Is é Danny Doyle Mac Léinn na Bliana 2023 Teagasc/FBD
Is é Danny Doyle as Ráth Iomgháin, Contae Chill Dara buaiteoir foriomlán i ngradam Mhac Léinn na Bliana 2023 Teagasc / FBD. Cuireadh na gradaim i láthair ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD i gContae Laoise ar an Máirt, 21 Bealtaine.
Cuireadh na gradaim, le hurraíocht ó FBD, i láthair do na céimithe is fearr ó chláir oiliúna talmhaíochta, gairneoireachta, eachaí agus foraoiseachta Teagasc Leibhéal 6 sa bhliain 2023.
Rinne Danny Doyle Teastas Leibhéal 5 sa Talmhaíocht agus ansin Teastas Leibhéal 6 i mBarra Forbartha agus Gléasra ag Coláiste Talmhaíochta Chill an Dátúnaigh Teagasc i mBaile an Phoill, contae Chill Chainnigh. Bíonn sé ag feirmeoireacht faoi láthair lena thuismitheoirí ar scála mór oibriúcháin curaíochta gar do Ráth Iomgháin, Contae Chill Dara. Chomh maith leis an ngradam foriomlán Mhac Léinn na Bliana 2023 Teagasc / FBD a bhuachan, bhí sé rathúil sa ghradam Catagóir na Talmhaíochta Lán-Aimseartha.
Cuireadh dhá chatagóir eile i láthair.
Tagann Cormac Rowe ó fheirm mheasctha déiríochta agus stoc tirim gar don Uaimh i gContae na Mí agus bhuaigh sé an ‘Catagóir Páirt-Aimseartha agus Cianoideachais’. Is múinteoir bunscoile é Cormac a bhíonn ag feirmeoireacht go páirt-aimseartha lena theaghlach. Léirigh Cormac tiomantas den chéad scoth ina chúrsa Cianoideachais, inar chríochnaigh sé na scrúduithe praiticiúla ag Teagasc na Gráinsí.
Bhí Alana King as Inis i gContae an Chláir rathúil sa ‘Chatagóir Lán-Aimseartha Fiontair Eile Bunaithe ar an Talamh’. Bhain sí a céim amach ó QQI Leibhéal 6 Sainteastas i Scileanna Marcaíochta - Eachaíocht - ó Choláiste Chill an Dátúnaigh. Bhain sí pas le gradam amach ina leibhéal 5 agus leibhéal 6.
Ag labhairt ag na gradaim, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD: “Is dáta tábhachtach é cur i láthair Ghradaim Mhac Léinn na Bliana Teagasc / FBD san fhéilire talmhaíochta bliantúil. Tá feirmeoirí óga, díograiseacha le hoideachas orthu mar chuid lárnach do rath earnáil na talmhaíochta amach anseo. Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach agus filleadh ó oideachas talmhaíochta ar oibriúchán fiontar feirme nua-aimseartha. Ní bhaineann sé sin amháin leis na scileanna airgeadais, teicniúla agus timpeallachta a chuireann sé ar fáil, ach chomh maith leis sin, tríd an deis dea-chleachtas a fheiceáil ag oibriú ar fheirmeacha ósta.
Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na 15 duine a bhí sa bhabhta ceannais maidir lena n-éacht. Is lá bródúil é dóibh agus dá dteaghlaigh aitheantas a fháil mar gheall ar a n-éachtaí oideachais. Déanaim comhghairdeas chomh maith leis na buaiteoirí catagóire agus foriomlána a raibh a ndinimiceas agus a ndíograis d’earnáil na talmhaíochta le feiceáil ag na moltóirí.”
Thar ceann urraitheoir foriomlán na nGradam, John Cahalan, Príomhoifigeach Tráchtála, le FBD Insurance, dúirt sé; “Ag FBD Insurance, táimid tiomanta do gach glúin fheirmeoirí na hÉireann agus a gcuid teaghlach a thacú. Bímid i gcónaí bródúil as urraíocht a dhéanamh ar ghradaim Mhac Léinn na Bliana Teagasc, a chuireann éachtaí den scoth na mac léinn i gColáistí Talmhaíochta Teagasc ar fud na tíre in iúl. Is ionadaithe iontacha iad na daoine a bhí sa bhabhta ceannais do thalmhaíocht na hÉireann, agus is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh todhchaí na feirmeoireachta slán sábháilte faoina gcúram. Thar ceann na foirne ag FBD, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Danny Doyle agus gach duine a bhí sa bhabhta ceannais 2023 as a gcuid éachtaí agus guím gach rath orthu amach anseo.”
Dúirt an Dr. Anne Marie Butler, Ceann Oideachais ag Teagasc; “Is ceiliúradh iontach é an gradam tarraingteach seo ar oideachas Teagasc, ár gcuid foghlaimeoirí, múinteoirí agus saoráidí ar fud na tíre. Comhghairdeas leis na daoine sa bhabhta ceannais agus buaiteoirí na ngradam. Táimid ag tnúth lena ngairm beatha agus éachtaí pearsanta amach anseo.”
I measc na 12 duine i mbabhta deireanach na ngradam, bhí:
- Conor McAweeney, Béal an Átha Móir, Contae Liatroma
- Cian Hourihane, An Sciobairín, Contae Chorcaí
- Enda Shanahan, An tAonach, Contae Thiobraid Árann
- Amy McGee, Droim Caorthainn, Contae Liatroma
- Aidan Lynch, An Gort, Contae na Gaillimhe
- David Stephenson, Baile Haicéid, Contae Chill Mhantáin
- Rachel Lacey, An Trá, Contae Luimnigh
- Isabell Bourke, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo
- Tadhg Hanley, Eas Géitine, Contae Luimnigh
- Ben Maguire, Droichead Uí Dhálaigh, Contae an Chabháin
- Leanne O'Donnell, Sráid na Cathrach, Contae an Chláir
- Charlotte Duff White, Béal na Molt, Contae Thiobraid Árann
Faigh tuilleadh eolais faoi Danny Doyle san fhíseán gearr seo https://youtu.be/SWUa2r6B9M0
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach https://www.teagasc.ie/education/going-to-college/student-of-the-year/