Ceapachán Nua chuig Údarás Teagasc
Tá an Dr Helen Sheridan ceaptha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. ar Údarás Teagasc.
Is Ollamh Comhlach í an Dr Helen Sheridan i Scoil na Talmhaíochta agus na hEolaíochta Bia sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Agus í ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, is as feirm stoic thirim i gContae Longfoirt do Helen agus cháiligh sí le BET (Baitsiléir na hEolaíochta Talmhaíochta), Céim san Eolaíocht Talmhaíochta (Eolaíocht Agra-Chomhshaoil) ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá PhD aici freisin san Éiceolaíocht Talmhaíochta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bhain sí amach mar Chomhalta Walsh lonnaithe in Ionad Taighde Teagasc, Caisleán Bhaile Sheonach, Co. Loch Garman. Tugann Helen léachtaí in Éiceolaíocht Tírdhreacha Feirme agus Beartas Agra-Chomhshaoil agus tá sí ina Stiúrthóir Cláir ar an BET Eolaíochtaí Comhshaoil Talmhaíochta.
Tá fonn ar Helen cur le hinbhuanaitheacht na gcóras táirgthe beostoic agus tá sí i mbun taighde ar bháinseacha ilspeicis ag Feirme Lyons OCBÁC le breis is deich mbliana anuas. Díríonn a taighde freisin ar bhithéagsúlacht talamh feirme, gnáthóga talamh feirme agus bearta scéime agra-chomhshaoil.
Chuir Liam Herlihy, Cathaoirleach Teagasc, fáilte roimh an Dr Sheridan chuig Údarás Teagasc ag cruinniú i bPáirc na Darach inniu, Dé Céadaoin, 9 Eanáir. Dúirt sé; “Táim ag tnúth le bheith ag obair le Helen. Tugann sí eolas agus saineolas tábhachtach don Údarás, rud a chabhróidh linn cinntí ciallmhara a dhéanamh ar threo Teagasc sa todhchaí agus an ról a imríonn sé in earnáil talmhaíochta agus bia na hÉireann.”
Ghabh Liam Herlihy buíochas leis an Ollamh Gerald Fitzgerald a bhfuil dhá théarma críochnaithe aige ar Údarás Teagasc. “Thar ceann chomhaltaí an Údaráis, na bainistíochta agus na foirne, gabhaim buíochas le Ger as a chuid oibre den scoth, go háirithe ar Choiste Taighde Údarás Teagasc.”