Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Breathnaíonn an chomhdháil BíSábháilte an tionchar a imríonn an strus ar fholláine feirmeoirí

Cuireadh taighde nua arna mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i láthair inniu, an Mháirt 18 Meitheamh ag Comhdháil BíSábháilte 2024 i dTeagasc Baile an Ásaigh ag an Dr. Diana Van Doorn, Oifigeach Taighde Teagasc (Safe Habitus). Breathnaíonn an taighde seo ar thionchar an struis ar fholláine feirmeoirí.

Agus torthaí an taighde á gcur in iúl, dúirt an Dr. Van Doorn: “Cé go léiríonn taighde fairsing in Éirinn agus go hidirnáisiúnta go mbíonn strus ar fheirmeoirí go minic, níl mórán fiosrúcháin déanta ar an tionchar a bhaineann leis ar a gcuid folláine go ginearálta. Léiríonn ár dtaighde go soiléir nach mbíonn droch-fholláine ar fheirmeoirí go huathoibríoch mar gheall ar strus minic. Coinnítear folláine go leor feirmeoirí, cé go mbíonn strus orthu ‘go pointe áirithe’. Fuaireamar go mbaineann ardleibhéil struis le scóir folláine níos lú, ach ní bhíonn droch-fholláine mar thoradh air i gcónaí. Léiríonn na torthaí seo tábhacht na bhfachtóirí tacaithe ar nós an teaghlach agus tacaíocht shóisialta, uirlisí a chuidíonn leo agus teacht aniar pearsanta, a mhaolaíonn éifeachtaí an struis ar an bhfolláine.

Léiríodh ó shonraí a bailíodh ó 754 feirmeoir beostoic sa bhliain 2018, nuair a bhí tréimhse fada tarluithe adhaimsire, bhí droch-fholláine ar 111, nó 15%, a ndearnadh measúnú orthu. As an ngrúpa sin, bhíodh strus ar 13 (12%) feirmeoir ‘i gcónaí’ agus strus ar 18% dóibh ‘go minic’. Fuair anailís mhionsonraithe ar 199 feirmeoir déiríochta, grúpa ar eol go mbíonn taithí orthu ar líon mór strusairí, go raibh folláine ‘faoi bhun an mheáin’ nó ‘droch-fholláine’ ar 61 (31%) acu sa bhliain 2018. As an ngrúpa sin, bhí strus ar 7 (11%) go minic nó an-mhinic. Bliain ina dhiaidh sin, nuair a tháinig feabhas ar chúinsí d’fheirmeoirí déiríochta, rinneadh an suirbhé arís leis an ngrúpa céanna feirmeoirí agus fuair sé go raibh folláine ‘faoi bhun an mheáin’ nó ‘droch-fholláine’ ag 56 (28%), agus bhí líon na bhfeirmeoirí a raibh strus orthu go minic nó an-mhinic mar an gcéanna leis an 12 mhí roimhe sin.      

Chuir an Dr. David Meredith, taighdeoir Teagasc agus ceannaire thionscadal BíSábháilte de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, impleachtaí ríthábhachtacha an taighde seo in iúl do lucht déanta beartas agus comhlachtaí tionscail. “Ar an gcéad dul síos, léiríonn ár n-anailís nach mbíonn strus ar gach feirmeoir. Ar an dara dul síos, athraíonn leibhéil struis i measc feirmeoirí thar am, agus ciallaíonn sé sin nach gcinntíonn strus reatha strus sa todhchaí. An rud is tábhachtaí, léiríonn an taighde go soiléir go gciallaíonn fócas ar strus go dtugaimid neamhaird d’fhachtóirí dearfacha a bhaineann le bheith i d’fheirmeoir a chosnaíonn do mheabhairshláinte.

Thug an tOllamh Pat Dillon, Stiúrthóir Taighde ag Teagasc, tábhacht na dtorthaí seo faoi deara ó thaobh cuspóirí agus tionscnaimh straitéiseacha Teagasc de a bhfuil sé mar aidhm acu caighdeáin mhaireachtála agus folláine feirmeoirí a fheabhsú. “Mar eagraíocht, táimid tiomanta do cháilíocht saoil agus folláine feirmeoirí a fheabhsú. Déanaimid é seo trí thaighde a dhéanamh a thacaíonn le forbairt réiteach praiticiúil ar dhúshláin atá roimh fheirmeoirí. Chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt d’fheirmeoirí. tá fianaise ag teastáil uainn a aithníonn agus a théann i bhfeidhm ar chúiseanna ar leith struis, ar nós tarluithe adhaimsire a shárú, próisis riaracháin a stiúradh, agus scileanna bainistíochta a fheabhsú trí oideachas agus oiliúint.”

D’oscail an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le freagracht as taighde agus sábháilteacht ar an bhfeirm, Martin Heydon TD an Chomhdháil BíSábháilte 2024.

Ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Heydon: “Tá eolas faoin tábhacht a bhaineann le meabhairshláinte dearfach ag méadú ar fud an tsochaí, lena n-áirítear i measc feirmeoirí. Creidim go láidir go bhfuil dlúthcheangal idir folláine feirmeoirí agus sábháilteacht ar an bhfeirm, mar gheall nach féidir le hintinn ghnóthach nó trí chéile in ann díriú ar an tasc atá idir lámha.

Dúirt an tAire Heydon freisin: “Ag forbairt ar an tionscadal BíSábháilte atá maoinithe ag mo Roinn féin, táim tiomanta do thaighde agus tacaíochtaí eile a mhaoiniú i réimse sláinte agus folláine feirmeoirí. Tá roinnt tionscnamh á gcur i bhfeidhm faoi láthair sa réimse seo ag mo Roinn, lena n-áirítear an clár forbartha On Feirm Ground 2.”

Tháinig saineolaithe agus páirtithe leasmhara le chéile ag an gComhdháil BíSábháilte 2024, a bhí ar siúl ag Teagasc Baile an Ásaigh, chun taighde a phlé agus a chur chun cinn a dhíríonn ar sábháilteacht agus folláine feirmeoirí. I gceist leis an tionscadal, tá taighdeoirí ó Teagasc, Ollscoil na Gaillimhe agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhí maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.