Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Dhá Cheapachán Nua chuig Údarás Teagasc

Tá Elaine Houlihan agus Vanessa Kiely O’Connor ceaptha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. chuig Údarás Teagasc.

Is Uachtarán Mhacra í Elaine Houlihan agus is ainmniúchán Mhacra í, agus is comhalta boird í Vanessa Kiely O’Connor ar Chomharchumann Dhroichead na Bandan agus is ainmniúchán Chumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann Teoranta (ICOS) í.

Is as an Áth Leacach, Contae Luimnigh d’Elaine agus is fisiteiripeoir agus feirmeoir mairteola páirtaimseartha í. Toghadh í mar Uachtarán Mhacra, thosaigh sí ar an bpost i mí na Bealtaine 2023. Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Uachtarán Mumhan ar Mhacra ar feadh dhá bhliain.  Is as feirm laonna agus laonna go heallach mairteola d’Elaine, chuir sí an Teastas Glas i gcrích i gColáiste Talmhaíochta Salesian, Pailís Chaonraí, Co. Luimnigh. D’fhreastail sí ar Saxion University of Applied Science san Ísealtír chun staidéar a dhéanamh ar fhisiteiripe. Mar Uachtarán Mhacra, déanann Elaine ionadaíocht ar chomhaltas na n-eagraíochtaí ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach ar shaincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar phobail feirmeoireachta faoin tuath.  

Is feirmeoir déiríochta í Vanessa Kiely O’Connor as Inis Eonáin, Contae Chorcaí. Bhain sí Dioplóma amach i dTreorú Corparáideach (Gnólacht Bia) ón gclár COC/ICOS, agus tá Dioplóma aici freisin in Eolaíocht an Chomhshaoil agus Beartas Sóisialta, ó COC. Is comhalta boird í ar Chomharchumann Dhroichead na Bandan agus tá sí ar bhord Clóna Dairy Products freisin. Is ball í de Women in Agriculture Stakeholder Group agus tá sé ar choiste Gnólacht Feirme de chuid an ICMSA. Tá go leor gradaim feirme buaite ag Vanessa i gcáilíocht agus inbhuanaitheacht.

Agus í ag labhairt ag cruinniú Údaráis Teagasc i mBaile an Phaghanaigh inniu, Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair, chuir Liam Herlihy Cathaoirleach Theagaisc fáilte roimh Vanessa agus Elaine chuig an Údarás agus dúirt sé; “Táim ag súil le bheith ag obair le Vanessa agus Elaine sna blianta amach romhainn, Tugann siad scileanna, eolas agus saineolas tábhachtach go dtí an Údarás, a bheidh ina chabhair do breithniúcháin bhord Theagaisc sna blianta amach anseo.”

Ghabh Liam Herlihy buíochas le Pat Duffy agus John Buckley a chuir a dtéarmaí i gcrích in Údarás Teagasc. Dúirt sé; “Ar son chomhaltaí an Údaráis, bhainistíocht agus an fhoireann, gabhaim buíochas le Pat agus John as ucht a n-ionchuir iontacha do Theagasc agus iad ina gcomhaltaí den Údarás”.