Our Organisation Search
Quick Links
Toggle: Topics

Tugtar chun suntais le Taighde Nua na himpleachtaí a bhaineann le húsáid antaibheathach sa leigheas daonna agus tréidliachta

I gComhaltacht um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach SFI de chuid APC Microbiome Ireland (APC), tugtar sonraí nua maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le húsáid antaibheathach sa luathshaol, agus an éifeacht a bhíonn ag úsáid antaibheathach i dteiripe chaighdeánach seascaí.

  • Tá frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR) ar cheann de na bagairtí domhanda is mór ar shláinte an phobail agus ar fhorbairt. Meastar go raibh AMR baictéarach freagrach go díreach as 1.27 milliún bás ar fud an domhain in 2019 agus gur chuir sé le 4.95 milliún básFoinse: EDS
  • Faoi ghlao tiomnaithe ar mhaoiniú ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann in 2018 chun líon PhDanna in Ionaid a mhéadú, bhunaigh an APC Clár Comhaltachta PhD AMR bunaithe ar an ábhar leas a bhaint as an micribhithóm le haghaidh réitigh fhéideartha ar an ngéarchéim AMR.
  • Tá duine de chéimithe an chláir le déanaí, an Dr Dhrati Patangia, ar an gcéad údar ar shraith de chúig fhoilseachán piarmheasúnaithe AMR.
  • Ina cuid taighde, a sonraíodh in dhá fhoilseachán le déanaí, léirítear go bhféadfadh carnadh géinte atá frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí a bheith i micribhithóm putóige naíonán mar thoradh ar úsáid antaibheathach sa luathshaol.

I bhfoilseachán eile, déantar cur síos ar thorthaí ó staidéar ina ndearnadh imscrúdú ar theiripe seascaí agus inar cuireadh sonraí nua ar fáil lena léirítear nach raibh aon tairbhe ag baint le húsáid antaibheathach nuair a riaradh iad le linn thréimhse an túis seascaí.

I sraith de chúig fhoilseachán taighde ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR) le APC Microbiome Ireland, Lárionad Taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann atá ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda agus bunaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus Teagasc i bPáirc Uí Mhórdha, soláthraítear sonraí nua maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le húsáid antaibheathach sa luathshaol agus éifeachtaí antaibheathach i dteiripe chaighdeánach seascaí. Earcaíodh príomhúdar na bhfoilseachán sin, an Dr Dhrati Patangia, faoi chlár Comhaltachta PhD AMR de chuid APC arna mhaoiniú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann in 2018. I bpáipéar a foilsíodh san iris eolaíoch idirnáisiúnta ‘Microbiome’, soláthraíodh fianaise go bhféadfadh frithsheasmhacht ildrugaí a bheith mar thoradh ar leanaí a nochtadh d’antaibheathaigh ar leith go luath ina saol. Sa dara foilseachán, san iris ‘Antibiotics’, tugtar le fios nach dtéann úsáid antaibheathach chun tairbhe teiripe chaighdeánach seascaí.

Is príomhúdar í an Dr Patangia freisin ar dhá athbhreithniú i bhfoilseacháin a luaitear go minic; ceann amháin san irisleabhar measúil ‘Trends in Microbiology’ dar teideal ‘Vertical transfer of antibiotics and antibiotic resistant strains across the mother/baby axis’ ina ndéantar athbhreithniú ar an sásra tarchurtha antaibheathach ón máthair chuig an naíonán agus tréithchineálacha frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach. Sa dara páipéar a foilsíodh san iris ‘Microbiology Open Reviews’ dar teideal‘Impact of antibiotics on the human microbiome and consequences for host health’ pléitear éifeachtaí díobhálacha antaibheathach ar an micreaflóra putóige agus mar sin ar shláinte an óstaigh agus moltar cuir chuige mhalartacha maidir le húsáid antaibheathach. 

