Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Inniúlacht mheabhairshláinte fheirmeoirí na hÉireann agus iompar cuardaithe cabhrach scrúdaithe i staidéar FarMHealth

Fuarthas amach le taighde gur bacainní iad easpa feasachta ar airíonna na meabhairshláinte, stiogma sóisialta, féin-stiogmatú, noirm firinscneach tuaithe agus droch-thacaíocht shóisialta a chuireann cosc ​​ar fheirmeoirí cabhair a lorg ó sheirbhísí meabhairshláinte.

Thug an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara e freagracht speisialta as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaidh Nua, Martin Heydon T.D., cuairt ar Scoil na Sláinte agus na Feidhmíochta Daonna Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) inniu le haghaidh cur i láthair ar ‘Scileanna le haghaidh Athléimneachta’, idirghabháil oideachais a fheabhsaíonn eolas feirmeoirí ar a meabhairshláinte agus conas cabhair a lorg agus aghaidh a thabhairt ar an stiogma in aghaidh é sin a dhéanamh.

Tá an idirghabháil mar chuid den tionscadal iomlán FarMHealth a bhí maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Agus é ag déanamh machnamh ar na torthaí, dúirt an tAire Heydon: 

“Tá eolas faoin tábhacht a bhaineann le meabhairshláinte dearfach ag fás ar fud an tsochaí agus níl feirmeoirí díolmhaithe uaidh sin. Tá sé tugtha chun suntais ag FarMHealth go bhfuil easpa eolais ag go leor feirmeoirí chun drochshláinte mheabhrach a aithint agus conas na tacaíochtaí cuí a lorg. Tá leisce ann freisin i measc feirmeoirí cúnamh gairmiúil a lorg agus iad ag streachailt."

“Is ábhar misnigh é a fheiceáil conas is féidir leis an gclár oideachais aon uaire ‘Scileanna Athléimneachta’, nuair a chuirtear san áireamh é i ngrúpaí díospóireachta, eolas feirmeoirí ar fholláine meabhrach a fheabhsú agus cuidiú leis an stiogma a bhaineann le meabhairshláinte a phlé agus cabhair a lorg.”

Ag labhairt di faoin tionscadal FarMHealth, dúirt an Dr Siobhán O’Connor atá mar phríomh-thaighdeoir an tionscadail: 

“Cuid thábhachtach d’aire a thabhairt don mheabhairshláinte is ea fios a bheith agat cathain, cá háit agus conas cúnamh a lorg nuair is gá; tugaimid litearthacht mheabhairshláinte air sin. Inár gcuid taighde, fuaireamar amach go mbíonn feirmeoirí ag déileáil le méid ollmhór de achrann ina saol laethúil agus go dteastaíonn tacaíocht uathu. Fuaireamar amach go lorgódh go leor feirmeoirí cúram sláinte meabhrach dá ndéanfaí é a shaincheapadh d’fheirmeoirí, mura mbeadh stiogma ina choinne, agus dá mbeadh a fhios acu conas teacht ar sheirbhísí”.

Dúirt an Dr Anna Donnla O’Hagan, comh-imscrúdaitheoir ar an tionscadal: 

“Cruthaíodh an tionscnamh seo i gcomhar le pobal feirmeoireachta na hÉireann chun litearthacht mheabhairshláinte na bhfeirmeoirí a mhéadú agus chun iad a chumasú cabhair a fháil nuair a bhíonn sé ag teastáil uathu.”

Ghlac 72 feirmeoir Éireannacha ó fud fad na tíre páirt sa taighde i bplé éascaithe ar athléimneacht, meabhairshláinte agus cúram sláinte mar chuid dá ngrúpaí díospóireachta rialta faoi stiúir Teagasc. Tar éis dóibh a bheith rannpháirteach sa phlé seo, thuairiscigh feirmeoirí eolas méadaithe ar thacaíochtaí meabhairshláinte agus conas rochtain a fháil orthu, go raibh rún níos mó acu cabhair a lorg má bhíonn deacrachtaí acu, go raibh muinín níos mó acu as cúram meabhairshláinte a lorg, agus go raibh siad níos compordaí maidir lena meabhairshláinte a phlé.

Dúirt an Dr Anna Donnla O’Hagan:

“D’inis feirmeoirí dúinn go ndearna an plé gairid seo ar athléimneacht inar tarraingíodh ábhar na meabhairshláinte anuas ag pléghrúpa, déanta ar bhealach a bhféadfadh siad a thuiscint, difríocht mhór ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an stiogma a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte.”

Dúirt an Dr John McNamara, Speisialtóir Sláinte agus Sábháilteachta Teagasc:

Téann an idirghabháil i ngleic leis an stiogma a bhaineann le cúnamh a lorg agus tugann sé scileanna d’fheirmeoirí chun dul i ngleic le cúrsaí an tsaoil. Léiríonn an taighde, nuair a úsáidtear cur chuige feirmeoir-lárnach, gur féidir le feirmeoirí leas a bhaint as oiliúint i scileanna meabhairshláinte agus taitneamh a bhaint as an oiliúint sin”.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FarMHealth ag www.farmhealth.wixsite.com/farmhealth chun físeáin faisnéise a fháil ar conas comharthaí drochshláinte mheabhrach a aithint, conas a bheith athléimneach, agus conas teacht ar thacaíocht. Chomh maith leis sin tá fíorscéalta ó fheirmeoirí ag cur síos ar a ndúshláin meabhairshláinte féin agus ar an gcaoi ar lorg siad cabhair.

 Bhí an tionscadal FarMHealth maoinithe (€210,569) ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoina Gairm ar Thaighde Téamach, 2021.

 Áiríodh na daoine seo a leanas san fhoireann taighde don tionscadal FarmHealth: Dúirt an Dr Siobhán O’Connor; an Dr. Anna Donnla O’Hagan; an Dr. Joseph Firnhaber, Ms. Sandra Malone agus an Dr. Sinéad O’Keefe, Scoil na Sláinte agus na Feidhmíochta Daonna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i dteannta an Dr. John McNamara ó Teagasc. Ba mhaith leis an bhfoireann buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa taighde.