacha maidir le próitéiní plandabhunaithe.

Léirítear leis an mapa an tábhacht a bhaineann leis an gcomhthéacs institiúideach mar thionchar ar na bearnaí seo. Déantar suntas go bhfuil ról ag rialtais agus déantóirí beartais ar lámh amháin, agus an tsochaí agus daoine aonair ar an lámh eile, maidir le dul i ngleic leis na bearnaí seo.

“Déanfaimid athbhreithniú agus nuashonrú ar an mapa scéala seo le linn an tionscnaimh VALPRO Path ionas gur féidir linn na teachtaireachtaí atá á gcur in iúl againn a bheachtú, na dúshláin atá ann fós á dtabhairt chun solais agus an dul chun chinn á léiriú ag an am céanna.” arsa comhordaitheoir thionscadail VALPRO Path an Dr. Ewen Mullins ó Theagasc.

Tá an mapa scéala ar fáil ag https://arcg.is/15Wb5T0 agus tagann sé le sraith físeána léiríodh le déanaí mar chuid den tionscadal freisin.

Maidir leis an tioscadal VALPRO Path

Ó leas a bhaint as próisis ar an bhfeirm go samhlacha gnó a chruthú, tá sé mar aidhm ag VALPRO Path aisteoirí slabhra bia a iompú i dtreo táirgeadh próitéin phlanda inbhuanaithe. An misean is ea chun a bheith mar cheannródaí maidir le féidearthachtaí úra, agus slite a dhearbhú agus a chur in iúl chun táirgeadh próitéin phlanda a chur chun chinn do bhia agus do chothú san AE.

Tá an tionscadal VALPRO Path comhchistithe ag taighde agus clár nuálaíochta Fhís Eorpach de chuid an Aontas Eorpaigh agus tá an t-eolas ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail, mar aon le FacebookLinkedinTwitter agus Youtube.

Comchistithe ag an Aontas Eorpach. Baineann na dearcaí agus tuairimí a chuirtear in iúl leis an údar (na húdair) amháin áfach, agus ní hé go léiríonn siad dearcaí agus léargais an Aontais Eorpaigh ná na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde. Ní féidir an fhreagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an údaráis deonúcháin maidir leis na dearcaí agus tuairimí sin.