Bhain an Dr Patangia a PhD amach le déanaí ón APC agus ó Scoil na Micribhitheolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Agus a PhD á dhéanamh aici, bhí sí lonnaithe in Teagasc i bPáirc Uí Mhórdha, Co. Chorcaí, ag tógáil ar an dlúthchaidreamh comhoibritheach idir COC agus Teagasc. Rinne an tOllamh Catherine Stanton, Comh-Phríomimscrúdaitheoir APC, agus an tOllamh Paul Ross, Stiúrthóir APC, maoirseacht ar an Dr Patangia, agus tá roinnt duaiseanna buaite aici lena n-áirítear an duais póstaeir is fearr ag cruinniú fócasaithe Chumann Micribhitheolaíochta Ollscoil Bhaile Átha Cliath 2022.

Dúirt an Dr Patangia “Thosaigh mo shuim sa mhicribhithóm san India nuair a roghnaigh mé an t-ábhar do mhodúl taighde mar chuid de mo chlár Máistreachta. Bhí lúcháir orm a fháil amach faoi chlár Comhaltachta PhD an APC um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, lenar cuireadh ar mo chumas díriú ar mo PhD ar mo réimsí spéise: an micribhithóm daonna, frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach, agus an luathshaol. Cé go soláthraíonn antaibheathaigh tairbhí tarrthála, d’fhéadfadh sé go bhforbródh frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach mar thoradh orthu, rud a bhféadfadh easpa cógas éifeachtach i gcásanna áirithe a bheith mar thoradh air.” 

Deir an tOllamh Paul Ross, Stiúrthóir APC, “Ba é an sprioc a bhí le clár Comhaltachta PhD an APC um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach oiliúint a chur ar ghrúpa mac léinn PhD ag a bhfuil sainscileanna taighde chun cohórt saineolaithe taighdeoirí AMR a chruthú. Tá AMR ina ghéarchéim dhomhanda ollmhór agus meastar go mbeidh méadú faoi dhó ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh na rogha deireanaí faoi 2035, i gcomparáid le leibhéil 2005 de réir na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta. (foinse EDS).”  

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Ard-Stiúrthóir, Fondúireacht Eolaíochta Éireann: “Tá Fondúireacht Eolaíochta Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do bharr feabhais taighde chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach anseo. Dúshlán domhanda sláinte poiblí atá ag dul i méid is ea an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, déanaimid comhghairdeas le APC agus leis an Dr Patangia as a bhfionnachtana eolaíocha le déanaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus ar réitigh ina leith.”

Deir an tOllamh John F. Cryan, an Leas-Uachtarán um Thaighde agus Nuálaíocht ag COC “Tá fócas taighde ag COC ar na dúshláin agus na deiseanna lena múnlaítear todhchaí ár náisiúin agus an domhain i gcoitinne. Tá eolaithe COC ag APC ina gceannródaithe i dtaighde ríthábhachtach maidir leis an ngéarchéim dhomhanda AMR a chomhrac trí thaighde ar mhicribhithóm.”

Deir Catherine Stanton, Príomhoifigeach Taighde Sinsearach ag Teagasc agus Príomhthaighdeoir an APC “Níl aon amhras orm ach go bhfuil antaibheathaigh ríthábhachtach chun ionfhabhtuithe áirithe i naíonáin a chóireáil.  Léiríodh sa staidéar seo, áfach, go mbíonn tionchar láithreach agus leanúnach ag nochtadh antaibheathach sa luathshaol ar mhicribhithóm na putóige, rud a thugann chun suntais an gá le malairtí/straitéisí nua a fhorbairt agus a úsáid nuair is gá chun an t-éiceachóras miocróbach a aischur agus chun micrithimpeallacht shláintiúil a choinneáil ar bun, agus laghdú a dhéanamh ar úsáid antaibheathach próifiolacsach le linn chéim ríthábhachtach na naíonachta.”

