Bronntar Gradaim ar na Feirmeoirí Talaimh Féaraigh is Fearr
Is é Patrick O’Neill as Contae an Longfoirt Buaiteoir Foriomlán Fheirmeoir Talaimh Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana 2023. Tá gradam Fheirmeoir Talaimh Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana ina sheachtú bliain anois agus aithníonn sé na feirmeoirí talaimh féaraigh is fearr sa tír a bhfuil tuilleadh féar á bhfás agus á n-úsáid acu ar a gcuid feirmeacha.
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD gradaim Fheirmeoir Talaimh Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana i láthair inniu, an Déardaoin 11 Aibreán ag Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis Teagasc. Tacaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis na gradaim le duaischiste foriomlán de €33,000.
Ag labhairt ag an searmanas bronnta, rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara comhghairdeas, Charlie McConalogue TD, comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad as a ngradaim talaimh féaraigh. Dúirt sé; “is mór an chreidiúint do bhur dtuismitheoirí agus d’earnáil na talmhaíochta sibh. Déanaim comhghairdeas libh go léir as bheith anseo inniu agus maith thú don bhuaiteoir foriomlán Patrick O’Neill agus a theaghlach. Is féidir libh go léir a bheith an-bhródúil as bhur gcuid éachtaí.”
Is cuid de Fheachtas Grass10 Teagasc iad gradaim Fheirmeoir Talaimh Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana atá tacaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, AIB, FBD, Grassland Agro agus Irish Farmers Journal. Chuir an clár Grass10 fócas leanúnach ar bhainistíocht cothaithigh agus éifeachtach ar fheirmeacha a fheabhsú, chomh maith le bunú seimre agus a bainistíocht.
Buaiteoirí i gCatagóir na bhFeirmeoirí
Patrick O'Neill, Contae an Longfoirt. Catagóir Déiríochta
William Gilmore, Contae na Gaillimhe. Catagóir Stoc Tirim
Evan Hunt, Contae Shligigh. Catagóir na bhFeirmeoirí Óga
Kevin O'Hanlon, Contae Cheatharlach. Catagóir Orgánach
Killian Brennan, Contae an Chabháin. Catagóir Bainistíochta Cothaithigh
Michael Carroll, Contae Luimnigh. Catagóir Bainistíochta Cothaithigh
Rannóg na Mac Léinn
Mark Phillips, Contae Mhuineacháin. Rannóg na Mac Léinn Comhbhuaiteoir - Coláiste Bhéal Átha Éis
Ronan Carroll, Contae Thiobraid Árann. Rannóg na Mac Léinn Comhbhuaiteoir - Coláiste Chill an Dátúnaigh
Simon Biggins, Contae Mhaigh Eo. Babhta Ceannais Chatagóir na Mac Léinn - Coláiste an Chreagáin
Thomas Mellett, Contae Mhaigh Eo. Babhta Ceannais Chatagóir na Mac Léinn - Coláiste Phailís Chaonraí
Darragh Tattan, Contae Chorcaí. Babhta Ceannais Chatagóir na Mac Léinn - Coláiste Chloich na Coillte
Dúirt Cathaoirleach an Coiste Grass10, John McNamara; “Is cúis mhór áthais dom comhghairdeas a dhéanamh leis an feirmeoirí agus na mic léinn atá anseo inniu, agus go háirithe a dteaghlaigh. Tá teaghlaigh an-tábhachtach ó thaobh feirmeacha rathúla de, le réimse ról a chomhlíonadh, agus tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil. Is é seo an teideal Uile-Éireann d’fheirmeoirí talaimh féaraigh. Is féidir libh a bheith bródúil as bheith anseo inniu. Is buaiteoirí sibh go léir. Is iontach an rud cur i láthair na ngradam a thabhairt chuig Béal Átha hÉis, chuig an chuid seo den tír.”
Ag labhairt thar ceann mholtóirí an chomórtais, ghabh Aidan Brennan, Irish Farmers Journal buíochas leis na feirmeoirí as páirt a ghlacadh sa chomórtas. Dúirt sé: “Bhí na moltóirí tógtha le leibhéil na táirgeachta agus na bainistíochta féir. D’fhéachamar ar shonraí le haghaidh roinnt blianta. Tá méadú tagtha ar an méid seimre ar fheirmeacha, de réir ár mianta timpeallachta. Tá bainistíocht an chothaithigh ag éirí níos tábhachtaí. Má tá seamair agat i do bháinseacha, ní chaithfidh tú an méid céanna Nítrigine a scaipeadh. Is téarmaí nua iad éifeachtach úsáide cothaithigh agus farasbarr Nítrigine a úsáidtear ar fheirmeacha, agus is cuid PTFanna iad anois ar fheirmeacha.”
Agus comhghairdeas á dhéanamh aige le feirmeoirí talaimh féaraigh, dúirt an tOllamh Pat Dillon, Stiúrthóir Taighde Teagasc: “Tá aitheantas á fháil agaibh inniu leis na gradaim seo mar gheall ar an jab iontach atá á dhéanamh agaibh sa bhaile ar a gcuid feirmeacha, maidir le féar a fhás agus a úsáid i bhur gcóras táirgthe. Cuireann gradaim na bliana seo fócas méadaithe ar Éifeacht Úsáide Cothaithigh a fheabhsú ar fheirmeacha talaimh féaraigh; agus glacadh Seimre i mbáinseacha talaimh féaraigh chomh maith.”
I measc an phainéil moltóra don chomórtas Fheirmeoir Talaimh Féaraigh Inbhuanaithe na Bliana, bhí Liz Hyland DAFM, John Maher agus Joseph Dunphy, Teagasc Grass10; John Farrell, AIB; Colin Heaney, FBD; John O’Loughlin, agus David Corbett, Grassland Agro; Aidan Brennan, agus Declan Collins, Irish Farmers Journal.