Is féidir le cur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’ Cultúr Sábháilteachta ar an bhFeirm a Fheabhsú
Tá cumas iontach ag an gcur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’ feabhas a chur ar ghlacadh sábháilteacht ar an bhfeirm agus cultúr na ndaoine a chónaíonn nó a oibríonn ar fheirmeacha. Is toradh tábhachtach é seo de chuid staidéir PhD le déanaí a rinne an Dr. Aswathi Surendran ag Scoil na Síceolaíochta, Ollscoil na Gaillimhe (OG). Rinneadh an Staidéar mar chuid den tionscadal taighde Sábháilteachta Iompraíochta Feirmeoirí Bí Sábháilte de chuid Teagasc, arna mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Mhínigh an Dr. Denis O’Hora, Ollscoil na Gaillimhe agus príomhmhaoirseoir an staidéir, trí dhaoine faoi oiliúint a chumasú, tá cumas ag an samhail ‘An Traenálaí a Thraenáil’ aistriú agus glacadh saineolais a mhéadú chuig níos mó daoine ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh ama agus costais de. Is féidir leis an gcur chuige seo cáilíocht an oiliúna a fheabhsú, mar caithfidh an traenálaí na dúshláin phraiticiúla an taisc a chur san áireamh agus is féidir leo obair leantach a dhéanamh tríd an traenálaí a chumasú an traenáil a ghlacadh ar bhonn leanúnach.
Dúirt an Dr. O’Hora chomh maith go bhfeabhsaíonn an cur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’ praiticiúlacht na hoiliúna, mar gheall go dtugann sé dúshlán don traenálaí bearnaí a aithint ina saineolas féin. Dúirt sé chomh maith gur fianaise atá ann don nath cainte ‘is é an bealach is fearr le foghlaim ná bheith ag múineadh’, mar foghlaimíonn traenálaithe ó a gcuid foghlaimeoirí. Spreagann an cur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’ na traenálaithe dea-chleachtas a ghlacadh iad féin chun neamhréir leis an saineolas agus na scileanna a tugadh dóibh a chosaint. Mar sin, is féidir le traenálaithe feidhmiú mar eiseamláirí d’fhoghlaimeoirí agus is féidir leo tacaíochtaí leanúnacha a chur ar fáil, agus athrú ar an gcultúr á fhorbairt mar sin.
D’admhaigh an Dr. O’Hora go bhfuil teorainneacha ag an gcur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’, mar gheall go dteastaíonn am agus fuinneamh uaidh, chomh maith le caidrimh a fhorbairt agus a choinneáil chun ligean don chur chuige seo oibriú. Chomh maith leis sin, ní mór straitéisí a chur i bhfeidhm chun dílseacht na traenála a chinntiú.
Mhínigh an Dr. Aswathi Surendran gurb í aidhm na comhpháirte ‘An Traenálaí a Thraenáil’ de chuid a taighde PhD ná saineolas, scileanna agus sócmhainní a thabhairt d’fheirmeoirí a bhaineann le fad coscánaithe feithiclí feirme agus caochspotaí tiománaithe chun daoine eile ar an bhfeirm a chur ar an eolas.
Leis na daichead bliain anuas go dtí 2023, is mar gheall ar fheithiclí feirme a tharla 44% de bhásanna ar fheirmeacha, agus luas agus radharc na bhfeithiclí mar phríomh-fhachtóir. Mar sin, tá sé ríthábhachtach saineolas feirmeoirí a fheabhsú ar na gnéithe seo d’úsáid feithiclí feirme chun leibhéil básanna ar an bhfeirm a laghdú.
Ag ceann amháin de na seisiúin traenála trialacha a bhí ar siúl mar chuid den staidéar, agus a d’fhreastail 19 feirmeoir air, bhí cleachtadh traenála ina raibh ar gach duine faoi oiliúint fad coscánaithe na feithicle feirme ag luas 7km/uaire a mheas. Mheas ochtó a ceathair faoin gcéad faoina luach agus ní ndearna aon duine rómheastachán ar an bhfad coscánaithe. Ar an iomlán, chuir an cleachtadh ina luí ar rannpháirtithe an riachtanach a bhaineann le faid choscánaithe a léiriú ar a gcuid feirmeacha, le cur síos déanta ar an gcleachtadh ag rannpháirtithe mar ‘rud a chuirfeadh rudaí ar do shúile duit’.
Maidir le caochspotaí feithiclí feirme, rinne na feirmeoirí faoi oiliúint cleachtadh i ngrúpaí de thriúr ar chaochspotaí a aithint le samhail linbh a úsáid. Ba chúis leis an gcleachtadh ‘míchreideamh’ maidir le méid agus suíomh na gcaochspotaí. Bhí eolas ardaithe ar an saincheist mar gheall air seo ón tiománaí agus ón gcoisí.
I ndiaidh na gcleachtaí a bhain le fad coscánaithe agus caochspotaí feithiclí, ghlac feirmeoirí faoi oiliúint páirt i seisiún plé treoraithe áit ar mheas siad conas is fearr oiliúint spreagtha a chur ar a bhfeirmeacha. D’aontaigh siad ‘Caomhaontú Nós Imeachta Oiliúna Deonach’ a chomhlíonadh le daoine a ghlacann páirt i dtraenáil. Tá sé deartha chun tuiscint chomhroinnte freagrachta a fháil agus cuspóirí inchaingne soiléire a leagan amach do na seisiúin traenála.
I ndiaidh an tseisiúin traenála feirmeoirí, chuir 90% (17) traenáil ina dhiaidh sin ar fáil do 2.47 duine ar an meán, lena n-áirítear oibrithe, fostaithe feirme, daoine muinteartha agus comharsana.
Dúirt an Dr. John McNamara, Saineolaí Sláinte agus Sábháilteachta Teagasc, go bhfuil os cionn 135 míle feirm a bhfuil thart ar 270,000 duine ag obair nó ina gcónaí ann, dá réir sin, tá féidearthacht mhór ann an cur chuige ‘An Traenálaí a Thraenáil’ chun cultúr na sábháilteachta ar an bhfeirm a fheabhsú.
Seimineár YouTube, ‘An Traenálaí a Thraenáil’ - Feirmeoirí a thraenáil chun traenáil a chur ar fáil i measc feirmeoirí maidir le hiompar feithiclí feirme’ a cuireadh ar fáil ag an Dr. Surendran agus is féidir rochtain a fháil air ag https://www.youtube.com/watch?v=dDWygdrQFvM
Tá físeán maidir le Sábháilteacht Feithiclí Feirme agus Caochspotaí ar fáil ag: https://www.teagasc.ie/rural-economy/farm-management/farm-health--safety/videos/
I measc na foirne maoirseachta iomláine do Staidéar PhD an Dr. Surendran, bhí: An Dr. Denis O’Hora; An Dr. Jennifer McSharry agus An Dr. Oonagh Meade, Scoil na Síceolaíochta, Ollscoile na Gaillimhe chomh maith leis an Dr. David Meredith, an Dr. John McNamara, an tUasal Francis Bligh agus Iníon Serena Gibbons, go léir as Teagasc. Ba mhaith leis an bhfoireann buíochas a ghabháil leis na feirmeoirí a ghlac páir agus as a n-ionchur leis an Staidéar seo.