Teagmháil Preasa: Tina Darb, APC Microbiome Ireland, tdarb@ucc.ie 087 7826500

Nótaí don eagarthóir:

Athbhreithniú 1 Aistriú ingearach antaibheathach agus tréithchineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach feadh ais na máthar/na linbh

Léigh ar ‘Trends in Microbiology | Cell Press: Vertical transfer of antibiotics and antibiotic resistant strains across the mother/baby axis’ - ScienceDirect

In ainneoin an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh le linn toirchis agus naíonachta, ní thugtar tuairisc i mórán staidéar ar aistriú géinte frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach agus aistriú antaibheathach go hingearach, tugtar chun suntais san athbhreithniú seo an tábhacht a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar aistriú géinte frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach trí aistriú ingearach. Toisc go bhféadfadh ionfhabhtuithe frithsheasmhacha in aghaidh drugaí atá deacair a chóireáil a bheith mar thoradh ar thionchar diúltach tréithchineálacha frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach ar mhicreaflóra putóige naíonán.

Athbhreithniú 2 Tionchar antaibheathach ar mhicribhithóm an duine agus iarmhairtí do shláinte an óstaigh

Léigh ar PubMed Impact of antibiotics on the human microbiome and consequences for host health - PubMed (nih.gov)

Is féidir le hathruithe de bharr antaibheathach ar chomhdhéanamh miocróbach tionchar diúltach a imirt ar shláinte an óstaigh lena n-áirítear éagsúlacht mhiocróbach laghdaithe, athruithe ar shaintréithe feidhmiúla an mhicreaflóra, foirmiú, agus roghnú tréithchineálacha frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach, rud a fhágann go mbeidh óstaigh níos soghabhálaí i leith ionfhabhtú pataigine. San athbhreithniú sin, pléitear na tionchair dhiúltacha a imríonn antaibheathaigh ar shláinte óstach agus ar mhicreaflóra.

Páipéar 1: Anailís Mhicrearflóra agus Friotóim ar Ghruth Túis agus ar Bhainne ó Bha Déiríochta arna gCóireáil le Teiripe Seascaí agus gan Teiripe Seascaí

Léigh ar Antibiotics (PDF) Microbiota and Resistome Analysis of Colostrum and Milk from Dairy Cows Treated with and without Dry Cow Therapies (researchgate.net)

Sa staidéar sin, rinneadh imscrúdú ar an éifeacht a bhaineann le húsáid antaibheathach le linn teiripe seascaí i mba agus an tionchar a bhíonn aige ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ar fhorbairt mhicreaflóra i gruth túis agus bainne suas le 6 mhí go fadaimseartha. Thugamar faoi deara flúirse choibhneasta ard de ghéinte frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach i mbainne grúpaí a cóireáladh le hantaibheathaigh. Tacaíonn na sonraí le húsáid roghanna eile nach antaibheathaigh iad le haghaidh tús seascaí i mba

Páipéar 2: Tionchar aoise, stádais shocheacnamaíoch, agus suímh ar fhriotóm putóige naíonán i bpobail

Léigh ar Gut Microbes Full article: Influence of age, socioeconomic status, and location on the infant gut resistome across populations (tandfonline.com)

Tá an luathshaol ina chéim ríthábhachtach mar go bhforbraítear an bhonn don mhicreaflóra a théann i gcion ar shláinte agus ar imdhíonacht naíonán níos déanaí ina saol. Agus comharthaí atá ag méadú ar ARGanna i naíonáin, rinneamar imscrúdú phróifíl an fhriotóim putóige le linn an luathshaoil ar leibhéal geografach níos leithne. Tá go leor de na speicis ina bhfuil ardfhlúirse ARG lena n-áirítear na speicis Escherichia, Klebsiella, Citrobacter a thugamar faoi deara, ina bpatabóisigh aitheanta a fhaightear i bputóg naíonán ina luathshaol. Le hardfhlúirse na speiceas sin agus an réimse de ARGanna éagsúla ina ngéanóim, tugtar le fios putóg an naíonáin, ag feidhmiú mar thaisce ARGanna. Thugamar faoi deara freisin go laghdaíonn an fhlúirse ARGanna le haois, rud a d’fhéadfaí a chur i leith an mhicribhithóim atá ag forbairt.

Páipéar 3: Tá baint ag nochtadh naíonán ina luathshaol do bheinsilpeinicillin agus do gheantaimicin le haimpliú leanúnach an fhriotóim putóige.

