Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Tugann FBD €6 mhilliún d’ionad taighde dírithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus inbhuanaitheacht comhshaoil thalmhaíocht na hÉireann a fheabhsú

D’fhógair An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD inniu go bhfuil deonachán de €6 mhilliún san iomlán déanta ag FBD Holdings plc, FBD Trust CLG agus Farmer Business Developments Plc d’fhorbairt Ionad nua do Thaighde Ainmhithe agus Féarthalaimh Inbhuanaithe ag Teagasc, An Chloch Liath, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí.

Beidh an deonachán suntasach de €6 mhilliún do shaoráid taighde úrscothach maidir le beostoc féarthalamhbhunaithe ina phríomhspreagadh chun tacú le feirmeoirí a gcuid spriocanna aeráide maidir le laghdú a bhaint amach agus a chinntiú go bhfuil an tionscal inbhuanaithe i dtaca leis an gcomhshaol, an geilleagar agus go sóisialta do na glúnta atá le teacht.  Soláthrófar bonneagar taighde bunriachtanach san ionad beartaithe chun tacú le taighde a bhaineann le haeráid, mar aon le taighde a éascú ar féidir réitigh nuálacha a sholáthar chun inbhuanaitheacht comhshaoil chórais féarachbhunaithe a fheabhsú agus éifeachtúlacht earnáil athchogantach na hÉireann a fheabhsú. Nuair a dhéanfar é a thógáil, ainmneofar an tIonad i ndiaidh Padraig Walshe, nach maireann.

Rachaidh Teagasc i mbun pleanáil shonrach na saoráide nua, a bheidh faoi réir gnáthphróisis ceaduithe agus rialuithe do thionscadail caipitiúil san earnáil phoiblí.

Agus é ag labhairt i Mainistir Fhear Maí inniu, chuir Charlie McConalogue An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte roimh chinneadh FBD Group chun an deonachán airgeadais thar a bheith suntasach seo a dhéanamh d’fhorbairt na saoráide taighde nua. Dúirt sé; “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FBD as ucht a thacaíocht fhlaithiúil do thaighde earnála poiblí, agus i gcoitinne as ucht a thacaíocht seanbhunaithe do thionscadail san earnáil agraibhia. Déanfaidh an infheistíocht nua seo cumas taighde talmhaíochta a fheabhsú, atá chomh tábhachtach chun dul i ngleic le príomhdhúshláin atá roimh an earnáil talmhaíochta, lena n-áirítear straitéiseacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus caillteanais chothaitheacha don uisce a laghdú. Mar náisiún a dhéanann bia a tháirgeadh, ba mhaith liom go mbainfidh Éire na riachtanais chomhshaoil seo amach, agus aschur talmhaíochta ríthábhachtach á chothabháil ag an am céanna. I ndáil leis seo, beidh fócas láidir ar iomaíocht a chur chun cinn agus réimse réitigh eolaíochta a fhorbairt chun tacú le táirgiúlacht.

Cuirim fáilte roimh uaillmhianta  Teagaisc agus táim ag tnúth leis na pleananna mionsonraithe atá á bhforbairt sna míonna amach romhainn.”

Dúirt Tomás Ó Midheach, Príomhfheidhmeannach FBD Holdings Plc: “Cuideoidh tacaíocht FBD maidir leis an tionscnamh ríthábhachtach seo le taighde a bhaineann le haeráid a chur chun cinn.  Dúinne anseo in FBD Insurance, táimid thar a bheith sásta a bheith rannpháirteach mar tá ról againn ar fad dul i ngleic le riachtanais aeráide ár linne. Tá an pobal feirmeoireachta ag obair go dian chun ab spriocanna astaíochta de 25% maidir le laghdú a bhaint amach faoi 2030. Creidimid go bhfuil an cumas ag an taighde seo a dhéanfaidh Teagasc ag an saoráid seo rannchuidiú leis an laghdú seo ar bhealach mór agus fiúntach.”

Dúirt Michael Berkery, Cathaoirleach FBD Trust CLG: “Tá FBD Trust thar a bheith bródúil tacaíocht a thabhairt don tionscnamh taighde agus eolaíochta seo agus a bheith bainteach leis.  Tá an obair thábhachtach seo a chuirfidh Teagasc i gcrích ag an saoráid seo sa Chloch Liath i gcomhréir le spriocanna FBD Trust CLG agus chun suimeanna Theaghlaigh Feirme na hÉireann agus earnáil feirmeoireachta na hÉireann a chur chun cinn.”

Dúirt Pat Murphy, Cathaoirleach Farmer Business Developments Plc: “Tá ríméad orainn tacaíocht a thabhairt do Theagasc san fhiontar ríthábhachtach seo agus creidimid go bhfuil sé in oiriúint go n-ainmneofar an tIonad nua i ndiaidh ár gcomhghleacaí a bhraithimid uainn go mór, Padraig Walshe, nach maireann.  B’fheirmeoir déiríochta féarbhunaithe ceannródaíocht é Padraig agus ba luathghlacadóir i gcónaí é de na teicneolaíochtaí ba dhéanaí ar a fheirm déiríochta i gCo. Laoise a bhain duaiseanna amach. Chuir sé go mór le talmhaíocht agus feirmeoireacht araon in Éirinn agus thar lear freisin, bhí sé mar uachtarán Mhacra na Feirme, Uachtarán IFA, Uachtarán COPA, Cathaoirleach Farmer Business Developments plc agus réimse leathan gníomhaíochtaí eile. Bhí Padraig go mór ar son Teagaisc ag an gCloch Liath thar na blianta, agus bhí díocas air i gcónaí maidir leis na forbairtí taighde ba dhéanaí.”

Dúirt Stiúrthóir Teagaisc Frank O’Mara: “Beidh deis ag Teagasc tabhairt faoi thaighde leis an tsaoráid nua seo chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh thalmhaíocht sa lá atá inniu ann, agus deis a thabhairt chun tabhairt faoi mhiontaighde meicníoch atá de dhíth go práinneach chun réitigh nua a fhorbairt atá in oiriúint d’úsáid leathan ar chórais féarbhunaithe. Bainfear úsáid as an infheistíocht chun saoráidí saotharlainne úrscothacha a fhorbairt do thaighde ainmhithe agus féarthalaimh agus saoráid mheitibileachta ainmhithe nua ag an gCloch Liath. Leis an bhforbairt nua seo, cruthófar cumas taighde chun tabhairt faoi staidéir mhisin-chriticiúla a sholáthróidh feirmeoirí, an tionscal agus lucht ceaptha beartas le réitigh nua ar na dúshláin rompu.”