Léigh ar Microbiome Early life exposure of infants to benzylpenicillin and gentamicin is associated with a persistent amplification of the gut resistome | Microbiome | Full Text (biomedcentral.com)

Tá micreaflóra putóige naíonán thar a bheith éagobhsaí, agus téann roinnt tosca i gcion air, lena n-áirítear nochtadh antaibheathach sa luathshaol a bhféadfadh éifeacht fhadtéarmach a bheith aige. Ach ní dhearnadh staidéar forleathan ar an iarmhairt fhadaimseartha a bhaineann le nochtadh antaibheathach sa luathshaol, mar aon leis an modh soláthair maidir le micreaflóra agus friotóm putóige naíonán. Déantar cur síos sa staidéar sin ar an tionchar fadaimseartha a bhaineann le húsáid antaibheathach sa luathshaol ar an bpróifíl micreaflóra agus na frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach i 45 naíonán ó sheachtain 1 go bliain 2 dá saol.

Tá tábhacht leis sin toisc go bhfuil an fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach ina bagairt dhomhanda agus is féidir géinte frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach (ARGanna) a aistriú trí aistriú cothrománach, agus d’fhéadfadh tréithchineálacha frithsheasmhacha in aghaidh ildrugaí tréithchineálacha frithsheasmhacha in aghaidh antaibheathach a chruthú. Ina theannta sin, má dhéantar cóireáil a theorannú do dhá antaibheathach sa luathshaol, d’fhéadfadh sé go méadófaí an friotóm níos déanaí mar go roghnaíonn sé baictéir a ghlactar leis go n-iompraíonn siad frithsheasmhacht in aghaidh ildrugaí óna stair, rud a bhféadfadh cóireálacha a dhéanamh níos casta níos déanaí sa saol.

Duaiseanna a bhuaigh an Dr Patangia

  1. Bhuaigh sí gradam APC i mbarr feabhais eolaíochta mac léinn ag siompóisiam bliantúil APC i mí Dheireadh Fómhair 2023, a bhí ar siúl i gCorcaigh, Éire.
  2. Bronnadh an gradam don chainteoir mac léinn orm as mo chuid oibre a chur i láthair agus as freastal ar an gCuibhreannas Géanómaíochta Bainne Idirnáisiúnta i gCorcaigh, Éire, Meán Fómhair 2023.
  3. Fuair ​​sí deontas um fhreastal ar chomhdhálacha FEMS as freastal ar chomhdhálacha FEMS i mBéalgrád, an tSeirbia, Meitheamh 2022.
  4. Bhuaigh sí duais an phóstaeir is fearr ag an gcruinniú fócasaithe ag Cumann Micribhitheolaíochta Ollscoil Bhaile Átha Cliath (DUMS, Meitheamh 2022).
  5. Bhuaigh sí an chéad duais as caint ghearrfhoirme ag Siompóisiam bliantúil APC 2022, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. “An tionchar a imríonn nochtadh antaibheathach sa luathshaol ar mhicribhithóm putóige naíonán”.
  6. Fuair ​​sí deontas taistil EMBL chun freastal ar an gcúrsa R: Réamhrá ar Bhithfhaisnéisíocht le R agus Bithsheoltóir, a tionóladh in EMBL, Heidelberg, an Ghearmáin (Aibreán 2019)

Teideal an ghrianghraif:

I gComhaltacht tionscnaimh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach APC Microbiome Ireland (APC) de chuid SFI, soláthraítear sonraí nua maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le húsáid antaibheathach sa luathshaol, agus an éifeacht an éifeacht a bhaineann le húsáid antaibheathach i dteiripe caighdeánach seascaí in dhá cheann de chúig fhoilseachán leis an Dr Dhrati Patangia, céimí PhD de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Taighdeoir Teagasc.

Twitter

APC Microbiome Ireland @pharmabiotic

Dhrati Patangia @DhratiP

Paul Ross @ProfPaulRoss1

Fondúireacht Eolaíocht Éireann @scienceirel

Teagasc @teagasc

An Coláiste Ollscoile, Corcaigh @UCC